AR NA SAOLTA SEO
Ar Maos i bhFuil na bhFiníní
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Síleann roinnt daoine go dtiocfadh le níos mó ná fearg a bheith ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh. Chan amháin sin, ach is cosúil dar le Robert McMillen, go mbeidh an tIRA Leanúnach ag coinneáil orthu arís i mbliana.

Bhí mé ag siúl i lár na cathrach i mBéal Feirste cúpla Satharn ó shin, sa tsráid is mó siopaí sa chathair dílseoir=loyalist">="gloss" title="while more than">le linn do chorradh le 150 dílseoir siúl i lár an bhealaigh mhóir, ag ceol an amhráin Billy Boys ina bhfuil an líne: "We’re up to our necks in Fenian blood, Surrender or you’ll die" i seanard a gcinn. (Amharc ar wikipedia le scéal suimiúil an amhráin áirithe sin a fháil.)

Tá sé dochreidte go dtarlódh a leithéid in aon áit eile ar domhan agus cead a gcos ag lucht na biogóideachta agus an tseicteachais. Bhí póilíní ann ach ní dhearna siad a dhath. Ach ar ndóigh, níorbh é sin an eachtra ba mheasa de na scliúchais a tháinig mar thoradh ar chinneadh Chomhairle Chathair Bhéal Feirste gan bratach na Breataine a bheith ar crochadh ar Halla na Cathrach ach ar laethanta réamhcheaptha. Caitheadh buama peitril isteach i gcarr póilíní ina raibh garda mná faoi ionsaí ag 12 dílseoir, nó díleasóirí? Cad é dó?

Bhí sé mar Kristallnacht eile ann, a dúirt póilín amháin agus é ag breathnú ar oifig de chuid Pháirtí an Alliance i mBéal Feirste an mhí seo caite i ndiaidh dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar oifig Naomi Long, an bhean a bhain an suíochán Westminster ó cheannaire an DUP, Peter Robinson ag an olltoghchán deireanach agus ionsaíodh foirgnimh agus bhaill eile de chuid an pháirtí le linn seachtain de racáin.

Ar an Alliance a cuireadh an locht uilig (ainneoin go raibh Sinn Féin ag iarraidh nach gcrochfaí an bhratach ar chor ar bith) ach “easy targets” a bhí i bpáirtí an Chomhaontais. Rinneadh bagairt bháis ar Naomi Long (agus ar Jim Mc Veigh ó Shinn Féin). Níos maille fuair Conall Mc Devitt ón SDLP bagairtí agus mar chúiteamh, fuair Edwin Poots, Jeffrey Donaldson agus Guy Spence ón DUP foláirimh ó phoblachtánaithe.


An Fhearg Nuair a Oireann Sí

Ar na sráideanna, bhí lár na cathrach ina chiolar ciot le driopás an tráthnóna agus daoine - mná agus páistí cuid mhór acu - ag cur bac ar dhaoine dul chun an bhaile. Briseadh isteach i gComhairle Lios na gCearrbhach agus tugadh drochíde béil do chomhairleoirí Caitliceacha, cuireadh moill ar dhaoine dul chun na hotharlainne agus chaill gnólachtaí, idir bheag agus mhor, na milliúin punt mar gheall ar an agóidíocht. Míníodh an foréigean mar léiriú feirge i measc dílseoirí ar fud an tuaiscirt, ach chonaic daoine eile lámh an UVF sa scéal agus iad ag iarraidh a neart a léiriú agus iad faoi bhrú ag an Historical Enquiries Team atá ag iniúchadh coireanna tromchúiseacha as a raibh an UVF freagrach. Chonaic daoine lámh na bpáirtithe móra aontachtacha sa scéal fosta.

Ba iad a chuir amach an 40,000 bileog mailíseacha ag maíomh gur brathadóir a bhí i Naomi Long agus go bhfuair sí féin agus a páirtí réidh leis an Union Jack, a stróiceadh ó Halla na Cathrach, ráiteas chomh cóngarach do ghríosú chun foréigin agus a dtiocfadh leat a shamhlú. Thug ceannairí na bpáirtithe aontachtacha tacaíocht do na léirsithe ar ndóigh, Robinson agus Mike Nesbitt – an ceannaire páirtí is measa dá bhfaca mé riamh agus suim agam sa pholaitíocht le 40 bliain - an bheirt ag treorú daoine ach gan compás morálta acu féin.


An ‘Grá’ Aduaidh

Is cosúil go bhfaighidh Baile Átha Cliath blaiseadh den chur chuige dílseach seo agus é fógartha go bhfuil “níos mó ná 150 dílseoir” le dul go BÁC am éigin an mhí seo le héileamh go n-ísleofaí bratach na hÉireann os cionn Teach Laighean. Tá Willie Frazer, an laoch/bómán (déan do rogha féin) a bhí taobh thiar de Love Ulster, gníomhach san eachtra seafóideach seo.

Tá súil agam féin go bhfeicfidh muid léirsithe eile de chuid na ndílseoirí ach iad ag iarraidh oideachais níos fearr, in éadan na ngiorruithe a mbeidh drochthionchair acu ar shaol na bProtastúnach is boichte, iad ag troid ar son na rudaí a sholáthróidh todhchaí níos fearr dá gcuid bpáistí. Agus i rith an ama, tá easaontóirí poblachtánacha ag éirí níos gníomhaí. Níl sé ach dhá mhí ó maraíodh an t-oifigeach príosúin, David Black, agus ag deireadh mhí na Nollag rinneadh iarracht póilín a mharú in oirthear Bhéal Feirste nuair a fágadh buama faoina charr. D’fheadfadh an buama an chlann uilig a scrios.

I mí na Nollag, thuairiscigh an Irish Independent go raibh sé beartaithe ag an Continuity IRA saighdiúir Éireannach in Arm na Breataine a mharú.
Beidh 2013 suimiúil againn, is cosúil, ach ní bheidh cuid mhór de iontach deas. Tá an DUP agus an UUP ag tochailt poll dóibh féin - an Unionist Forum, fágaim - agus gan fís ag ceachtar páirtí acu; tá an SDLP ag éirí níos neamhábhartha lá i ndiaidh lae ach an ghné is suimiúla, dar liom féin, nó cad é mar a thiocfaidh an Alliance amach as an ghéarchéim seo. Tá ardmholadh agus meas as an úr a thabhairt i measc náisiúnaithe do Naomi Long agus do David Ford as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin le linn na trioblóide. An aontóidh aontachtaithe meánaicmeacha le náisiúnaithe agus borradh a chur faoin Alliance? 

Tchifidh muid. Cibé, ní chuirfidh páirtí ar bith acu stad le hathmhúscailt pharamilitigh poblachtánacha nó leis an UVF agus an UDA. San idirlinn, go dté sibh slán agus athbhliain faoi mhaise daoibh uilig.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.