AR NA SAOLTA SEO
Cumhacht an Airgeadais
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.

Íomhá
Herman Van Rompuy, díospóireacht faoi €uro
(le Pietro Naj-Oleari, An Pharlaimint Eorpach, ar Flickr)
Íomhá
An Tuíodóir agus Camshrón agus uimhir a deich
Íomhá
Spléachadh
(le Leader Nancy Pelosi ar Flickr)
Íomhá
David Camshrón

Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh. Is léir dúinn fosta go raibh lochtanna móra ar dhearadh an Aontais Airgeadais. Mar sin féin, is fiú go mór fadhbanna na hÉireann agus na hEorpa a chur i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus stairiúil a thugann le fios go raibh athruithe móra ar bun le tríocha bliain anuas a chuir laigí móra ar mhargaí airgeadais an domhain.

Bhí earnáil an airgeadais ag fás gan stad gan staonadh le daichead bliain anuas. Sa lá atá inniu ann bíonn scéalta faoi chistí fálaithe agus faoi bhónais na mbaincéirí i mbéal na ndaoine ach ní mar sin a bhíodh sé. D’amharctaí ar an airgeadas sna seascaidí mar ghairm bheatha a bhí marbhánta liosta. Ní bhíodh airgead mór a shaothrú ag lucht an airgeadais go dtí na seachtóidí. Ach sna hochtóidí thosaigh tuarastail an dreama seo ag méadú go mór, agus leanadh leis an bhorradh sin go dtí an lá inniu. San am chéanna, mhéadaigh an chuid de OTI na Stát Aontaithe a bhaineann le hearnáil an airgeadais ó 4% go 8%. Le tríocha bliain anuas is é an t-airgeadas is mó a mheallann na mic léinn is cliste i Meiriceá.

Cistí Fáil go hAer

Is faoi na cistí fálaithe is mó a tháinig an fás seo. Bhí sócmhainní ar luach $40 billiún acu sa bhliain 1990, agus beagnach $2 trilliún acu faoin bhliain 2011. Shaothraigh an deichniúir bainisteoirí de na cistí fálaithe is mó thart ar $1 billiún an duine sa bhliain 2008.

Meastar go bhfuil fás na dtuarastal seo ar cheann de na cúiseanna leis an mhéadú a tháinig ar an bhearna idir an saibhir agus an daibhir le linn na tréimhse seo. Chuir gearradh siar na rátaí cánach ar thuarastail mhóra (agus ar bhrabúis) leis an treocht seo gan amhras. Mar aon leis na baincéirí, ar ndóigh, tá príomhfheidhmeannaigh na gcomhlachtaí móra a shaothraigh 27 oiread an mhéid a bhíodh ag an ghnáthoibrí sa bhliain 1973 ach a shaothraigh 262 oiread an ghnáthphá sa bhliain 2005. Bhí 12% den ioncam iomlán (sna SA) ag an 1% is saibhre sa bhliain 1990. Faoin bhliain 2007 bhí 17% acu.

Ba ar éigean a tháinig aon mhéadú ar fhíorioncaim an ghnáthdhuine sna Stáit Aontaithe ó 1970 go dtí an cúlú mór. Cheap daoine ag tréimhsí áirithe go raibh a gcaighdeán maireachtála ag feabhsú, ach i ngeall ar an méid ban a chuaigh i gceann oibre taobh amuigh den bhaile a bhí sé. É sin agus rud tábhachtach eile a chuir ar chumas na ndaoine ní ba mhó d’ábhair an tsaoil a cheannach, mar atá, fiacha.

Cén fáth ar cúitíodh an lucht airgeadais chomh flaithiúil seo, fad is nár mhéadaigh rath dreamanna tábhachtacha eile, ar nós innealtóirí, dochtúirí, nó múinteoirí? Gan amhras is earnáil fhíorthábhachtach í earnáil an airgeadais – is léir gur mó fás agus forbairt a thagann faoi thíortha a bhfuil córais mhaith airgeadais acu. Ach, is deacair glacadh leis an méid a mhaíonn an lucht airgeadais féin, mar atá, gurb iadsan agus an córas casta airgeadais is cúis leis an dul chun cinn mór geilleagair sna tíortha saibhre le daichead bliain anuas. Ar a laghad, tá cúrsaí teicneolaíochta (an ríomhaire, an t-idirlíon) agus gnóthaí geopholaitíochta (fás na Síne) chomh mór agus chomh lárnach sa scéal sin.

Tháinig Mac an Oilc ar an Fhód

De réir Philip Coggan (eagarthóir ar Mhargaí Caipitil le The Economist agus údar an leabhair cháiliúil Paper Promises a chuireann síos go cruinn ar stair an airgid agus ar chúiseanna na géarchéime domhanda), tá dhá chúis mhóra le fás millteanach an airgeadais, mar atá, deireadh an chórais Bretton Woods i dtús na seachtóidí agus idé-eolaíocht Thatcher agus Reagan sna hochtóidí. Faoi chóras Bretton Woods bhí luach gach airgeadra ceangailte le luach an dollair a bhí, é féin, ceangailte le luach an óir. Bhí srianta daingne ar aistriú caipitil (infheistíocht trasteorann, ceannach scaireanna trasteorann, srl.) faoin chóras sin. Tar éis Bretton Woods ní raibh ceangail dhaingne idir na hairgeadraí – tháinig córas ráta malairte chomhlúthaigh ar an fhód agus cuireadh deireadh de réir a chéile leis sna srianta trasteorann.

Ba é an fhealsúnacht a bhí ag Thatcher agus Reagan ná gur chóir go mbeadh na margaí saor ó shrianta na rialtas agus rinne siad beart dá réir. Tugadh saoirse fhairsing do na margaí airgeadais sna hochtóidí. As seo a d’eascair na margaí todhchaíochta agus díorthacha. Tháinig fás as cuimse faoi na comhlachtaí airgeadais féin.

Faoi láthair tá na corparáidí airgeadais chomh mór agus na naisc eatarthu chomh domhain is gur leasc le rialtas ar bith ligean do cheann acu cliseadh. Tuigeann na bainc an méid seo agus téann siad i bpriacail atá rómhór dá bharr. Tá an locht seo ar cheann de na cúiseanna gur theip ar an chóras airgeadais sa bhliain 2008.

Níl ach aon réiteach ar an scéal seo: srianta a chur ar mhéid agus ar ghníomhaíochta na mbanc in athuair. Is eagal liom áfach nach mbeidh sé amhlaidh gan mhoill, nó tá na bainc róchumhachtach ó thaobh na polaitíochta de. Sin é an fáth nár éirigh leis an uachtarán Obama na hathruithe mar ba mhian leis a bhrú ar Wall Street, agus sin an fáth nach gceadóidh an Príomh-Aire Cameron aon cháin nua a chuirfeadh bac ar thionscal na seirbhísí airgeadais. Fágfar na bainc mar atá siad, “rómhór le cliseadh”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.