AR NA SAOLTA SEO
Éire Aontaithe: an dTarlóidh sé Choíche ?
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí Tony Birtill i láthair ag cainteanna a thug Fergal Keane agus Tom Hartley in Ollscoil Learphoill an mhí seo caite.

Íomhá
Muintir Keane ag Sony Awards 09
(le Radio Today UK ar Picasaweb)
Íomhá
An tOllamh Marianne Elliott
Íomhá
Séamas Ó Conghaile, seal ar Bhóthar na bhFál

Sin an t-ábhar a bhí faoi caibidil ag cruinniú poiblí i Roinn Léinn na hÉireann, Ollscoil Learphoill, i Mí Bealtaine.

Ba léir go raibh a lán suime ag muintir na háite san ábhar, mar bhí orm ticéad a fháil don chruinniú roimh ré agus bhí an halla mór lán go doras. Mhínigh an tOllamh Marianne Elliot don lucht éisteachta gur smaoineamh de chuid Fergal Keane a bhí san imeacht nuair a thug an bronnadh céim oinigh ar an iriseoir iomráiteach ar na mallaibh. “Le deireadh na trioblóidí sa Tuaisceart, is féidir linn an t-ábhar a chíoradh ar mhodh nach bhfuil chomh teasaí ná chomh contúirteach,” a dúirt sí linn.

“Is cuspóir uasal agus dlisteanach é, Éire aontaithe agus is dócha go dtarlóidh sé i rith mo shaoil féin,” a mhaígh Fergal Keane. Ach bhí níos mó ná an teorainn i gceist nuair a labhair sé faoi Éirinn aontaithe, mar a mhínigh sé dúinn: bhí seisean ag iarraidh tuiscint a chruthú idir na daoine ar oileán na hÉireann.

“Níl mórán seans go mbeidh Éire aontaithe ann mar shlánaonad polaitiúil - ní bheadh na haontachtaithe sásta vótáil ar son a leithéid,” a dúirt sé, ach mhothaigh sé go dtiocfaidh tuiscint idir na daoine de réir a chéile. Bhí ról láidir don oideachas sa scéal seo agus mhol sé cúrsa i stair na hÉireann uile do scoileanna ó thuaidh is ó dheas.

Teorainn i ngan a Fhios

D’oibrigh sé mar iriseoir sa Tuaisceart sna 1980s nuair a bhí sé ina chónaí ansin agus ina dhiaidh sin mar chomhfhreagraí cogaidh leis an BBC ar fud an domhain. Níor aontaigh sé mar sin le ceannairí Fhianna Fáil agus Fine Gael nuair a dúirt siad go raibh difear mór idir Éamonn De Valera agus Mícheál Ó Coileáin agus an tIRA deireanach. “Níl a leithéid de rud agus cogadh glan,” dúirt sé. D’inis sé dúinn gur thróid a sheanathair/mháthair i dtreallchogaíocht in aghaidh arm Shasana i gCiarraí agus gur tugadh ‘Fergal’ air in ómós do Fearghal Ó hAnluain.

Thuig sé gur mhothaigh daoine sa Tuaisceart gur thréig an Deisceart iad. De réir Stephen Collins, eagarthóir polaitiúil an Irish Times, bhí "partitionist mindset" sa Deisceart go fóill, cé gur nocht pobalbhreith a rinne an nuachtán le déanaí go raibh dóchas ag 68 faoin gcéad den phobal ansin go mbeadh Éire aontaithe ann. Ach dúirt sé fosta go raibh a lán comharthaí den chríochdheighilt ag dul ar ceal: “Níl aon bhac ort anois ag dul trasna na teorann. Tá an tiomáint ó Chontae an Chabháin go Contae Fhear Manach díreach mar atá an tiomáint ó Contae na hIarmhí go Contae an Longfoirt,” dúirt sé linn.

Leas Dílsithe

D’aontaigh Tom Hartley, iar-Ard-Mhéara Bhéal Feirste de chuid Sinn Féin, leis go raibh athrú le feiceáil, sa Tuaisceart féin agus idir an Tuaisceart agus an Deisceart, ach go raibh slánaonad polaitiúil ar leith ag an bheirt acu go fóill. “Tá leas dílsithe sna hÚdaráis ar dhá thaobh na teorann” a dúirt sé.

Dúirt sé go dtuigtear níos fearr ó thuaidh ná ó dheas go bhfuil an deighilt costasach agus nach bhfuil sé ciallmhar dhá chineál bonneagair éagsúla ar oileán beag le daonra sé mhilliún. “Geilleagar uile-Éireann, sin an tslí chun tosaigh,” a dhearbhaigh sé agus thug sé an dul chun cinn atá déanta ag eagraíochtaí trasteorann ar nós Tourism Ireland mar dea-shampla den obair seo. “Tá tionchar na Dála ag dul i méid ó thuaidh,” a dúirt sé agus dá bhrí sin, tá an deighilt ag creimeadh de réir a cheile. Ach ba mhaith leis níos mó dul chun cinn a fheiceáil: “Ba chóir don rialtas i mBaile Átha Cliath na forais stáit a oscailt do na daoine, do mhuintir na Sé Chontae,” dúirt sé.

Mhínigh Tom Hartley dúinn gur rugadh agus gur tógadh é ar Bhóthar na bhFal i mBéal Feirste, áit ina bhfuil Sinn Féin ar an pháirtí pholaitiúil is mó i halla na cathrach.

Mar freagra ar dhaoine a bhfuil an "partitionist mindset" acu, atá den tuairim nach fiorchuid den Phoblacht é, na Sé Chontae, dúirt sé go raibh Béal Feirste i gcónaí chun tosaigh sa ghluaiseacht phoblachtach in Éirinn, ó ré na nÉireannach Aontaithe ar Binn Madigan i 1791, go Séamas Ó Conghaile ina chónai ar Bóthar na bhFál agus an Béal Feirsteach Úna Ní Chearnaigh a throid in Ard-Oifig an Phoist i 1916. “Snáth buanseasmhach,” a thug sé air. Chríochnaigh sé le sliocht ó Parnell: “nach raibh cead ag duine ar bith, bac a chuir roimh dhul chun cinn náisiún.”

Bhí díospóireacht bhríomhar sa halla tar éis na n-aoíchainteoirí, agus cén fáth nach mbeadh, mar is dream eile iad a bhí tréigthe ag Rialtas Bhaile Átha Cliath anuas na blianta: na mílte a líon an bád bán le dul thar lear d’fhonn post a fháil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.