
Tá líomhaintí déanta ag Ciarán Mac Aonghusa san alt seo a chaithfear a chur ar shúile do chaon duine den eite chlé ar spéis leis aon dul chun cinn a fheiceáil á dhéanamh ag a leagan amach san am atá le theacht.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin, fírinne ár scéil a aithint agus ár n-aghaidh a dhíriú ar na ceisteanna is tábhachtaí i ndáiríre dúinn.
»»»Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.
»»»Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.
»»»Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa gur spaga beag folamh an rialtais áitiúil a d’fhág é ag santú comhlachtaí a chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic. Ní chun leas na timpeallachta an méid sin.
»»»Níor scéal i mbarr bata léim Felix Baumgartner, mar a samhlaíodh do roinnt bheag daoine, ach éacht agus céim mhór chun cinn ag an duine a bhí ann dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Tá beagnach a thrian de dhaonra na Sé Chontae Fichead ina bpáistí. Is céim chun cinn é Reifreann na míosa seo in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Faoi mhuintir an oileáin féin atá cúraimí oidhreachta, béascna agus eile Thoraí dar le Ciarán Mac Aoghnusa agus tá súil as aige go n-éireoidh leo an fód a sheasamh in aghaidh drochshíon ar linne.
»»»Cleas an philibín? Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa go dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha sa chóras pholaitíochta a bhí ar chlár an rialtais.
»»»Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.
»»»‘Chuile líne ag dul i míne’ nó i mbrúidiúlacht? B’fhéidir gur i gclisteacht agus i mbrúidiúlacht atá an duine ag dul dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Aon leathanach déag soiléir agus soléite faoi rialachas geilleagair, gan tada thairis sin, atá sa Chonradh Fhioscach agus dar le Ciarán Mac Aonghusa, luíonn sé le céill do mhuintir na tíre glacadh leis.
»»»Is ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha agus athróidh an tSín, bealach amháin nó eile, le himeacht ama dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Is é cothrom na Féinne croílár cheist na dtáillí tí agus ceadúnas teilifíse/cumarsáide dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Ní maith le Ciarán Mac Aonghusa an druidim siar ón ilteangachas a bheas ar bun feasta, is cosúil, más leid ar bith an cúbadh atá ar na bacáin don Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil.
»»»Bíonn fuadar faoi na margaí agus támhnéal ar na forais Eorpacha in éineacht a deir Ciarán Mac Aonghusa, forais a bhfuil géarghá le hathleasuithe ó de dhíth go géar orthu.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad lucht sainte áirithe a bhochtaigh an tír, an lucht dlí. Beidh orthu a bpunt feola féin a ghéilleadh faoi dheireadh thiar thall ar ordú ó dhream níos santaí ná iad féin, an CAI.
»»»D’aimsigh Ciarán Mac Aonghusa áit álainn aiceanta idir shléibhte móra na nAipiníní agus Muir Aidriad. Más ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Iodálaise atá tú, seobh í an áit is fearr duit.
»»»Gnóthaí geilleagair? Ní hé an dea-scéal atá ag Ciarán Mac Aonghusa dúinn ar ndóigh. Ní hé ‘an bealach seo romhainn’ an bealach ba rogha linn.
»»»Tá an gréasán domhanda fiche bliain d’aois agus is cuimhin le Ciarán Mac Aonghusa é nach mór ón tús.
»»»An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
»»»Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa. Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá imeachtaí Fhianna Fáil a d’fhág gan frapa gan taca anois iad. Bíodh go gcuirfidh siad lena líon suíochán amach anseo, tá sé den tuairim nach dtiocfaidh siad ar ais ar a seanléim arís.
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad ar na gealltanais a tugadh roimh an Olltoghchán: 20,000 post, 30,000 post, 80,000 post, nó má athraímid an rialtas arís, 150,000 post, le teacht go luath?!
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa ar son an Seanad a choinneáil. Má dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.
»»»Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.
»»»Caithfear leasú na poblachta a chur i gcrích, nó fágfar dochar agus doghrainn roimh an nglúin inár ndiaidh dar le Ciarán.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa sásta rátaí tí a íoc leis an tír a chur ar ais ina neart, ar a dhá bhoinn go luath.
»»»Tá sé ort agus ní trom leat é! Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag iniúchadh ainm pearsanta an duine, spreagtha b’fhéidir, ag Lá Fhéile Chiaráin i Mí Meán Fómhair.
»»»Tá an tSín ag athrú, tá an domhan ag athrú agus deir Ciarán Mac Aonghusa go mbeidh do ghasúr féin ag tarraingt teanga eile chuige nó chuici féin, más mian leis nó léi dul chun cinn go gasta sa saol amach anseo.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.