AR NA SAOLTA SEO
Mná agus Cead na Vótála
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tháinig mná aníos ar aistear fada óna sclábhaíocht ag sclábhaithe in imeacht céad bliain. Rianaíonn Robert McMillen cuid de scéal vótáil na mban.

Íomhá
Hanna Sheehy Skeffington bliain an Éirí Amach 1916
Íomhá
A dheirfiúracha
Íomhá
Monica Mc Williams
Íomhá
Mairead Corrigan Maguire

Maidin inniu, an chéad lá de Lúnasa, beidh sé céad bliain ó rinne scata sufraigéidí faoi cheannasaíocht Mrs Lilian Metge iarracht Ardeaglais Lios na gCearrbhach a phléascadh. Níl mórán daoine ar an eolas go raibh gluaiseacht cead vótála ó thuaidh agus tá níos lú a bhfuil a fhios acu gur reáchtáil siad feachtas míleata.

An t-am ba láidre é, bhailigh an ghluaiseacht mná as gach aicme tráth a raibh éiginnteacht agus corraíl ar fud na hÉireann agus d’aontaigh sé mná (ar bhealach) bíodh siad Caitliceach, Protastúnach, Náisiúnach nó Aontachtach, Poblachtánach nó Dílseachn>. Bhí mná iontacha ina measc - Hanna Sheehy Skeffington, Margaret Cousins, Elizabeth Bell, Winifred Carney, Margaret Mc Coubrey, Dorothy Evans agus go leor eile. Tá a scéalta á n-inse faoi láthair sa dráma Shreiking Sisters - coinnigh súíl amach fána choinne.

B’éigean do mhná fanacht le neamhspléachas na tíre le cead iomlán vóta a bhaint amach i 1922 ach ó shin i leith, níorbh ionann sin agus ról lárnach a bheith acu i ngnóthaí polaitíochta, i rialtas nó sna forais sin a chum na rialacha faoina mairfeadh siad. Tá sé sin fíor ach go háirithe ó thuaidh, áit a ndearnadh cúpla iarracht mná a chur i lár an aonaigh

De réir ailt ar an Belfast Telegraph, ní thabharfadh 60% de mhná an tuaiscirt vóta d’aon cheann de na páiritithe polaitíochta ó thuaidh. Is masla é sin do na páirtithe i Stormont go síleann mná nach bhfuil ceann ar bith acu ag riar mar is ceart dóibh. Tá níos mó mná sna páirtithe anois ag an leibhéal is airde - ba í Arlene Foster an Chéad Aire - ar feadh tamaill bhig ar a laghad ar bith.

Mná na Síochána

Ar an 10 Lúnasa 1976, lá deas grianmhar, bhí Anne Maguire agus a triúr páistí ag siúl ar Bhóthar Fhionnachaidh nuair a scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir. Maraíodh Lennon ar an toirt. Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo na bpáistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl, an tríú páiste, John ag fáil bháis an lá ina dhiaidh. Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne. 41 mí ina dhiaidh, chuir sí lámh lena bás féin.

As an fhearg ollmhor a d’eascair as an tubaiste, d’fhás gluaiseacht darb ainm Mná na Síochána nó The Peace Women (The Peace People níos moille.) Chonaic máithreacha ar fud an tuaiscirt uafás na tubaiste a tharla do chlann Mhig Uidhir agus bhailigh siad le chéile faoi stiúir dheirfiúr Anne Maguire, Mairéad agus Betty Williams. Bheadh Ciaran Mc Keown ar dhuine de na ceannairí níos faide anonn. Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh. An lá i ndiaidh na mbásanna, tháinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Andarsain in agóid in éadan an fhoiréigin.

Ach ní raibh gach duine chomh tógtha sin faoi Mhná/Lucht na Síochána. Rinneadh ionsaí ar mhórshiúl dá gcuid ar Bhóthar na bhFál i mí Dheireadh Fomhair na bliana sin, ach d’amharc poblachtánaithe ar an ghluaiseacht mar “fhealltóírí” agus gur fronta d’Oifig Thuaisceart Éireann a bhi iontu. Bhí fadhbanna eile acu - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht cé gur ann dó go fóill agus tá Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza faoi láthair.

I 1996, tháinig Monica Mc Williams agus Pearl Sagar le chéile le Comhlathas na mBan a bhunu mar eagraíocht a chuirfeadh dlús faoi iarrachtaí mhná an tuaiscirt sna 1990í a bheith páirteach i struchtúir a bhí ag múnlú a dtodhchaí.

Sileadh Vótaí Anonn Chuig Taobh na bhFear

In 1996, dúirt dhá dtrian de mhná gur mhian leo níos mó mná a fheiceáil i bParlaimint agus ar na comhairlí cathrach agus nach raibh na páirtithe polaitíochta ag riar doibh. Mhothaigh siad nach raibh go leor deiseanna ag mná dul isteach sa pholaitíocht. Bhí sé tábhachtach go dtiocfadh mná le chéile ag an am iontach tábhachtach seo agus na hidirbheartaíochtaí síochána a raibh George Mitchell ina bhun leis na páirtithe polaitíochta uilig. Cuireadh an Comhlathas le chéile taobh istigh de 7 sheachtaine le go mbeadh siad i dteideal seasamh do thoghchán an Fhóraim, an foras a bunaíodh mar ghléas chun theacht ar réiteach pholaitiúil i ndiaidh na sosanna cogaidh.

Fuair siad 7,731 vóta (1.3% den iomlán) ach faoin chóras a bhí i bhfeidhm, fuair siad dhá shuíochán. “Wave Goodbye Dinosaurs.” an mana a bhí acu ach níorbh fhada go rabhthar ag fágáil slán leis na mná. Cé gur éirigh leo beirt MLA a fháil tofa don Tionól in 1998, chaill siad beirt a suíochán cúig bliana níos maille. Tháinig deireadh leis in 2006.

Is mairg é ar ndóigh, mar tá neamart á dhéanamh ar na ceisteanna atá ag mná, 51% den daonra. Cé atá ag tabhairt aghaidh ar an Fhoréigean Bhaile, nó ar an fháil ar oideachas nó ar chúram leanaí?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.