AR NA SAOLTA SEO
Carrie Crowley
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Nocht Tony Birtill a chroí (agus tuilleadh, tráth dá raibh) san alt seo i ndiaidh dó casadh leis an aisteoir Carrie Crowley i nGleann Cholm Cille i ndiaidh blianta fada.

Íomhá
Carrie Crowley agus an t-údar
Íomhá
Deis ag do mhadadh
Íomhá
Carrie & Tony

Beidh Carrie Crowley le feiceáil sa sobaldráma Ros na Rún i mí Dheireadh Fómhair, a dúirt sí liom nuair a casadh dom í i nGleann Cholm Cille i mí Lúnasa. Bhuail mé léi don chéad uair i 1994, nuair a d’fhreastail sí ar mo chúrsa siúl sléibhe. Bhí sí ina craoltóir ag an am ar staisiún raidió áitiúil i bPort Lairge, WLRFM. Bean chairdiuil, cheolmhar, ghreannmhar ab ea í, agus tá sé go maith a fheiceáil nach bhfuil athrú ar bith uirthi tar éis na mblianta a chaith sí i mbéal an phobail mar láithreoir teilifíse, ar chláracha mar an comórtas amhránaíochta Eurovision.

Cén dóigh ar thosaigh sí ag obair sna meáin, a d’fhiafraigh mé di?

“D’oibrigh mé mar mhúinteoir bunscoile ó 1985-1988, ag aisteoireacht le compántas drámaíochta san oíche. Chuaigh mé isteach i mbanna ceoil ansin agus tar éis gig amháin tháinig bainisteoir cláir chugam agus d’iarr sé orm triail a bhaint amach as craolachán,” a mhínigh sí dom. Faoi cheann tamaill, bhí sí ag iarraidh bogadh go Baile Átha Cliath agus chuir sí iarratas isteach do RTÉ mar aisteoir glór. Tríd sin, fuair sí post mar dhraíodóir sa chlár Morbegs i 1996 agus ina dhiadh sin mar láithreoir ar an chlár Echo Island.

Deis Dul Chun Cinn

“Fuair mé scairt ghutháin ón léiritheoir Eurovision ansin, agus bhí orm script a chur le chéile i mBéarla, Fraincis agus i nGaeilge, rud a rinne mé. Bhain mé an-sult as - ag breathnú siar - píosa spraoi a bhí ann,” a dúirt sí liom.

Ach cé nár luaigh sí liom é, bhí clú uirthi fosta, as an dóigh ar ‘ghoid sí an seó’ lena teacht i láthair, agus a chomhláithreoir Ronan Keating in aice léi. Bhí sí le feiceáil ina lán cláracha tar éis sin, agus ansin d’éirigh sí as. Cén fáth?

“Rinne mé mo chlár teilifise deireanach i 1999. Lean mé ar aghaidh ag obair ar raidió ar feadh cúig bliana eile. Ní raibh fonn orm an obair a dhéanamh níos mó. D’phós mé i 2004 agus chuaigh mé ar ais ag aisteoireacht. Tá mé an-sásta le sin - tá draíocht ag baint leis. Bhí suim agam i scéalaíocht i gcónaí- mar shampla nuair a bhím ag casadh amhráin, is maith liom scéal a insint tríd. Agus le haisteoireacht, tá sé go maith a bheith i gcraiceann duine eile ar feadh tamaill - istigh i saol duine eile,” a mhínigh sí dom.

An raibh sé i ndán di a bheith i Ros na Rún?

“Níl fhios agam. Tá mé an-sásta a bheith ann. Is aoibhinn liom a bheith ag obair sa Ghaeltacht. D’fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge i gConamara, i Ros Muc, agus seo deis dom a bheith ar ais ansin, ag úsáid mo chuid Ghaeilge ag aisteoireacht,” a dúirt sí liom.

Idir an dá linn, tá togra eile ar na bacáin aici: “Gearrscannán atá i gceist, thart ar 15 nóiméad. Scéal faoin chaoi is féidir sólás agus fortacht a fháil ón nádúr, ón dtimpeallacht agus ó phobal na tuaithe má ligean muid dóibh sin a dhéanamh,” a mhínigh sí dom.

Scríobh agus Stiúradh

“Mise a scríobh é agus a bheas á stiúradh. Agus bhí orainn comhlacht a bhunú (Yellow Village Pictures). Mar sin, i gcaoi éigin, táim páirteach i gcúrsaí léirithe chomh maith.”

Is é ‘Waterway’ is teideal don scannán; ainm fóirsteanach mar tá siad ag fáil tacaíochta don togra ó Waterways Ireland. Tá an dráma suite i gContae Liatroma agus deir Carrie go bhfuil siad ag fáil an-tacaíocht ó mhuintir na háite leis. “Tá lucht Studio North West an-fhiúntach ó thaobh comhairle agus trealamh de. Agus tá muintir Droim Seanbhó uilig sásta léimt isteach linn.” Tá sí ag iarraidh madra a earcú don scannán “Tá madra ann ceart go leor ach ní seisean/sise príomhcharachtar an dráma. Cineál leathbhádóra atá ann don fhear aonarach atá tagtha ar ais chuig an uisce don chéad uair le tamaill maith anuas.”

Chuir an caint faoin uisce an samhradh geal i 1997 i gcuimhne dúinn, nuair a rinne Carrie mo chúrsa siúl sléibhe. Lá te, brothallach ag deireadh an gcúrsa a bhí ann i nGleann Loch, agus nuair a ghlac an scaifte sos ag carraig an aifrinn, in aice le Loch an Aifrinn, mhol Carrie dúinn léimnigh amach san uisce le haghaidh snámh gairid.

Eachtra soineanta, spraoiúil a bhí ann, i measc daoine fásta, ach nuair a d’fhág muid an loch, thug mé faoi ndeara go raibh cuma míshásta ar bheirt bhan nach raibh san uisce linn.

Bhí mé saor an lá dár gcionn (Dé Sathairn) agus nuair a chuaigh mé isteach in Oideas Gael, d’iarr Liam Ó Cuinneagáin orm theacht isteach ina oifig. Bhí litir ina láimh aige. “Seo litir gearáin faoi bhur snámh nocht inné,” dúirt sé liom.

“Tá brón orm, a Liam, tá súil agam nach bhfuil aon dochar déanta agam don choláiste mar gheall ar seo,” arsa mise.

“Dochar,” a dúirt Liam liom ag gáire. “Má chloiseann daoine eile faoin eachtra seo beidh scuaine mhór ag doras Oideas Gael le haghaidh do chúrsa gach uile seachtain!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.