Bhí deis ag Tony Birtill sléibhte dheisceart Thír Chonaill a shiúl arís i mbliana mar a raibh ábhar machnaimh ag daoine seachtain na hoidhreachta go háirithe.
Bhí clár mór imeachtaí i gContae Dhún na nGall 23-31 Lúnasa mar cuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, ina measc imeachtaí i gCluain Maine agus ag Halla Pobail Anagaire ag baint leis an dá Chogadh Dhomhanda. Cé go raibh na himeachtaí dírithe orthu siúd a chuaigh ina mball d’Airm Shasana, bhí neart sibhialtachtach i nDún na nGall páirteach in eachtraíocht na tréimhse seo chomh maith.
Ar chrois mhór cheilteach ar an Mhullach Dhubh, idir Anagaire agus Ailt an Chorráin, tá 19 ainm greanta. Tá ainmneacha 19 fear idir 15 go 33 bliana d’aois a maraíodh nuair a shnámh mianach mara isteach ar charraigeacha an chósta ag Baile Mánais ar 1ú Bealtaine 1943. Níor thuig na fír cad é a bhí ann agus nuair a bhog siad é, phleasc sé. Bhí neart eachtraí ag baint leis an ‘dorchla aer’ nó Muinceann Dhún na nGall. Ba é sin dorchla don RAF ó Loch Éirne siar go Cuan Dhún na nGall agus an tAigéan Atlantach, trasna ‘Éire neodrach.’
Cruach na Rad
Mar a rinne mé cuir síos i mBeo (eagrán 65, Meán Fómhair 2006) thug mo bhaicle siúl sléibhe cuairt ar Cruach na Rad, áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF a bhí ag eitilt aniar tríd an dorchla. Bhí suim ar leith ag duine amháin acu, Aogan Ó Rathallaigh, sa scéal mar bhí sé ina chónaí sna Cealla Beaga, in aice leis an chnoc, nuair a thit an Sunderland Flying Boat ón spéir ar 2.15 am 14ú Márta 1945. Fuair gach ball den fhoireann 12 bás sa tubáiste nuair a phléasc an t-eitleán ar Chruach na Rad. Nuair a bhain muid an barr amach (493 méadar), tharraing mé grianghraf de Aogán ina sheasamh in aice le píosa den eitleán atá fós ann. Bhí mé ag déanamh athchuimhne ar an eachtra seo le Aogán agus a dheartháir Pierce sa samhradh seo nuair a rinne Pierce cur síos ar an eitleán ba mhó a thuairt sa cheantar.
Tá bileog eolais faoin eachtra sa bialann The Clocktower, ag Fionn Trá, cóngarach do na Cealla Beaga. Ársaíonn sé faoin eitleán buamála Flying Fortress ón USAF a tháinig anuas sa chuan ansin, 6pm Feabhra 20 1944. B-176 úrnua a bhí ann, ar an bhealach ó Thalamh an Éisc go Preastabhaig in Albain. Easpa breosla agus fadhbanna teichnicúla ba chionsiocair leis an tubaiste. De réir an bhileóg eolais, tháinig gach duine slán as - ní raibh taismeach ar bith as an timpiste. Ach níl an t-eolas sin go hiomlán cruinn, mar a mhínigh Pierce dom:
“Ní raibh mé ach ceithre bliana d’aois ag an am agus bhí sceitimíní orainn uilig faoin eachtra. Thug m’athair síob dom ar trasnán a rothair síos go Fionn Trá chun an t-eitleán a fheiceáil. Bhí sí ollmhór, ina luí san fharraige cóngarach don trá. Bhí a lán de mhuintir na háite ag tógáil rudaí ón eitleán - suíochán, uirlísí, giuirléidí, miotal, rud ar bith a bhí luachmhár nó áisiúil dóibh san am sin nuair a bhí a lán rudaí gann. D’iarr mé ar m’ athair píosa alúmanam caol a fháil dom mar chuimhneachán den tubaiste - rud a rinne sé.
Ag déanamh bealaigh ar ais chuig na Cealla Beaga bhí mé fós ag feachaint ar an Flying Fortress agus de thaisme, thit mo phíosa alúmanaim agus chuaigh i bhfastó sa roth tosaigh. Chuaigh m’athair bocht amach thar chluasa an rothair agus bhuail sé an bóthar go dona. Bhí sé gan aithne, gan urlabhra, agus bhí an-drochbhail air le fuil chuile áit. Bhí mé trína chéile, ach buíochas le Dia chonaic tiománaí leoraí muid agus thug sé garchabhair dom’ athair agus thug sé síob a fhad leis an dochtúir dúinn. Bhí m’athair as obair mar cléireach bainc sna Cealla Beaga ar feadh ceithre seachtain mar gheall ar an timpiste. Mothaim cíontach faoi fós!”
Éan Corr
Chonaic mé agus mo dhream siúlóirí rud mór aduain éigin san aer i Mí Lúnasa i mbliana ag Ros Eoghain, Gleann Cholm Cille. Meirleach mór a bhí ann agus conablach caorach a tharraing ann é. Seo an chéad uair a bhfuil an t-éan fíochmhar seo feicthe agam sa cheantar agus nuair a chuir mé an t-eolas a fhad le Anita Donaghy ag Birdwatch Ireland, dúirt sí liom nach bhfuil ach meirleach mór amháin eile lonnaithe i dTír Conaill faoi láthair. An rud is annamh is iontach!