AR NA SAOLTA SEO
Drochbhéim Primetime
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá daoine ag dul amú agus solas acu. Molann Tony Birtill san alt seo athrú dearcaidh agus cur chuige gnó nach gcosnódh a dhath sa bhreis, ach a chnuasódh saibhreas céadach i saol na turasóireachta.

Íomhá
Ag amharc as iarthar Shligigh ar Shliabh a Liag i dTír Chonaill lá geimhridh
Íomhá
Sliabh a Liag, áit a tharraingeos na sluaite
Íomhá
An Trá Bhán ag Malainn Bhig ag amharc ar Mhaigh Eo ó dheas
Íomhá
Cóiriú roimh an bhiaiste turasóireachta
Íomhá
An Trá Bhán

Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ Primetime ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre!

D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille [amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis] ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann. Ní fhaca mo bhaicle bheag siúlóirí duine ar bith eile ar na cnoic an chuid is mó den am. Casadh beirt nó triúr linn ar Shliabh a Liag, an cnoc is airde sa cheantar, ach diomaite díofa sin, is linn féin a bhí muid. “Cén fáth an bhfuil tú ag gearán?”, cloisim do cheist. Más ea, tá turasóireacht riachtanach don gheilleagar áitiúil i dTír Conaill agus muna bhfuil na cuairteoirí ag teacht, tá an geilleagar thíos leis.

Turasóireacht na Tuaithe Tite go Dona

Tá an fhianaise le feiceáil sa phobal seo. Nuair a shiúlaimid ó Bhunglas go barr Shliabh a Liag (595 méadar in airde) leanaimid ar aghaidh go Málainn Bhig, sráidbhaile slachtmhar os cionn trá álainn - An Trá Bhán. Dúnadh an síopa sa tsráidbhaile i mbliana agus Bialann na Trá Báine cúpla bliain ó shin. Ba ghnách linn pionta a ól sa teach sin ag deireadh na siúlóide is deise in Éirinn, deirtear [Amharc an nasc Fáilte Uí Cheallaigh ar dheis]. Trí chiliméadar ó thuaidh, tá an t-óstán i Málainn Mhóir dúnta agus sa chéad sráidbhaile eile, Caiseal, tá an teach tábhairne cáiliúil Tigh Bhidí dúnta fosta.

Turasóireacht, feirmeoireacht, iascaireacht: is cuid de gheilleagar na tuaithe achan cheann acu. Gan na turasóirí, ní féidir le cuid mhaith gnóthaí faoin tuaith maireachtáil agus má dhúnann siad, caithfidh muintir na háite dul chuig mórbhailte le haghaidh breosla, earraí grósaera, pionta agus comhluadar. An feirmeoir agus an mac is sine, is féidir leosan maireachtáil sa bhaile ar an fheirm, ach tá easpa deiseanna fostaíochta ann do dhaoine eile, go mór mór na mná. A mhalairt ar fad atá i gceist i gcás na n-óstán, na mbialann agus na turasóireachta i gcoitinne. Déanann a lán feirmeoirí airgead as lóistín do thurasóirí, ach baineann gach feirmeoir leas as turasóireacht tríd na síopaí agus trí ghnóthaí eile faoin tuath a bheadh dúnta murach na turasóirí.

Ní scéal casta é seo, níl ann ach tuiscint ar ghnó - agus sin an fáth go raibh díoma orm leis an chlár Primetime sin. Nuair a bhí Eddie Downey ón IFA ag caint, shílfeá gur naimhde iad, turasóirí faoin tuaith! Níl aon saoirse fánaíochta ar thalamh ard in Éirinn mar atá i dtíortha eile, agus is léir go bhfuil daoine mar Eddie Downey tiomanta rudaí a choinneáil mar seo, cé go bhfuil sé ag déanamh dochair dóibh féin agus don tír trí chéile.

Bhí an ceart ag Helen Lawless ó Mountaineering Ireland nuair a dúirt sí ar an chlár chéanna go gcuireann formhór na bhfeirmeoirí fáilte roimh shiúlóirí, ach dúirt sí fosta: “The lack of clarity about access rights is a difficulty, particularly for visitors”.

Ní thógann sé ach feirmeoir amháin a bheith doicheallach do chuairteóirí agus tá dochar déanta don gheilleagar áitiúil. Le fóram comhrá, giolcaireachta agus mar sin de, scaipfear an scéal ar fud an domhain go tapa agus ní thiocfaidh na turasóirí mar gheall air.

Dhá Cheist Shimplí

Dhá cheist neamhchasa i gcúrsaí gnó is ea, cá bhfuil do chuid custaiméirí agus cá bhfuil an iomaíocht? Más ea, tá 60 milliún duine sa Bhreatain, roinnt de bhunadh na hÉireann ina measc agus suim sa tír chéanna féin acu. Ach leis an drochphoiblíocht le cúpla bliain anuas faoi easpa cead slí in Éirinn, tá drogall anois ar shiúlóirí sa Bhreatain airgead a chaitheamh ar thuras go hÉirinn, tír nach mbraitheann siad fáilte ann rompu. A mhalairt ar fad atá in Albain: mar a deir muintir Visit Scotland.com faoin Acht um Leasuithe Talún 2003: “Potentially gives Scotland the best framework for access in Europe.

suíomh idirlín Visit Wales.com ar an téad chéanna le béim mhór ar shiúl sléibhe agus ar an chosán chósta atá acu anois, Llwybr Arfordir Cymru. Seo an chéad tír ar an domhan le cosán ag dul thart a cósta iomlán. Déanann siad amhlaidh ar son an gheilleagair iomláin: sa ráig fhorleata den ghalar crúb is béal sa Bhreatain i 2001, £1 billiún a chosain sé ar an talmhaíocht, ach £4 billiún an costas a cailleadh i réimse na turasóireachta. Comharthaíonn an méid sin go bhfuil an turasóireacht níos tábhachtaí ná an fheirmeoireacht.

Is léir ón suíomh idirlín ag Visit Ireland.com go bhfuil siadsan ag seachaint na ceiste seo: cuireann siadsan béim ar Slí an Atlantaigh Fhiáin - is é sin, do charr a thiomáint thart ar an chósta! Thiocfadh le siúlóirí sléibhe borradh a chur faoi gheilleagar turasóireachta na tíre go tapa. Is é an rud atá de dhíth, go práinneach, ná reachtaíocht shimplí, shoiléir (cosúil le hAlbain) chun cearta fánaíochta a thabhairt do dhaoine sa tír seo. Bainfidh gach duine faoin tuaith leas agus tairbhe as.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.