AR NA SAOLTA SEO
Déanann gach Glúin Gníomh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár. Chonaic Tony Birtill Nollaig bhog a d’fhág ‘an reilig mhéith’ agus méala ar na Gaeil i Learpholl.

Íomhá
Banna Céilí Learphoill agus Sean Mac Con Mara ina lár
(le D. Massey)
Íomhá
Proinsias Mac Íomhair, nach maireann
Íomhá
Seán ar chlé
(le Comhaltas Ceoltóirí Learphoill ar Facebook)
Íomhá
Piaras Béaslaí, fear de chéad Chonraitheoirí Learphoill

Ba shiocair bróin dúinn i Learpholl nuair a chaill muid an fidléir cáiliúil Seán Mac Con Mara (1928-2012) roimh Nollaig agus sciob an bhliain úr an Conraitheoir dílis Proinsias Mac Íomhair (1937-2013) uainn ansin.

Bhí clú agus cáil ar Sheán Mac Con Mara i saol an cheoil mar dhuine de bhunaitheoirí na buíne iomráití, Banna Céilí Learphoill, i 1957 in éineacht le Éamonn Ó Cadhain, Tomás Ó Canainn, Seán Ó Murchú, Kit Hodge, Peggy Atkins agus Ronnie Cruickshank. Bhuaigh siad comórtas an Oireachtais i 1962 i mBaile Átha Cliath agus bhain siad Fleadh Cheoil na hÉireann ar an Mhuileann Chearr i 1963 agus i gCluain Eois 1964.

“Bhí muid in iomaíocht leis na bannaí ceoil Cill Fhionnúrach agus An Tulach, agus mar sin bhí an bua an-speisialta do bhanna a bhí lonnaithe i Learpholl,” a dúirt Seán liom in agallamh sula bhfuair sé bás.

Rinne Buíon Learphoill dhá cheirnín le chéile fosta: Champions Twice ( Rex LPR 1001) agus Off to Dublin ( Rex LPR 1006) agus is minic a bhíodh siad ar an raidió. Lá Féile Pádraig sa bhliain 1964, bhí siad ar an ardán mhór le haghaidh Sunday Night at the London Palladium.

Ó Thaobh na dTaobhann

Éachtaí iontacha do fhear a rugadh agus a tógadh é i Toxteth, Learpholl. Ba as iarthar Chontae an Chláir a athair agus cé nach raibh ceol aige siúd, bhí ceol ag beirt seanuncail Sheáin: na fidléirí Daniel Mac agus Jamsey Mac. Ba fidléirí iad a bheirt deartháir fosta agus mar sin, thosaigh Seán féin ag bualadh ar an ghléas nuair a bhí sé naoi mbliana. Amhránaí ab ea a mháthair, a bhí ina ball de Chraobh Sheáin Uí Dhonnabháin de Chonradh na Gaeilge, Learpholl.

Dála na mílte Éireannach i Learpholl, thapaigh Seán Mac Con Mara agus Proinsias Mac Íomhair deis an bád farantóireachta as an chathair go Baile Átha Cliath ó aois óg. Ach níor ghá dóibh dul thar sáile chun cultúr na hÉireann a bhlaiseadh mar bhí trí chraobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair agus, chomh maith le sin, d’eagraigh sagairt céilithe go rialta sna hallaí paróistí. Fuair Seán Mac Con Mara a chéad phá mar cheolteoir, leathchoróin, ó shagart amháin ag 15 bliana d’aois nuair a sheinn sé ag céilí mar sin. Chuir sin fearg ar a mháthair mar shíl sise gur chóir dó a bheith ag seinm as grá don cheol féin amháin, ní le hairgead a dhéanamh. Ach lean sé ar aghaidh cibé. “Bhí ar a laghad trí bhuíon chéilí i Learpholl faoin am sin,” d’inis Seán dom.

Níor chuir Seirbhís Náisiúnta stad le ceol Sheáin, mar bhain sé feidhm as a bharantás taistil ón RAF le dul ar ais go Co. an Cláir go rialta, áit a bhfuair sé an deis seinm ag damhsaí seiteanna. Fuair sé post mar oifigeach custaim tar éis an RAF agus lean sé ar aghaidh ag seinm i Learpholl, go mór mór ag Club Chonradh na Gaeilge ar Wood Street, i lár na cathrach. Ach bhí rudaí ag athrú de réir a chéile: shíl cuid de na hÉireannaigh, go háirithe Éireannaigh núíosacha a tháinig go Learpholl le post a fháil sna 1950aidí, go raibh Conradh na Gaeilge seanaimseartha, sáinnithe i ‘time warp’ mar a déarfá

Meath an Chonartha

Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 1951 agus bhí sé tarraingteach do dhaoine a raibh suim sa cheol traidisúnta acu ach nach raibh spéis acu sa teanga. Bunaíodh Craobh Learphoill CCÉ i 1957, an chéad chraobh i Sasana. Thosaigh siadsan Buíon Cheoil Learphoill chun páirt a ghlacadh i gcomórtais, chomh maith le seinm ag céilithe.

Ar feadh roinnt blianta, bhí Seán agus cuid de na ceoltóirí ina mball den dhá eagraíocht, agus sin an fáth go raibh siad páirteach san Oireachtas de chuid Chonradh na Gaeilge i 1962 agus i gcomórtais de chuid CCÉ fosta. De réir a chéile, thit Conradh na Gaeilge sa chathair i léig, rud a chuir brón ar Sheán.

Do dhaoine mar Proinsias Mac Íomhair a bhí gan cheol, ach a raibh suim sa teanga aige, mo dhála féin, bhí Conradh na Gaeilge de dhíth i Learpholl agus d’athchláraigh muid an chraobh i 1990. Bhí áthas ar Sheán Mac Con Mara faoi seo: bhí roinnt ábhair ón tseanchraobh ina sheilbh aige agus thug sé gach rud dom. “Bhí aithne ag mo mháthair ar Phiaras Béaslaí nuair a bhí sise sa Chonradh,” d’inis sé dom go bródúil ag an am sin. An file cáiliúil Piaras Béaslaí (1881-1965) a bhí i gceist aige. Is é sin le rá, go raibh tuiscint ag Seán go raibh níos mó i gceist le cultúr na hÉireann ná fleánna agus céilithe.

Grianghrafadóir agus línitheoir den scoth ab ea Máirín nó ‘Mo’ (nach maireann), bean Proinsias, agus bhí an bheirt acu iontach ag déanamh cártaí, féilirí agus mar sin de don chraobh, chomh maith leis an bhileog don tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl (Beo, eagrán 23, Márta 2003). Bhí siad gníomhach ar Choiste Cuimhneacháin an Drochshaoil anseo ó bunaíodh é i 1994 agus ní raibh ionadh ar dhuine ar bith anseo Proinsias Mac Íomhair a fheiceáil ar chéad leathanach an Irish Times (22/11/2012) ina sheasamh taobh thiar d’Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, nuair a leag se fleasc ag leacht cuimhneacháin an Drochshaoil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.