AR NA SAOLTA SEO
Cuairt Uachtaráin
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chonaic Tony Birtill Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigín agus a bhean Sabina nuair a thug siad cuairt ar Learpholl an mhí seo caite. Beidh cuimhneamh i measc na ndaoine ar an chuairt sin.

Íomhá
Ag an leacht cuimhneacháin
(Anne Moloney a tharraing)
Íomhá
Leis an Ard-Mhéara
(Anne Moloney a tharraing)
Íomhá
Le baill den choiste
(Anne Moloney a tharraing)
Íomhá
Leis na píobairí
(Anne Moloney a tharraing)
Íomhá
Bláthfhleascanna réitithe
(Anne Moloney a tharraing)

Bhí áthas ar na hÉireannaigh i Learpholl Mícheál D. Ó hUigín agus a bhean Sabina a fheiceáil agus a chloisteáil sa chathair ag deireadh Mhí na Samhna. Ba é an chéad rud a rinne sé sa cathair ná fleasc bláthanna a leagan ag an leacht cuimhneachán an Drochshaoil i ngairdín Naomh Luke in éineacht leis an Ard-Mhéara Sharon Uí Shúilleabháin agus leis an Chomhairleoir Wendy Turner. Nocht a rhéamhtheachtaí Máire bean Mhic Giolla Íosa an leacht seo i 1997. An dealbhóir Éamonn Ó Dochartaigh a rinne an leacht.

Bhí mé féin ‘ar dualgas’ mar ball den Choiste Cuimhneachán agus bhí scaifte mór i láthair, áit ar sheinn na píobairí áitiúla Fáinne Geal an Lae.

“Is maith an rud é go bhfuil duine acadúil eile tofa mar Uachtarán na hÉireann,” a dúirt an tOllamh Marianne Elliot nuair a chuir sí fáilte roimh Mícheál D. ag Ollscoil Learphoill, tar éis leagan na bláthfhleisce ag an leacht. Mhínigh sí don slua mór go mbíodh an tUachtarán ina léachtóir socheolaíochta agus polaiteolaíochta, tráth dá raibh, agus ba léir an méid sin sa léacht a thug sé dúinn, dar teideal ‘Learpholl agus a Lucht Imirce as Éirinn’.

Léacht Eolais

Dúirt sé linn go raibh neamhaird tugtha do thaithí na n-imirceach, go mór mór nuair atá ‘imirce neamhbhuan’ i gceist. “Ní rud suite é, imirce. Bíonn daoine ag teacht agus ag imeacht an t-am uilig,” a dúirt sé, agus luaigh sé “lucht an dhá bhád”- na daoine a fuair bád amháin go Learpholl agus bád eile ina dhiaidh go dtí Na Stáit Aontaithe nó Ceanada.

Agus tá imirce ciorclach ann fosta; is é sin na himircigh agus a gclann ag filleadh ar ais go Éirinn: “Thug mé faoi deara cé chomh tábhachtach a bhí imirce ciorclach nuair a bhí mé ag Ollscoil Manchain,” a dúirt sé linn.

Phléigh sé ceist an aitheantais fosta. Deirtear i Sasana go bhfuil a lán de mhuintir Learphoill measctha sa chloigeann os rud é go síleann siad nach Sasanaigh iad, cé gur rugadh agus gur tógadh anseo iad. Is é an rud atá i gceist ná ‘aitheantas trasnáisiúnta’, tréithe atá ag éirí níos coitianta sa lá inniu, chuala muid san ollscoil.

Cháin sé ‘fórsaí an mhargaidh’ mar prionsabal saoil, rud a bhí cuibheasach, mar labhair sé faoin 1.3 milliún Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Drochshaoil, agus ár ndóigh ‘feidhmniú fórsaí an mhargaidh’ an leithscéal a bhí ag Rialtas Shasana ag an t-am sin chomh maith.

Chuir na húdaráis an locht ar na hÉireannaigh iad féin agus rinne Mícheál D. cur síos ar an réamhchlaonadh a bhí ann in aghaidh na n-imirceach sa chóras dlí agus in irisí mar The London Times agus Punch: “The later exodus of men, women and children meant that migrants would carry an ongoing memory of hostility and culpable neglect at best, and more usually, an abiding communal recall of the consequences of imperial degradation…” a dúirt sé linn.

LÉ Eithne ag an Pierhead

Labhair sé fosta faoi dhaoine de bhunadh Éireannach ar rugadh i Learpholl iad, mar Jim Larkin agus triúr de na Beatles agus an tionchar a bhí acu taobh amuigh den chathair – cathair atá ina bhaile agus ina chrosbhóthar do na hÉireannaigh.

Síos linn go dtí an Mersey an lá dár gcionn, nuair a labhair an tUachtarán ar bord LE Eithne faoin Tóstal 2013. Bhí sé suimiúil long ón tSeirbhís Chabhlaigh le brat na hÉireann ar foluain a bheith ag an Pier Head, cóngarach don áit inar tháinig na mílte i dtír 1845-52 agus áit a raibh na hÉireannaigh áitiúla ag smuigleáil gunnaí do Mhícheál Ó Coileáin i 1920.

Chuir Pádraig Ó Loingsigh, cathaoirleach an Chlub Éireannaigh, fáilte roimh an Uactharán i nGaeilge, rud a thaitin leis, mar dúirt sé: “Tá sé go hiontach Gaeilge a chloisteáil ar bhruach an Mersey” agus labhair sé faoin dóigh go raibh na fógraí díshealbhaithe i gcónaí i mBéarla, teanga nach raibh ag an chuid is mó de na daoine a díbríodh go Learpholl.

Mhol sé na heagraíochtaí deonacha, mar Chúram Comhphobal Éireannach Merseyside, “Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine,” agus dúirt sé linn go raibh an tréithe sin feiceálach i measc na n-imirceach agus an dóigh ar thug siad cuidiú do sheandaoine nó do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu.

Os rud é go bhfuil na Gaeilgeoirí ina gcónaí in áiteanna difriúla sa chathair, ní bhionn mórán deiseanna againn teacht le chéile go minic, ach bhí cuid mhaith acu i láthair ar an lá sin chun bualadh leis an Uachtarán agus le Sabina. Ina measc bhí Peigí Ní Churraighín, a tháinig go Learpholl ón Seanphobal, An Rinn, Port Lairge i 1953 lena deirfiúr Mamie le postanna a fháil mar altraí. Labhair Mícheál D. agus Sabina le gach duine acu agus is léir go dtuigeann siad go bhfuil sé tábhachtach a thaispeáint do na himircigh nach bhfuil dearmad déanta orthu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.