AR NA SAOLTA SEO
Patrick McGinley
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chas Tony Birtill leis an scríbhneoir cáiliúil Béarla, Patrick McGinley, ina áit dúchais, Gleann Cholm Cille, an mhí seo caite.

Íomhá
An t-údar le siúlóirí ó Oideas Gael ag Teach Mhig Fhionnaile
Íomhá
Éire an 'debilitating intellectual isolation', Ceann Glinne
Íomhá
Toigh Roarty, Gleann Cholm Cille
(le Cyocum ar Flickr)

“Seo an teach inar rugadh an scríbhneoir cáiliúil Patrick McGinley i 1937,” a insím do mo scaifte ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael. Tá an teach i mbaile fearainn Cill Athnaid, taobh thiar den choláiste i nGleann Cholm Cille, agus is maith liom sos a glacadh in aice leis, ar ár mbealach go Gleann Mhálainne, chun insint don scaifte faoin tsraith teilifíseMurder in Eden’, a rinne an BBC sa cheantar i 1991 agus atá bunaithe ar an úrscéal ‘Bogmail’, a scríobh Mc Ginley i 1978. Athraíodh ainm an teach leanna ‘JP Byrne’ go ‘Roartys’ le haghaidh na sraithe trí chlár agus d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile.

Tá sé i gcuimhne na ndaoine fosta, mar bhí cuid mhaith acu páirteach sa dráma mar aisteoirí taca. “Ar scríobh sé rud ar bith i nGaeilge?” – ceist a cuireadh orm go minic. “Níl rud ar bith foilsithe aige, ach bhí sé in mhúinteoir Ghaeilge le blianta in áiteanna mar Gaoth Dobhair, Baile Átha Cliath agus an Muileann gCearr,” a deirim.

D’fhreastail mé ar sheoladhCold Spring’, an t-úrscéal is déanaí de chuid McGinley ag Oideas Gael i mí Iúil. Seo an t-ochtú úrscéal ó Mc Ginley. Athsheoladh ‘Bog Mail’ fosta, mar tá ‘Murder in Eden’ le feiceáil arís ar TG4 faoi láthair.

An tAthair Mc Spice

Bhog McGinley go Londain i 1962 ach seoladh a chuimhní cinnThat Unearthly Valley- A Donegal Childhood’ ag Oideas Gael anuraidh. I gcaibidíl den teideal ‘The New Curate’ faoin Sagart Séamas Mac Daidhir, scríobh sé: ‘Possibly the role that gave him most satisfaction was that of ladies man,’ agus mhaigh sé go raibh mná na háite i ngrá leis. Thug sé féin agus stócaigh na háiteFr Mc Spice’ air mar go gcaitheadh sé Old Spice, ionlach iarbhearrtha a bhí róchostasach dóibh.

“An bhfuil sé ag tabhairt leide go raibh oilbhéim ann?” a d’fhiafraigh mé de ag an tseoladh leabhair.

“Ní raibh scannal ar bith ann. Bhain sé sult as comhluadar mná, sin an méid,” a dúirt sé liom Molann sé na rudaí maithe a rinne an Canónach Mac Daidhir i nGleann Cholm Cille, ina measc an Clachán (Folk Museum). Istigh ansin is féidir leat amharc ar ‘scannán baile’ a rinne Mac Daidhir thart ar Ghleann sna 1950s leis an cheamara scannáin a bhí aige. Thaispeáin sé a scannán baile, idir na scannáin ghairmiúla a bhí le feiceáil sa halla nua a thóg sé sa sráidbhaile i 1953. Is cuntas sóisialta iontach iad ar an tráth sin, ach faraor tá siad ina dtost.

Ach leis an leabhar Patrick McGinley tá tráchtaireacht scríofa ann don tréimhse sin, rud atá íorónta mar is léir go bhfuil McGinley idir an dhá chomhairle faoin chultas atá ag baint leis an tsagart. “As one of his less excitable admirers,” a chuireann sé síos air féin. (lch. 300) Déanann McGinley cuir síos ar Éirinn mar áit leadránach, chúngaigeanta, theoranta, sna 1950s agus 60’s: “Everyone with a capacity for taking honest thought could speak only of the terrible flatness of life in Ireland,” a deir sé, agus maíonn sé go raibh sé ag fulaingt ledebilitating intellectual isolation” sa tír.

Coimhthíos in Éirinn na Seascaidí

Sa deireadh, bhog sé go Londain i 1962, áit a bhfuair sé post mar eagarthóir le foilsitheoir leabhair. Chuir sé faoi i “Petts Wood in Kent” (lch. 280). Nuair a d’amharc mé ar A-Z Londain, thug mé faoi deara gur bruachbhaile i ndeisceart Londain atá ann. “An bhfuil a lán inspreagadh duit ansin, i gcomórtas le Gleann?” a d’fhiafhraigh mé de.

I was writing about Gleann, so it didn’t matter,” dúirt sé liom. “I have no difficulty writing about Gleann in England. Gleann is implanted in my mind. It is engraved in my soul. I wrote one novel set in the suburbs- Foxprints. It is a jokey novel,” a d’inis sé dom.

Ach nach raibh scríbhneoirí mar Brian Ó Nualláin (1911-1966), Máirtín Ó Direáin (1910-1988), Patrick Kavanagh (1904-1967) agus Brendan Behan (1923-1964) ábalta inspreagadh a fháil in Éirinn sna 1950s agus 1960s?” a d’fhiafraigh mé de.

I wasn’t moving in those circles- I wasn’t propping up a bar stool with Brendan Behan. I was a young man, not yet a writer. They were established writers,” a dúirt sé liom.

Mhothaigh sé go mbeadh saoirse dó i Londain agus bhí sé ag iarraidh éalú as Éirinn “an intellectual backwater” agus a phost, ag múineadh na Gaeilge: “Trying to teach them Irish, a compulsory subject and a dying language, was a thankless task.” (lch. 263)

Ach bhí gnáthphost ag Máirtín Ó Direáin, in oifig an phoist i mBaile Átha Cliath, agus scríobh sé filíocht iontach faoina áit dúchais. Státseirbhíseach ab ea Ó Nualláin, a fuair inspreagadh i mBaile Átha Cliath chun litríocht i nGaeilge agus i mBéarla a scríobh. Nuair a fheiceann Patrick Mc Ginley an rath atá ag Oideas Gael, ina bhaile fearainn féin, an mothaíonn sé gur chaill sé rud éigin ina shaol?

Oideas Gael attracts people who want to learn Irish from all parts of the world. I was often teaching Irish students who did not want to learn it,” a mhínigh sé dom.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.