
Níor sileadh deoir in achan áit i Sasana ar bhás Margaret Thatcher, ba léir. Chonaic Tony Birtill cóisir bheag a d’eagraigh dream daoine ar ghort an bhaile aige féin.
»»»Bíonn a místuaim féin ag baint le háiseanna iontacha ár linne dar le Tony Birtill, agus tá an ceamara cinn san áireamh sin dar leis.
»»»Bhí Tony Birtill i láthair ag seoladh tuarascála. Míníodh i dtuarascáil Hickman nach seicteachas ach ciníochas ba bhonn le hionsaithe ar mhórshiúlta Gael i Learpholl 2012-13.
»»»Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár. Chonaic Tony Birtill Nollaig bhog a d’fhág ‘an reilig mhéith’ agus méala ar na Gaeil i Learpholl.
»»»Tá fios an scéil faoi Big Jim Larking i Learpholl ag Tony Birtill, mar bhí sé féin gníomhach i gcaomhnú an eolais faoi agus i gcrochadh leice ina chuimhne fosta.
»»»Chonaic Tony Birtill Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigín agus a bhean Sabina nuair a thug siad cuairt ar Learpholl an mhí seo caite. Beidh cuimhneamh i measc na ndaoine ar an chuairt sin.
»»»Bhí Tony Birtill ag taispeántas grianghraf i Learpholl a thug léargas ar an troid in aghaidh an Ghinearáil Franco breis is trí scór bliain ó shin. Bhí teannas go leor le brath le linn mórshiúil ag an am céanna.
»»»Thug Tony Birtill a thicéad do Hillsborough dá dheartháir. Eisíodh tuarascáil thábhachtach an mhí seo caite a bhain leis an bhás go léir in Hillsborough agus le fulaingt lucht inste scéil a d’éalaigh as an tubaiste ar rian a reatha ar éigean.
»»»Bhí eagla ar Tony Birtill go síobfaí an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar den aill os comhair a dhá shúil ar chósta Dhún na nGall an mhí seo caite.
»»»Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint mar ghné tharraingteach don turasóireacht agus gan srian ná smacht a chur air a deir Tony Birtill.
»»»Is scáthán den saol é an dráma láidir, The Matchbox, a léirigh Frank Mc Guinness den chéad uair an mhí seo caite. Bhí Tony Birtill ann agus thug sé taitneamh dó.
»»»Bhí Tony Birtill i láthair ag cainteanna a thug Fergal Keane agus Tom Hartley in Ollscoil Learphoill an mhí seo caite.
»»»Bhuail Tony Birtill le himreoir óg sacair as Contae na Mí a bhfuil gealladh faoi agus atá faoi oiliúint ag Blackburn Rovers i Sasana le bliain.
»»»Mothaíonn Tony Birtill go bhfuil an nimh san fheoil don Éireannach i dtólamh i gCathair Learphoill, ní a bhí le brath ann ar mhórshiúl Lá Fhéile Phádraig.
»»»Is údar aiféala le Tony Birtill é gur thit saothar L. S. Lowry ó mheas ach is maith leis go bhfuil Gaeil Shasana eile ag teacht faoi mheas ina áit.
»»»Beidh deis ag lucht iomraimh gabháil ar bord longbhád Lochlannach ar an Life agus in ionaid go leor eile an bhliain seo chugainn. Tá roinnt sonraí ag Tony Birtill.
»»»Cíorann Tony Birtill cúlra gaelach fear de na Ciaróga, Paul Mc Cartney, san alt seo.
»»»Ní mó ná sásta a bhí Tony Birtill le dearcadh ar logainmneacha Gaeilge a nochtadh le linn cúrsa i nGarbhchríocha na hAlban.
»»»Bhí Tony Birtill ag caitheamh súil siar na blianta ar Learpholl an Drochshaoil nuair a chas an t-iriseoir teilifíse, Donal Mac Intyre, air ar na mallaibh.
»»»Is ag treisiú atá an míshásamh a chuir tús le hagóidí agus le creach siopaí i Sasana, de réir tuairisc Tony Birtill. Ar dhroim an dochair, tá an bhris le breith isteach agus tá costais charchrach le híoc ag an cháiníocóir.
»»»Bhí Tony Birtill ag machnamh ar an mbaint atá ag an ealaíon le gnóthaí muirthéachta, gaol a bhí feiceálach i Learpholl céad bliain ó shin.
»»»Níl cuma ná caoi ar chur chuige fhorbairt áiseanna Shliabh a Liag agus is é tuairim Tony Birtill go bhfuil dochar déanta do cheann de phríomhspriocanna turasóireachta na tíre.
»»»Tá muintir Learphoill ag cur lena gcuid eolais orthu siúd dá sinsear a thaistil go hÉireann ina ‘n-óglaigh armtha ag teacht thar sáile’ mar chuid de Éirí Amach na Cásca nach mór céad bliain ó shin. Bhí Tony Birtill i láthair ag cruinniú den Choiste Cuimhneacháin.
»»»Is ionadh le Tony Birtill go maraítear daoine neamhurchóideacha 30 bliain i ndiaidh marú Kevin Gately i lár Londain. Níor theastaigh ó Ian Tomlinson ach siúl abhaile. Mharaigh póilín é earrach na bliana 2009.
»»»Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill. An cuma le cách an méid sin?
»»»Chuaigh Tony Birtill ar turas bliantúil Chumann na Téide Deirge, an scaifte dreapadóirí, in Albain i mí Feabhra. Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
»»»Rianaíonn Tony Birtill scéal an ealaíontóra David Jacques san alt seo. Is fear é Jacques a spreagadh i mbun na healaíne as leabhar Robert Noonan a léamh agus as saothar Diego Rivera a fheiceáil.
»»»Shásaigh lá siúlóide ar an Ribble Way Tony Birtill go mór. Mura dtáinig sé ar aon phóta óir ann, tháinig sé ar shaibhreas go leor de chineál eile, ag blaiseadh na staire in éineacht le lá folláin faoin aer úr aige.
»»»Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal ‘Irish’ le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?
»»»Chaith Tony Birtill roinnt ama ag póirseáil trí thaispeántais in Iarsmalann Mara Merseyside, rud a tharraing a aird ar an Mol Theas. Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.