Mheas Tony Birtill go mbéarfaidh cuairt an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigín ar Shasana, i mí Aibreáin seo chugainn, deis don dá rialtas roinnt athruithe a chur i gcrích.
Bhí áthas ar na hÉireannaigh i Sasana anuraidh nuair a fógraíodh é i Mí na Samhna go mbeadh Uachtarán na hÉireann ar ais sa tír i Mí Aibreán 2014. Is é seo an cúigiú cuairt ag Mícheál D. Ó hUigín ar an tír ó insealbhaíodh é i 2011 agus bhuail mé leis nuair a bhí sé i Learpholl í Mí na Samhna 2012 (Beo eagrán 140 Nollaig 2012) Ach tá an chuairt seo difriúil, mar fuair an tUachtarán cuireadh oifigiúil ón Bhanríon agus mar sin cuairt stáit atá ann - rud annamh mar ní fháiltíonn an bhanríon ach roimh bheirt cheannaire stáit ar a mhéid gach bliain.
Bhíothas ag súil leis an chuairt seo tar éis cuairt na Banríon Eilís ar Éirinn sa bhliain 2011, nuair a thosaigh sí a haitheasc i gCaisleán Bhaile Átha Cliath leis na focail: “A Uachtaráin agus a chairde…” Samhaltas a bhí ann, ár ndóigh, mar lean sí ar aghaidh i mBéarla, agus dúirt:
“What were once only hopes for the future have now come to pass; it is almost exactly 13 years since the overwhelming majority of people in Ireland and Northern Ireland voted in favour of the agreement signed on Good Friday 1998, paving the way for Northern Ireland to become the exciting and inspirational place that it is today.”
Maolra Seoighe
Tugann cuairt stáit an Uachtaráin deis iontach don Bhanríon agus do Rialtas Shasana dhá rud a dhéanamh; rudaí ag baint leis an mhéid atá scriofa thuas.
Ní fheadar an bhfuil a fhios ag an Bhanríon Eilís go bhfuil feachtas ar bun i dTeach na dTiarnaí, eagraithe ag an Tiarna David Alton agus Barún Avebury, chun pardún a fháil do Mhaolra Seoighe an fear a crochadh go héagórach i 1883, agus a cíoradh in alt le Breandán Delap mí na Nollag 2012 (Beo eagrán 140). Leis an cheangal seo, idir an tiarna agus an tUachtarán ó 2012 go háirithe, nach mbeadh samhaltas iontach ann dá mbeadh An Bhanríon Eilís sásta pardún ríoga a thabhairt do Mhaolra Seoighe? (Alt Delap)
Maidir leis an mhéid a bhí le rá ag an Bhanríon Eilís faoin Tuaisceart sa lá atá inniu ann, ar an drochuair chonaic muid i lár na míosa seo caite Tuarascáil Chomhairle na hEorpa ar an Ghaeilge ina bhfuil Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann cáinte go géar. Níl an Rialtas ag comhlíonadh a dhualgas faoin Chairt Eorpach chun teanga mhionlaithe, nó mar a deir siad, mionteanga, a chosaint is a chaomhnú, agus níos measa, tá naimhdeas don Ghaeilge sa Tionól, deirtear.
Is maith leis an Bhanríon Eilís an cúpla focal Gaeilge a labhairt in Éirinn, ach an mbeidh deacracht aici má dhéanann sí amhlaidh sa Tuaisceart? Is é Tuaisceart Éireann an t-aon chuid den Ríocht Aontaithe (taobh amuigh de Shasana féin) nach bhfuil dlí ann chun an teanga dhúchais a chosaint – ritheadh a leithéid don Bhreatnais i 1993 agus do Ghaeilg na hAlban i 2005.
Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737 i bhFeidhm go Fóill
Luaigh Tuarascáil Chomhairle na hEorpa na cúirteanna - de réir an Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737, tá cosc ar Ghaeilge a úsáid i gcúirteanna Thuaisceart Éireann. Seo ceann de reachtanna na Géarleanúna atá fós i bhfeidhm agus mar gheall ar an dlí seo a cuireadh Maolra Seoighe chun báis mar ní raibh Béarla ar bith aige agus ní raibh Gaeilge ar bith ar an Bhreitheamh nó ag coiste na cúirte ina thriail.
In Aguisín B Chomhaontú Chill Rímhinn (Deireadh Fómhair 2006) gheall Rialtas na Breataine go mbeadh Acht Teanga Ghaeilge ann:
‘agus go oibreoidh sé i gcomhar leis an Fheidhmeannas atá le teacht le forbairt na Gaeilge a mhéadú agus a chosaint.’
Níor tharla sin go fóill, agus cé gur thug an grúpa Pobal fianaise do Haass, ní bhfuair an Ghaeilge ach tagairt bheag amháin, ar lch. 17, ina thuairisc um Nollaig, rud a sháraigh Pobal glan amach. Mar a dúirt Janet Muller ó Phobal liom :
“Tá sé soiléir ó na cáipéisí uilig a d’eisigh muid ó bhí 2006 ann, gur chreid POBAL i gcónaí gurbh fhearr an tAcht a thabhairt isteach ag Westminster, agus is iomaí cuis faoi sin. Ar an chéad dul síos, gheall rialtas na Breataine Acht na Gaeilge mar chuid de phróiseas na síochána agus mar cheann de na héilimh ar leith i gComaontú Chill Rímhinn le sochaí níos cothroime a chruthú abhus. …….. Chomh maith, bhí buarthaí ar phobal na Gaeilge go mbeadh sé iontach deacair dul chun cinn ceart a dhéanamh don teanga taobh istigh do chomhthéacs polaitiúil an tuaiscirt, mar gheall ar naimhdeas roinnt polaiteoirí aontachtacha.”
Agus seo tuairim Dhoiminic Uí Bhrolcháin , MLA :
”Creideann an SDLP gur cheart dá gcuirfí an tAcht i bhfeidhm thall i Westminster.”
Tugann Cuairt Stáit an Uachtaráin deis iontach do Westminster é seo a dhéanamh agus focail na Banríona Eilís a chur i gcrích.