AR NA SAOLTA SEO
Is Minice Deoir i ngan Fhios …
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.

Íomhá
Lethal Allies le Anne Cadwallader
Íomhá
Taobh amháin de leic chuimhneacháin Sléacht Áth Cliath
Íomhá
Roinnt de na híobartaigh a maraíodh i mbuamáil Áth Cliath in 1974
Íomhá
Ionad sladta an Miami Showband
(le Dean Molyneaux ar geograph.org.uk)

Chonaic mé seachtain mheasartha chorrach – dhá dhráma a bhain leis na Trioblóidí, Ian Cobain ón Guardian ag caint ar an chiapadh a chleacht Arm na Breataine ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, goltrón darb ainm Philomena faoi na neachtlanna Maighdilíneacha ach ba é The Conquest of Happiness, dráma bunaithe ar fhealsúnacht an tsíochánaí Bertrand Russell, agus leabhar úr ar an chlaonpháirteachas is mó a chuaigh i bhfeidhm orm.

Thosaigh The Conquest of Happiness amuigh faoin aer agus cúpla leaid sna 20í ag imirt peile. Bhí ceol aisteach sa chúlra, chonaic muid taobh istigh de theach beag coimhthíoch agus muid ag baint suilt as scileanna peile os ár gcomhair nuair a tháinig JCB de ruathair ar an láthair. Rinne na peileadóirí damhsa foréigneacha ar an tochailteoir sular thiontaigh sé ar an teach agus leag go talamh é. D’aithin muid ansin cad é bhí ar bun. Tháinig duine de na peileadóirí agus labhair linne, an lucht éisteachta, ag cáineadh rialtas na Iosraeile agus dúirt: “No state has a right to annex foreign territory but because every expansion is an experiment to discover how much more aggression the world will tolerate.

Ón scaifte, scairt fear air. “Tá sé seo fríth-Sheimíteach. Cad é faoi na Giúdaigh?” a scairt an fear. Go tobann ón láimh dheis, tháinig corradh le céad duine, iad gléasta in éide dhorcha agus thuig mé gur seo na Giúdaigh agus iad ag siúl i dtreo na seomraí gáis. Thosaigh an lucht féachana – cúpla céad duine - ag siúl ina gcuideachta, muidinne Caitlicigh, Protastúnaigh ag mórshiúl gualainn ar ghualainn leis na Giúdaigh ... go dtí go bhfaca mé meirge ar a raibh na focail Civil Rights Assocation scríofa. Ní Giúdaigh a bhí ionainn ach lucht na gCeart Sibhialta.

Bíonn an Brón Siúlach

I ndiaidh don mhórshiúl athraitheach dul isteach sa trádstóras ollmhór seo, chomh mór le páirc peile, thosaigh an scaoileadh agus aisteoirí in éide saighdiúra ag rith amach is isteach ón scaifte, scaoileadh ard bodhrach urchair le cluinstin agus teannas inár measc. Domhnach na Fola.

Ansin, d’iompaigh an láthair go dtí an tSile i 1973 agus an tArm arís ag glacadh seilbhe ar an slua ar ardán os ár gcionn. Ar thaobh na deasóige, bhí Victor Jara á chiapadh.

Sa dá uair a chloig, bhog an dráma ón Vítneam go dtí an Chambóid, Ruanda, Srebrenica. Sa mhír ar an Uileloscadh, cheol páistí ó Scoil na Croise Naofa Ode to Joy de chuid Schiller (agus cuid de 9ú Siansa Beethoven) mar chomhartha greannaithe dá ngardaí géibhinn ach d’amharc muid go héidreorach ar na páistí ag dul thart linn i leoraí oscailte a fhad leis an bhás, sceimhle ina súile agus réaltaí buí ar a gcótaí.

(Ar ndóigh, ba é scoil chailíní na Croise Naofa - an Holy Cross - a d’fhulaing an agóid uafásach dhílseach siar i 2001, mar sin bhí taithí ag an scoil ar an fhaisisteachas).

An Mheánaicme

Ach ba é an líne ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an freagra a thug saighdiúr de chuid an Khmer Rouge nuair a fiafraíodh de cad chuige ar mharaigh sé an oiread sin daoine. “Bhí siad meánaicmeach,” a dúirt sé.

Cad chuige ar chuir mé an oiread sin béime san abairt seo?
Mar ba é ceannlíne cead leathanaigh an Irish News an lá sula bhfaca mé an dráma ná “Loyalist killers ‘targeted middle-class Catholics.’

Bhí an ceannlíne ag tagairt do leabhar dar teideal Lethal Allies, ina bhfuil fianaise leagtha amach faoi chorradh le céad dúnmharú ina raibh RUC, an UDR agus/nó Arm na Breataine páirteach i gcuideachta paraimíleataigh dhílseacha. Leis an sceimhle is mó a chruthú amuigh faoin tuaith i gceantar a bhaist an tAthair Denis Faul The Murder Triangle air i Lár Uladh, anuas ar an tseicteachas, dhírigh an chomhghuaillíocht ar Chaitlicigh a bhí ag dul go maith sa saol, daoine a bheadh in ann tionchar a imirt i gceantracha Protastúnacha agus b’éigean sin a stopadh. Maitear gur dhúnghaois fuilteach é le nach mbeadh Caitlicigh in ann talamh a cheannach i gceantracha Protastúnacha.

An Rock Bar

Ó cháipéisí a d’fhoilsigh an Historical Enquiries Team (HET) a bhailigh údar Lethal Allies, Ann Cadwallader agus foireann ó Ionad Pat Finucane, an fhianaise atá curtha i dtoll a chéile acu le cuidiú na dteaghlach, lucht dlí agus iarphóilíní de chuid an RUC féin. Ar na cásanna is uafásaí sa leabhar, tá scéal an Rock Bar ar an Chéide i gContae Ard Mhacha ionsaí gunnaí agus buama a raibh baill den RUC freagrach as ar an 5 Meitheamh 1978. (Scaoileadh isteach sa bheár agus scaoil duine de na póilíní fear a thug iarraidh éalú ach ar an dea-uair, níor phléasc an buama. Bhain an drong póilíni feidhm as carr RUC le cinntiú nach raibh Arm na Breataine sa cheantar; bhain siad feidhm as raidiónna an RUC le teagmháil lena chéile agus bhí éadaí an RUC orthu faoina gcuid boiler suits.

An rud is iontaí, duine amháin acu, i ndiaidh an ionsaí a raibh sé féin freagrach as, bhí sé ar ais sa bheairic leis an scairt gutháin éigeandála a fhail! Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh! Ag seoladh an leabhair, bhris Ann Cadwallader síos agus í ag caint ar bhean a bhí chomh briste sin nuair a fuair sí amach gur scaoileadh a fear chéile gurbh éigean í a cheangal síos ar thocht san otharlann.

Má tá muid dáiríre faoin cheart, caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an chlaonpháirteachas. Caithfidh muid seasamh gualainn ar ghualainn le chéile in éadan ollsmacht bíodh sé sa tSile, i Ruanda, sa Rúis nó in áit ar bith eile ar domhan.

Ná bacaimis le reductio ad Hitlerium, an ‘What about the IRA?’ Tá agus beidh neart ama fána choinne sin ach ná druidimis ar súile d’fhaillí an Stáit ach oiread. Níl an aimsir a caitheadh inathraithe anois, - ní hionann is an todhchaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.