AR NA SAOLTA SEO
Darach Ó Leannacháin
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhuail Tony Birtill le himreoir óg sacair as Contae na Mí a bhfuil gealladh faoi agus atá faoi oiliúint ag Blackburn Rovers i Sasana le bliain.

Íomhá
Darach Ó Leannacháin
Íomhá
Ardán Iain Mac a' tSiúlaich, Blackburn
(le Old El Paso, Vicipéid)
Íomhá
Damien Duff in aghaidh na Seirbe
(le Gordon Flood.com ar Flickr)

Is aisling ag na mílte déagóirí in Éirinn a bheith earcaithe le foireann sacair i bpríomhshraith Shasana. Labhair mé le hÉireannach óg atá ag caitheamh an tsaoil amhlaidh, nó ag ‘beochan na brionglóide’ mar is nós le daoine a rá. Is as Dún Búinne, Co. na Mí é Darach Ó Leannacháin, ach tá sé ina chónaí i Lancashire anois, áit a bhfuil sé ag freastal ar Acadamh Blackburn Rovers agus ag staidéar go dian don Ardteistméireacht ag an am céanna.

“Conas a tharla an t-athrú seo i do shaol?” d’fhiafraigh mé de nuair a bhuail mé leis ar na mallaibh.

“Chonaic scabhta mé anuraidh nuair a bhí mé ag imirt sacair i mBaile Átha Cliath le Belvedere, agus d’iarr sé orm teacht go Blackburn,” a d’fhreagair sé.

Os rud é go raibh sé faoí 18 bliana d’aois go fóill, tháinig a thuismitheoirí in éineacht leis agus shínigh siad, agus Darach é féin, conradh dhá bhliain le Blackburn Rovers i Mí Áibréan 2011. Bhog sé go Sasana ag deireadh Mí Meithimh agus thosaigh sé ag traenáil san Acadamh, atá sé mhíle ón baile mór, i sráidbhaile darb ainm Brockhall.

Saol Sách Crua

Admhaíonn sé go raibh sé deacair ar dtús:

“Bíonn muid ag treanáil cúig lá sa tseachtain agus imríonn muid cluichí chomh maith.Ghortaigh mé mo dhroim tar éis cúig seachtaine agus, dá bhrí sin, ní raibh mé in innimh cluiche a imirt ar feadh ocht mí. Ach cuireadh cóir leighis iontach orm agus chuir an club comhairle orm agus tá mé i gceart anois,” dúirt sé liom.

Bhí Darach 18 bliana d’aois i Mí Márta i mbliana agus is é an duine is óige de chúigear duine clainne. Is tiománaí tacsaí a athair Pádraig agus bean a tí a mháthair Bernadette. An raibh sé deacair air a theaghlach agus a bhaile a fhágáil ina dhiaidh?”

“Bhí sé deacair, mar cronaím mo chairde agus an teaghlach, ach le Skype agus Facebook bím i dteagmáil leo i gcónaí,” a d’inis sé dom.

Agus cad é faoina scoil, Coláiste Naomh Peadar i gContae na Mí?

“Labhair Blackburn Rovers leis an leas-phríomhoide ansin agus mhínigh siad di faoin chóras oideachais atá acu anseo san acadamh. Bhí sí sásta le sin agus fuair mé cead teacht anseo.”

Imríonn Darach i lár páirce le Rovers. An raibh suim aige i sacar agus i spórt i gcónaí?

“Bhí. D’imir mé peil agus sacar le Dún Búinne ó bhí mé 6 bliana agus sacar le Belvedere ó 10 bliana. Bhí mé ar fhoireann sacair na hÉireann faoí 16 bliana agus 17 bliana. Tá mé ar an fhoireann faoí 18 bliana anois ach níor imir mé leo i mbliana mar bhí mé gortaithe.”

Gairm an Imreora

Tá beirt Éireannaigh eile ann: Anthony O Connor agus John O Sullivan. Tá Darach ar fhoireann chúltaca Blackburn agus mar sin bíonn sé ag traenáil leo chomh maith leis dream óg an acadaimh. Tá cuid mhaith den tír feicthe aige faoin am seo agus é ag taisteal ar fud Sasana le Blackburn Rovers. “Is minic go mbím thar lear freisin le Éirinn, in áiteanna mar An Iodáil, Iosrael, An Ungáir agus Málta.”

An bhfuil aon comhairle ag Darach d’imreoirí óga in Éirinn, ó thaobh traenála, aiste bia, dearcaidh agus mar sin de?

Déarfainn measaracht a dhéanamh ar rudaí (bia) – gan foracan a ithe. Níl sé ró-olc bia Mhic Dhomhnaill a ithe anois is aris. Ó thaobh traenála de, déan do dhícheall i gcónaí agus creid ionat féin go mbainfidh tú amach an ní is cuspóir duit.”

Tacadóir de chuid Manchester United is ea Darach agus tá sé mar aisling aige briseadh isteach ar an chéad fhoireann ag Blackburn Rovers agus ansin áit a fháil leis na Diabhail Dearga. Labhair mé leis tar éis an chluiche in aghaidh Manchain Aontaithe ag Ewood Park, nuair a chaill Rovers 0-2 agus thit siad isteach sa limistéar baolach, is é sin i measc ceithre fhoireann bun na sraithe.

Bhí díomá orm gur chaill Blackburn Rovers mar imrím leo anois agus b’fhearr liom bua a bheith acu,” dúirt sé liom.

Tacaíocht Anall

Ócáid ar leith a bhí ann do Dhara mar tháinig a athair agus beirt deartháireacha anall as Éirinn chun an cluiche agus é féin a fheiceáil. Ar ndóigh, tá siad ag súil go mór leis an lá nuair a bheas siad ag amharc ar Dhara féin ag imirt ar Ewood Park.

Ní hé Darach an chéad Éireannach a tharla seo dó, ár ndóigh. Tá grianghraf de Damien Duff ar an bhalla an acadaimh mar tháinig seisean go dtí an áit i 1996 agus é 17 bliana d’aois fosta. Is as Baile Buadáin, Co. Bhaile Átha Cliath é Damien agus d’imir sé sacar leis an chlub áitiúil ansin, Ceiltigh Laighean, Ráth Fearnáin.

Rinne sé a début le Blackburn Rovers in aghaidh Leicester City i gcluiche deiridh na bliana 1996-97 agus fuair sé an gradam ‘imreoir is fearr an chluiche.’

D’imir sé le hÉirinn i gCorn an Domhain i 2002 agus ansin d’ioc Chelsea £17m chun é a mhealladh go Londain. Rinne sé go maith faoi Claudio Ranieri agus ansin José Mourinho ach bhog sé go Newcastle United i 2006 agus ansin go Fulham arú anuraidh, 2010, áit a bhfuil conradh aige go dtí 2013. Sin conair mhaith gearrtha roimhe le leanúint ag Dara!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.