AR NA SAOLTA SEO
Fionnachtain Cloiche Happisburgh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.

Íomhá
An seanbhuachaill é féin, Homo Antecessor
(le Jose Luis Martinez Alvarez ar Vicipéid)
Íomhá
Gleann Cholm Cille, le Mícheál Ó hOireachtaigh
Íomhá
An buachaill measartha sean, Homo Heidelbergensis
(le Jose Luis Martinez Alvarez ar Vicipéid)
Íomhá
An buachaill is sine, Homo Ergaster
(le Durova ar Vicipéid)

‘Gleann Cholm Cille, 5000 bliain greanta i gcloch,’ an t-ainm atá ar leabhar a scríobh Mícheál Ó hOireachtaigh. Tugaim cuairt ar na séadchomharthaí atá sa cheantar nuair a bhím ag obair ansin mar threoraí ar an cúrsa súil sléibhe ag Oideas Gael mar baineann muid an-sult astu.

Cé go bhfuil mé ag amharc orthu le 30 bliain, cuireann sé ionadh orm go fóill an dóigh a raibh daoine i Ré Nua na Cloiche, 5000 bliain ó shin, in innimh cloch mhullaigh, moghlaeirí 40 tonna meáchain a chrochadh in airde agus a leagan ina luí ar thrí chloch eile. Is amhlaidh atá leis na hulacha ursanacha mar Leaba Dhiarmada agus Ghráinne i Málainn Mhóir.

Ó Ré Nua na Cloiche atá na hulacha moghlaeracha seo, agus mar sin, ó thaobh na staire de, níl siad róshean ar chor ar bith ! Tá uirlis, lámhdéanta as breochloich idir 300,000 agus 400,000 bliain roimh Chríost, b’fhéidir, in Ard-Iarsmalann na hÉireann, ach de réir lucht saineolais ansin snoíodh í in áit éigin eile agus ba é an oighearchlúid a leag síos ina dhiaidh sin í gar do chósta na hÉireann. Fuarthas i ngrean í i mbaile fearainn Meille, Co. Lú. ‘An bhfuil aon seans go ndearnadh in Éirinn í?’ a mhachnaigh mé dom féin nuair a d’amharc mé uirthi. De réir a suíomh idirlín (http://www.museum.ie):

Níl aon fhianaise shoiléir tagtha chun cinn go fóill a léiríonn go raibh daoine in Éirinn i rith na tréimhse Pailéilití (Seanré na Cloiche) tráth ina raibh cuid mhaith d’Éirinn faoi oighearchlúideacha.’ Dá réir sin, ní raibh duine ar bith in Éirinn go dtí tréimhse Mheánré na Cloiche, thart fá 7,000 bliain roimh Chríost. Ach is mór idireaspa fianaise shoiléir’ agus ‘baol ar bith’ agus bíonn scéal na Réamhstaire ag síorathrú.

Déantáin Níos Sine

Bhí sceitimíní orm sa Samhradh i 2010 nuair a bhí mé ag obair ag Oideas Gael agus chuala mé ar Raidió BBC go fuarthas déantáin 800,000 bliain d’aois i Norfolk, Sasana mar gheall ar an chreimeadh chósta ansin. Ní raibh na seandálaithe sásta a rá cá háit go díreach a raibh siad ag obair i Norfolk, mar ní raibh siad ag iarraidh gadaithe a mhealladh don suíomh.

Bhí suim ar leith agam sa cheantar sin mar rinne mé céim in ollscoil Anglia Thoir (UEA) i Norwich, Norfolk. Thug mé faoi deara an méid breochloiche a bhí le feiceáil i Norfolk- baineadh feidhm as roinnt mar mhaisiúchán ar bhallaí eaglaisí agus bhí cnapáin mhóra ina luí thart san ollscoil a chuir an ceann ón séadchomhartha, Cnóbha sa Mhí, i gcuimhne dom.

I Mí Feabhra i mbliana, tuigeadh gurbh é Happisburgh, 17 míle soir ó thuaidh as Norwich an suíomh rúnda. In alt san iris eolaíoch Plos one (www.plosone.org) mhínigh an tOllamh Simon Parfitt (Coláiste Ollscoile Londain) agus Dr Nick Ashton (et al., Iarsmalann na Breataine, Londain), go raibh an creimeadh cósta ag nochtadh agus ag scríosadh go tapa suíomh iontach tábhachtach ón tréimhse Pléisticéineach Luath, idir milliún bliain agus 0.78 milliún bliain d’aois. Fuarthas go dtí seo:

1) Fásra agus ainmhithe (flora & fauna);
2) déantáin bhreochloiche;
3) cnámha ainmhithe le gearrthacha orthu;
4) 50 lorg coiscéimeanna daonna.

Ar ndóigh, tharraing na coiscéimeanna aird na meán. Buíon cúigir nó mar sin, idir dhaoine fásta agus ógánaigh, iad 0.73 go 1.73 méadar ar airde ag siúl ó dheas ar bhlár láibe in aice le habhainn. Teaghlach a bhí ann, b’fhéidir. Cé go bhfuil Happisburgh 135 míle ó thuaidh ó Londain, An Thames a bhí ann - tá an tírdhreach athraithe go mór anuas na mílte bliain idir an dá linn.

Hominid a bhí iontu - daoine a bhí ann roimh an Néandartálach fiú, agus is fíorannamh go n-aimsítear aon rian uathu. Seo an chéad uair go bhfuarthas coiscéimeanna den aois seo taobh amuigh den Afraic! Ach tá an flora agus fauna an-tábhachtach fosta, mar go míníonn sin an ghnáthóg a mbíodh na daoine ina gcónaí ann, agus b’fhéidir go bhfaighfear déantáin orgánach as seo amach. Mar a deir an t-alt faoin suíomh:
extending the record of human occupation of northern Europe by at least 350,000 years.

An tSín Tír a Déanta

Is cuimhin liom nuair a cheannaigh mé, i 1988, an leabhar beag iontach Life in the Ice Age leis an Ollamh Anthony J. Stuart, a bhí ag obair le Seirbhís Iarsmalainne Norfolk ag an am, agus léigh mé faoi na huirlisí breochloiche Néandartálach (cosúil leis an cheann in Ard-Iarsmalann na hÉireann) a fuarthas i Somerset agus Sussex agus a bhí 350,000 bliana d’aois. Ba iad na déantáin ba shine a fuarthas sa tír, síleadh, agus scríobh an t-údar:

Over the years many claims have been made for the presence of humans in Britain in the early Pleistocene, one or two million years ago, but the supposed ‘artefacts’ on which these claims were based have failed to convince present-day archaeologists.

Agus ansin, i 2000 fuarthas déantáin 500,000 bliana d’aois i Suffolk. Anois, tá muid ar ais 350,000 bliain eile, ar a laghad ! Seo i mo shaol gairid féin! Smaoiním mar sin ar an chalóig bhreochloiche sin in Ard-Iarsmalann na hÉireann: an bhfuil siad cinnte nach in Éirinn a rinneadh í?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.