AR NA SAOLTA SEO
Urbis Mhanchain
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Níor fhág Tony Birtill fuíoll molta ar Iarsmalann Náisiúnta an tSacair in Orbis i Manchain. Aisteach go leor, tá saorchead isteach ann.

Íomhá
Plobadh Tom Finney i bPreston
(le Unhindered by Talent Nic Mc Phee ar Flickr)
Íomhá
Sasana in aghaidh na hAlban 1872
Íomhá
Urbis i Manchain
(le geograph.org.uk ar Vicipéid)
Íomhá
Oibreacha ceimice Weston Point, Runcorn & an Mersey
(le Sue Adair, geograph.org.uk ar Vicipéid)
Íomhá
Páirc imeartha Pavilions, Runcorn
(le Joe Blundell ar Geolocation.ws)

Cá bhfuil príomhchathair an tsacair i Sasana? Learpholl, Manchain, Londain ?

Ceist chonspóideach atá ann, gan amhras, agus is dócha go raibh Preston, Lancashire, ina ‘suíomh neodrach’ nuair a roghnaíodh é mar láthair do Iarsmalann Náisiúnta an tSacair i 2001. Ag an staid stairiúil Deepdale, baile Preston North End, a bhí sé. Is é seo an staid sacair is sine ar domhan ó thaobh úsáid leanúnach de agus cé go bhfuil Preston North End i Sraith a hAon anois (an tríú leibhéal i sacar Shasana) tá siad i measc na gclubanna is rathúla riamh. Mar shampla, níor chaill siad cluiche ar bith i mbiaiste 1888-89, nuair a bhain siad an ‘ceann dúbailte’. Is é sin, an Corn FA agus an tSraith Sacair, éacht nach bhfuil bainte amach ag foireann ar bith eile ó shin. Faraor, níor bhain Preston rud ar bith ón Chorn FA i 1938, ach tá neart staire ag baint leis an chumann, rud tábhachtach don iarsmalann! Tom Finney, Bill Shankly, Tommy Docherty, bhí siad uilig ar fhoireann ‘North End’ ag amanna éagsúla.

Ar scor ar bith, bhí mo mhac Liam agus a chara Ryan breá sásta leis an áit nuair a thug muid cuairt ar an iarsmalann cúig bliana ó shin nuair a bhí siad naoi bliana d’aois. Bhí siad ar an fhoireann sacair chéanna i Runcorn, Cheshire, agus bhí suim acu an staid stairiúil Deepdale a fheiceáil chomh maith leis an iarsmalann féin. Bhí saorchead isteach ann agus bhí neart rudaí idirghníomhach chun iad a choinneáil ag imeacht.

Fuair an iarsmalann ardmholadh ó dhaoine mar Sepp Blatter (Uachtarán FIFA), Alex Ferguson agus Bobby Charlton a dúirt:

“I can’t think of a better museum anywhere in the world.”

Ach bhí lucht cúlchainte ann i gcónaí, go mór mór i Londain. ‘Tá sé rófhada ó thuaidh’ an tuairim a bhí acu siúd agus ós rud é go bhfuil níos mó daoine sa chuid sin den tír ná áit ar bith eile, bíonn tionchar acu.

Athruithe Molta

Cé go raibh 100,000 cuairteoir gach bliain ar an iarsmalann bhí sé ag cailleadh airgid agus i 2009 thairg Comhairle Cathrach Manchain £2 milliún per annum dóibh le bogadh go dtí an chathair mhór sin. Saothraíonn pingin pingin eile, deirtear, agus bhog an iarsmalann ó dheas chuig an fhoirgneamh nua-aimseartha Urbis i lár na cathrach sin.

Tógadh Urbis tar éis buama ollmhór de chuid an IRA a scríos cuid mhaith de lár na cathrach in 1996. ‘Iarsmalann don saol uirbeach’ a bhí ann, ach cé go bhfuil an foirgneamh féin iontach, taibhseach, fiú, deirtear go raibh na taispeántais a bhí ann cineál ait. Mar sin, bhí Comhairle na Cathrach ag iarraidh rud éigin ciallmhar a chur ann, agus le Manchester United agus City ag mealladh na mílte cuairteoirí chun na cathrach gach seachtain, nach mbeadh a lán custaiméirí ann d’iarsmalann sacair?

Bhí an ceart acu. 350,000 cuairteoir gach bliain a bhí mar spríoc acu nuair a d’oscail siad an iarsmalann i Mí Iúil seo chuaigh thart. Fuair siad níos mó ná 100,000 cuairteoir sa chéad sé seachtaine agus bhain siad an spríoc 350,000 amach ag deireadh Mhí Áibreán 2013.

Drogall na Seaniomaíochta

Leis an tseaniomaíocht idir Learpholl agus Manchain, bhí drogall ar dhaoine ó Merseyside dul ann, ach cúpla seachtain ó shin chuaigh mé féin ann in éineacht le Liam óg agus Ryan agus bhain siad sult as.

Cé nach bhfuil táille iontrála ann, déanann an iarsmalann airgead as na rudaí idirghníomhacha, an siopa agus as an bhialann agus caithfidh mé a rá go raibh siad ar fheabhas. Penalty Shoot Out, Shot Stopper, Pass Master, d’fhéach siad iad uilig agus thaitin siad go mór leo.

Bhí na taispeántais iad féin an-suimiúil fosta, go mór mór an roinn faoi George Best. Tá a lán ábhar pearsanta ar iasacht óna dheirfiúr Barbara Mc Narry agus bhí sé corraitheach na litreacha a scríobh an peileadóir óg chuig a theaghlach i mBéal Feirste a léamh.

Ach tá níos mó ná réalta i gceist le sacar sa ghnáthshaol agus bhain muid an-sult as an scannán ghearr Our Beautiful Game. Taispeánann sé gnáthmhí i measc peileadóirí ar fud na tire agus bhí áthas ar na buachaillí The Pavilions a fheiceáil sa scannán. Sin páirc peile Runcorn Town, áit a n-imríonn siad féin nuair a bhíonn ‘cup final’ áitiúil ann. Seo an pháirc peile is gránna ar domhan, déarfainn, mar tá sé sáite i lár oibreacha ceimiceach agus bhí sé go maith go raibh an taobh eile den scéal ann.

Tá drochchlú ar bhia ag staid sacair - pióga agus a leithéid a bhíonn ar fáil de ghnáth, agus cé go bhfuil an biachlár san iarsmalann bunaithe ar rudaí simplí mar sin, bhí gach rud de dhéantús baile agus an-bhlasta ar fad. Molaim an iarsmalann sacair do chách, bíodh is go bhfuil sé i Manchain!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.