AR NA SAOLTA SEO
Fágtha Tláith d’Easpa Ceannaireachta
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Éalaíonn Robert McMillen idir cleith is ursain ón ghiolcaireacht anois is arís le halt a scríobh fúthu siúd nach n-éalaíonn, daoine ar nós ‘Cúige Uladh’ sa PUP.

Íomhá
An Feisire Naomi Long, Páirtí na Comhghuaillíochta
(le Ardfern ar Vicipéid)
Íomhá
Pride of Ardoyne ag máirseáil
Íomhá
An ceannaire dílseach David Ervine, nach maireann
(le keresaspa ar Vicipéid)

Bhí gléas ag na daoine míle bliain ó shin le cuileoga a mharú. An ‘cuileafa’ a thugtaí air. (féach dil.ie sna naisc) Tá twitter mar a bheadh cuileafa, nó cuilghaiste Véineas ann. Mura bhfuil tú cúramach, thig leis breith ort, do chur faoi smacht agus ní fheicfidh tú an an domhan taobh amuigh choíche arís i ndiaidh don dorchadas teannadh isteach ort.

Is duine eolach, cliste, láidir, sofaisticiúil mé - i ngan fhios don tsaol mhór cuid mhór den am! - agus ní ligim don diabhal rud mé a cheansú. Chomh luath is a mhothaím m’intinn a shá isteach ag diabhlaíocht na 140 carachtar, scaoilim mé féin saor le hamharc ar TG4 - mura bhfuil ceol tíre air. Sin ráite, cúpla uair mhothaigh mé tarraingt an daonghaiste (human trap?) nó an daonafa agus dh’óbair nach raibh mé ábalta éalú uaidh. Is é an dream is mó a thiteann faoina dhraíocht, dílseoirí. Ag léamh a gcuid giolcanna, chuirfeadh sé gruaim ar an duine is dóchasaí amuigh.

Glac “Cúige Uladh” (ní sin a fhíorainm) mar shampla, ball den Progressive Unionist Party. Bhíodh an t-am ann agus lóchrann solais a bhí sa PUP, tráth a raibh David Ervine mar cheannaire air agus a raibh brí leis an fhocalprogressive” san am. Ach inniu, tá leithéidí “Cúige Uladh” againn. Tá “Cúige Uladh” faoi dhraíocht ag cúrsaí míleata. Is breá leis Arm na Breataine. Tá fuath aige ar phoblachtánaithe agus ina intinn, is ionann gach Caitliceach agus Poblachtach, dearcadh seafóideach a chuirfeadh alltacht ar David Ervine.

An Comhrá Trasphobail

Bhí “comhrá” agam le “Cúige Uladh” ar na mallaibh. Mhol sé ráiteas ó Naomi Long, Pháirtí an Alliance, gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall cionn is go gcuirfeadh sé isteach ar phoblachtaigh. Chuir mé in iúl dó mo bharúil go raibh polasaí ar bith a bhí bunaithe ar shadenfreude seafóideach agus contúirteach. Chuaigh rudaí ar strae ina dhiaidh sin. Nuair a tháinig giolcairí eile isteach sa scéal chuaigh rudaí in aimhréidh arís agus “Cúige Uladh” bocht ag tabhairt “béalastán poblachtach” ar an tweeter eile. Mhol mé do “Cúige Uladh” gur cheart an lámh in uachtair a fháil air le freagra cliste ar mo phointe faoin schadenfreude thuasluaite. Tost ó shin i leith.

Cad chuige a bhfuil mé á lua seo? Cionn is go léiríonn sé a laige is atá ceannaireacht don phobal aontachtach is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Cé gurb as tuaisceart Bhéal Feirste é, bhí “Cúige Uladh” go mór chun cinn le linn agóid na mbratach in oirthear na cathrach. (Creid uaim é, tá an paróisteachas thar a bheith tréan i mBéal Feirste). Ach is léir óna chuid giolcanna nach bhfuil smaoineamh dearfach ina chloigeann aige ach milleán a chur ar dhaoine eile gan tagairt ar bith a dhéanamh d’éagóracha Protastúnacha/aontachtacha/ dílseacha, do pheacaí PUL.

Ní Iamhchríoch go hIntinn Iata

Tá an ceart go hiomlán ag “Cúige Uladh” nuair a cháineann sé na daoine a rinne ionsaí ar an iamhchríoch bheag Phrotastúnach ar Bhóthar Suffolk in iarthar náisiúnaíoch Bhéal Feirste ach níor cháin sé na rácáin a bhí mar chuid d’agóidí na brataí an geimhradh seo caite. Shílfeá go raibh an chuid sin den inchinn ina gcruthaítear caoinfhulaingt ar iarraidh i bpolaiteoirí aontachtacha agus gur fearr leo an schadenfreude – áthas an dochair - ná an comhoibriú. Agus sea, tá a fhios agam go rímhaith go bhfuil sé coitianta i measc náisiúnaithe fosta, ach cad é an t-am deireanach a chuala tú polaiteoir aontachtach ag déanamh leithscéal as rud ar bith. Gusty Spence i 1994? John McCallister ar éigin i 2011? Duine ar bith eile?

Seo sampla den aigne atá ag aontachtaithe. Tá slua mór acu luaite sna nuachtáin cionn is go bhfuil siad tógtha faoi mhórshiúl Poblachtach a bheas ar siúl i gCaisleán na Deirge an mhí seo chugainn, 11 Lúnasa, agus tuigim dóibh. Rachadh an mórshiúl i gcuimhne ar bheirt bhall den IRA - a maraíodh nuair a phléasc an bhuama a bhí siad a dhéanamh - thart leis an Cenotaph agus leis an eaglais Mhodhach ar an bhaile, rud a chuireann déistin ar chuid mhór Aontachtach.

Ach tugann twitter léargais shuimiúla fosta. Chuir Squinter, colúnaí leis an Andersonstown News ceist, cad chuige a raibh na haontachtaithe seo ag gearán faoin mhórshiúl phoblachtach nuair a bhí siad ag áitiú go mbrúfaí The Pride of Ardoyne fríd Ard Eoin, buíon cheoil a thugann ómós do thriúr ball den UVF, Billy McClure, Sam Rockett agus fear a luaíodh le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, Billy Hanna?

Agus tacaíocht na bunaíochta aontachtaí acu agus spreagadh ó cheannairí pobail nach féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta, mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor. Agus iad ag bualadh na Lambegs agus ceol an Sash taobh amuigh de thithe pobail Caitliceacha, ní thabharfaidh lucht na mbuíonta faoi deara go bhfuil an córas geilleagair ar chóir dóibh bheith ag bualadh drumaí ina éadan á gcur faoi chois. Cé bheas ina slánaitheoir ar na dílseoirí seo faoi mhíbhuntáiste? Ní “Cúige Uladh.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.