Níl an tsíocháin ó thuaidh chomh daingnithe slán is ba chóir faoin am seo dar le roinnt cainteoirí a labhair ag cruinniú i Learpholl le déanaí. Bhí Tony Birtill ag éisteacht leo.
Cúig bliana déag tar éis Comhaontú Aoine an Chéasta, cá bhfuil muid? Dob é sin an cheist a bhí faoi chaibidil ag cruinniú poiblí i Learpholl an mhí seo chuaigh thart (18/6/13) a d’eagraigh Cairde na hÉireann. Dúirt Neil Doolin ó na Cairde linn go raibh saol na n-Éireannach i Sasana níos fusa ó síníodh an comhaontú i 1998. Bhí sé ‘cool’ a bheith i d’Éireannach tráth - ach le cúpla bliain anuas tá brú ar na hÉireannaigh aris i Learpholl, le dílseoirí agus lucht faisisteach ag ionsaí mórshiúlta Éireannach.
Labhair Nick Taylor, Príomhfheidhmeannach an Tim Parry/Jonathan Ball Foundation for Peace i Warrington. (FPW) Bunaíodh an eagraíocht seo tar éis buamaí an IRA i 1993 a mharaigh an bheirt pháiste. D’inis sé don lucht éisteachta go gcothaíonn FPW malairtí do chaismirt foréigneach ar fud an domhain: san Afraic, sa tSiria, gach áit a bhfuil gá leis:
“We believe that there is an alternative to violent conflict. We are independent, non-politically aligned and not faith-based. Stopping violent conflict and building peace is our role.”
Níl Aon Dul Siar
Tá Nick Taylor den tuairim nach bhfuil aon bhealach ar ais ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, cé go raibh sé deacair i mbliana leis na hagóidí faoin bhrat an aontais i mBéal Feirste: “They cost the economy millions. We just can’t afford it.”
Labhair Francie Molloy atá ina fheisire ag Sinn Féin in Ulaidh Láir. Thug sé cur síos ar an am a chaith sé i nGluaiseacht Cearta Sibhialtachta Thuaisceart Éireann agus sna Clubanna Poblachtacha. Mhaigh sé go bhfuil MLAs de chuid Sinn Féin ina nguth do fhíorphoblachtánachas sa Tuaisceart sa lá atá inniu ann. Ghabh sé buíochas leis na hÉireannaigh sa Bhreatain as a gcuidiú chun é sin a chur i gcrích. “Thug bhur dtacaíocht misneach dúinn sa Tuaisceart,” dúirt sé linn.
Cé go bhfuil an-dul chun cinn déanta sa Tuaisceart, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an dá rialtas ag leanúint leis an phróiseas mar a bhí beartaithe, agus thug sé dhá shampla dúinn: níl aon Acht na dTeanga ann go fóill, mar a bhí socraithe ag an Comhaontú Chill Rìmhinn agus mar sin tá a lán daoine ann nach bhfuil ag fáil cothrom na Féinne faoi láthair. Luaigh sé an scaifte Gaeilgeoirí a chuaigh suas go Baile Átha Cliath ar na mallaibh chun labhairt leis an ‘Implementation Committee’ sa Dáil faoin fhadhb seo.
Ceist Chigilteach
Gné eile is ea scéal na ‘ndaoine ar a gcoimeád’ mar John Downey as An Craoslach, Dún nan Gall. Gabhadh é i Mí Bealtaine i Londain agus cúisíodh é as na buamaí i Hyde Park 1982. Tá idir 150 agus 200 duine mar seo, iad uilig le litir acu ón Oifig Roinn an Tuaiscirt, ag cur in iúl dóibh nach bhfuil na póilíní ar a lorg. “We had to bring the prisoners along with us to get the Good Friday Agreement. They have been let down now,” a mhaigh sé.
D’ainneoin na ndeacrachtaí seo, tá Francie Molloy dóchasach faoin ‘Comhaontú idirnáisiúnta oibleagáideach’ mar a thug sé air, ach caithfidh an dá rialtas é a chur i bhfeidhm. “Éacht ollmhór” a thug Martin Collins, taighdeoir/oifigeach ó Westminster ar an chomhaontú. “Bhí na comhraiceoirí rannpháirteach sa phróiseas, dob é sin an phríomhchúis go raibh rath air,” a mhaigh sé. “Mhothaigh siad gur leosan é - bhí úinéireacht acu air.”
Cealú Guthanna
“Is próiseas leanúnach é”, dúirt Collins linn, agus labhair sé faoin obair a dhéanann The British-Irish Council agus The British-Irish Parliamentary Assembly. Maidir le ceart vótála, dúirt sé go raibh an scéal millteanach – “cailleann na hÉireannaigh a vótaí chomh luath a fhágann siad an tír; ní tharlaíonn sin i mórán tíortha eile.” Mar sin, tá sé deacair do na hÉireannaigh a díscaoileadh as an bhaile aon ionchur a bheith acu sa phróiseas.
Bhí Dr Kevin Bean, Roinn Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, faichilleach faoin scéal: cé go bhfuil bunús ann le haghaidh réiteach buanfasach, tá ceisteanna gan freagra ann go fóill agus rudaí eile atá doiléir ann fosta. Tá an comhaontú bunaithe dar leis, ar dheighilt idir na daoine sna Sé Chontae agus siocann an modh d’Hondt an deighilt - níl sé ag tabhairt daoine le chéile. Thaispeáin an chonspóid faoin bhratach go bhfuil na hAontachtaí ábalta ghnáthdhaoine a thabhairt amach ar an tsráid. Tharla an chonspóid mar go raibh na polaiteoirí Aontachta ag iarraidh brú a chur ar Pháirtí an Chomhaontais i mBéal Feirste, dar leis.
Bhí díospóireacht bhríomhar i halla an Chlub Éireannaigh tar éis na gcainteoirí, le gnáthdhaoine, agus daoine mar an t-iar-Aire Kevin Mc Namara ag labhairt. Dúirt Paul Maskey Feisire (Béal Feirste Thiar) go bhfuil iníon aige atá 18 bliana d’aois agus mac atá ina 20s luath: “Nil aithne acu ar dhuine ar bith atá i ngéibheann. Níor maraíodh cairde dá gcuid riamh …Bhí cogadh normálta roimh an comhaontú. Anois, tá sé mínormálta.”