Is fánach an áit a bhfaighfeá fear Gaelainne. Tháinig Tony Birtill ar ‘ghliomach’ amháin trí leabhar treorach a cheannaigh sé i gCeantar na Lochanna, i dtuaisceart Shasana.
Chuaigh mé suas Helvellyn (949 méadar) sna Sléibhte Cuimbriacha, nó ‘Ceantar na Lochanna’ le scaifte ar na mallaibh. Thosaigh muid i sráidbhaile Patterdale agus chuaigh muid trasna Striding Edge chun an barr a bhaint amach. Droim sléibhe ard, cúng atá i Striding Edge, agus os rud é go dtéann na mílte de lucht siúl sléibhe an treo sin, bíonn timpistí air go rialta. http://www.youtube.com/watch?v=gHZvbluadIQ
Chuaigh muid síos Swirral Edge ansin agus ar ais go Patterdale, atá ainmnithe in ómós do Naomh Pádraig. Deirtear gur bhaist Pádraig daoine ansin (Lake District) agus St Patrick’s an t-ainm atá ar theampall an tsráidbhaile. Tá Tobar Phádraig ann fosta, agus tá St Patrick’s Landing Stage ar Ullswater.
An Rud is Annamh ...
Ar nós go leor logainmneacha sa taobh sin, is ainm Cymbruise é Helvellyn (hoel felen? .i. an bóthar buí, nó hal felen .i. an mhóin bhuí) agus bhíog mé nuair a chonaic mé leabhar sa siopa áitiúil ‘15 Walks from Patterdale and Ullswater’ le Paul Buttle. Bhí ar an chlúdach: ‘Published by Amadorn’, agus bhí an méid seo sa réamhrá:
‘Tá an gleann atá i lár na siúlóidí, ar a bhfuil cur síos sa leabhar seo, ainmnithe i ndiaidh an dea-dhuine sin, Naomh Pádraig. Nach maith an ceart dom an t-eolas seo a thabhairt sa teanga seo?”
Anois ‘céard déarfá le Patterdale is gan ann ach baile beag’! Bhí seoladh sa bhaile mór áitiúil Keswick ag ‘Amadorn’ agus tar éis dom an Ghaeilge thuas a léamh, bhí orm scairt a chur air chun a fháil amach cén fáth an raibh “an teanga seo” i dtreoirleabhar i Sasana.
“Is mise Amadorn,” a d’admhaigh an t-údar Paul Buttle nuair a labhair mé leis faoi. Mhínigh sé dom gur rugadh i gCoventry é, ach tá sé ina chónaí i gCeantar na Lochanna ón bhliain 1971 i leith. Ba as Cathair Chorcaí a mháthair agus tá 10 leabhrán eolais foilsithe aige, le cúpla focal Gaeilge iontu uilig. “Cén fáth?” a d’fhiafraigh mé de. Rinne sé gáire agus dúirt:
“Is maith liom an teanga. Is féidir liom beagáinín Gaeilge a labhairt. Éistim leis an gclár ‘An Saol ó Dheas’ ar Raidió na Gaeltachta ar mo ríomhaire agus caithim súil ar www.beo.ie anois is arís. Is maith liom Gaeilge a chur os comhair an tsaoil i Sasana. Feicim sleachta beaga Francise go minic i leabhair, gan aon leagan Béarla in aice leis. Mar sin, déanaim an rud ceannann céanna le Gaeilge. Cuid den am, bím ag magadh; mar shampla, is maith liom an dóigh go gceannaíonn daoine sa tír seo leabhair atá foilsithe ag amadán!”
Corca Dhuibhne
D’fhoghlaim Paul focal nó dhó óna mháthair, ach 25 bliana ó shin rinne sé suas a intinn ‘an Ghaelainn’ a fhoghlaim i gceart. Mar sin, chrom sé chun oibre agus chuir sé litir chuig Oifig an Phoist i mBaile an Fheiritéaraigh, Corca Dhuibhne, ag lorg lóistín le teaghlach a mbeadh Gaelainn acu. D’ársaigh sé mar a d’éirigh leis.
“Fuair mé litir ar ais ó Phádraig Ó Cíobháin sa Ghráig agus chuir siad fáilte romham ansin. Thaitin an áit go mór liom. Bím ar ais ansin go rialta anois. Bhí mé ansin i mbliana agus rinne mé cúrsa le Oidreacht Chorca Dhuibhne anuraidh freisin. Is scríbhneoir é féin, Pádraig Ó Cíobháin, agus cé go bhfuil sé ina chónaí i nGaillimh anois tá a dheirfiúr Joan ina cónaí i gCorca Dhuibhne go fóill agus mar sin fanaim leis an dteaghlach sin agus nuair a théim siar Corca Dhuibhne.”
Thug mé faoi deara gur gabhadh buíochas le Pádraig Ó Cíobháin sa leabhrán eolais a cheannaigh mé féin, ach bhí iontas orm a chloisteáil ó Paul Buttle gurb é an scríbhneoir cáiliúil, údar an iliomad leabhar ar nós ‘An Grá Faoi Cheilt’ (Coiscéim 1992) atá i gceist. Tháinig a ochtú úrscéal, ‘Ré an Charbaid’ amach i 2003. Ní raibh fhios agam go raibh tionchar ag an gCiarraíoch ó cheantar Dhún Chaoin ar Ghleann Phádraig i gCumbria.
Gaelainn Keswick
Ach, an mbíonn mórán deise ag Paul a chuid Gaeilge a labhairt i gKeswick? “Tá aithne agam ar Ghaeilgeoir amháin eile sa bhaile, fear as Tiobraid Árann. Bíonn sé sásta labhairt liom as Gaeilge nuair a casaimid le chéile ar an tsráid,” dúirt sé liom. Cé go bhfuil a leathrúitín ag goilliúint ar Paul sa lá atá inniu ann, bíonn sé amuigh ar na cnoic go minic. “Is fearr liom siúil im’ aonar, ag mo luas féin. Feiceann tú agus cluineann tú níos mó rudaí mar sin, rudaí atá tábhachtach do scríbhneoir, ” arsa seisean.
Tá cúig leabhar dá chuid i gcló aige cheana féin, agus rinneadh athchló ar an chéad cheann “12 Best Walks in the Lake District” anuraidh.
“An í an Ghaelainn atá iontu an ‘pointe díola uathúil’ atá acu?” d’fraighfraigh mé de.
“Ní fheadar. Ach tá mé in ann an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail,” ar seisean.
Bhí sé go hiontach a bheith a labhairt le cnocadóir atá chomh mórtasach as Gaelainn agus as an gceangal Ceilteach atá ag a cheantar féin i Sasana. A mhalairt ar fad atá sa leabhar Hill Walkers Donegal, mo léan. De réir na teoirice Éireannaí ar ndóigh, níl sa Ghaeilg ach am amú!