Ní bhítear mar a shíltear. Is léir faoin am seo nár tháinig an borradh céadtach faoin choiriúlacht a rabhthas ag súil leis, scéal a chuir Chiarán Mac Aonghusa spéis ann.
Cheap coireolaithe go dtí roinnt blianta anuas go raibh baint mhór ag rath geilleagair le rátaí coiriúlachta. Bhí siad cinnte go dtagann borradh faoi líon na gcoireanna nuair a théann cúrsaí geilleagair in olcas. Tá bunús maith leis seo nó tháinig méadú mór ar an choiriúlacht sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí i roinnt tíortha saibhre, agus ar ndóigh, tugadh suaitheadh láidir do gheilleagair na dtíortha seo le linn na tréimhse úd. Ach léiríonn staidrimh choiriúlachta gur tháinig laghdú ar an líon coireanna le linn an chúlaithe is deireanaí.
Léiríonn figiúirí sa tír seo ón Gharda Síochána go dtáinig titim ar líon na ndúnmharuithe, ar líon na n-ionsaithe ar réadmhaoin, agus ar líon na n-ionsaithe foréigneach idir 2007 agus 2011. (Garda Recorded Crime Statistics 2007-2011) Tá figiúirí de chuid an Phríomhoifig Staidrimh ag teacht leo seo mar go léiríonn siad laghdú ar na haicmí coireanna céanna seo agus ar chinn eile chomh maith, ar nós na gadaíochta. (http://www.cso.ie/en/statistics/crimeandjustice) Thug alt le déanaí ar an Irish Times (28 Meith 2013) le fios gur cosúil gur leanadh ar an chaoi seo mar gur tháinig titim eile ar líon na gcoireanna le linn an chéad ráithe i mbliana. De réir an ailt sin, tháinig laghdú de 10% ar líon na n-ionsaithe ar réadmhaoin agus laghdú de 9% ar an bhuirgléireacht le bliain anuas.
Titim Staidrimh ar Fud an Bhaill
Tríd is tríd léiríonn na staidrimh go bhfuil feabhas ag teacht ar na rátaí coiriúlachta ó thosaigh an cúlú geilleagair. Is é an scéal céanna i Sasana. De réir an Guardian (24 Ean 2013) tháinig laghdú de 8% ar líon na gcoireanna thall le bliain anuas. Is ionann an scéal sna Stáit Aontaithe: cuirim i gcás gur tháinig titim de 10% ar an bhuirgléireacht i Nua-Eabhrac idir 2008 agus 2010. (Crime and the Great Recession, City Journal, Samhradh 2011)
Is cosúil nach bhfuil na coireolaithe ach ag cur tuisceana ar an scéal seo. Go dtí seo bhí a gcuid teoiricí bunaithe ar shaothar Gary Becker, eacnamaí Meiriceánach a bhain duais Nobel. De réir Becker, is duine réasúnach é an coirpeach. Nuair a bhíonn cúlú geilleagair, is tréise an dreasú atá ann don choirpeach coir a dhéanamh. Ach tá teipthe ar an mhíniú seo anois.
Meastar go bhfuil fáthanna éagsúla taobh thiar de na laghdaithe seo. An ceann is simplí, go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí slándála – is fairsinge i bhfad iad na haláraim tí anois ná mar a bhí siad deich mbliaina ó shin, tá gaireas frithghadaíochta ar na gluaisteáin, agus tá TVI ag an chuid is mó de na siopaí.
Pobal ar Aire
Maítear fosta gur tháinig feabhas ar an phóilíneacht. Tá póilíneacht an lae inniu níos cliste – úsáid trealaimh chlosamhairc, feidhm a bhaint as staidreamh, béim a leagan ar na háiteanna is mó a ndéantar coireanna, srl. Tuigtear anois fosta go gcuireann sé bac ar choiriúlacht na gardaí a bheith ag siúl thart i measc an phobail, in áit a bheith ag tiomáint thart ag fanacht le glaoch 999.
Is fiú a lua freisin go bhfuil líon na gcimí ag méadú. An é gur lú an méid coirpeach atá ar na sráideanna de bharr go bhfuil siad i ngéibhinn cheana féin? B’fhéidir é, ach i gCeanada, áit ar laghdaigh na rátaí coiriúlachta fosta, níor tháinig aon fhás faoi líon na gcimí faoi mar a tháinig i Sasana agus sna Stáit.
I roinnt de na tíortha seo, cuirim i gcás Sasana agus na Stáit Aontaithe, tá laghdú beag tagtha ar líon na n-úsáideoirí drugaí agus ar mhí-úsáid deochanna meisciúla. D’fhéadfadh sé gur imir sé seo tionchar ar líon na gcoireanna. Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid?
Níl na Daoine Chomh Splanctha
Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo. Tuigeadh ar feadh na mblianta i dtaobh páistí a bhfuil luaidhe ina gcuid fola, ar leibhéal íseal go fiú, gur dóichí go mbíonn siad fogha foréigneach. Ó na seachtóidí i leith, nuair a cuireadh deireadh le luaidhe san artola, tá leibhéal na luaidhe san aer ag titim. Léirigh staidéar de chuid an eacnamaí Rick Nevin gurb í an titim seo an chúis is mó leis an laghdú a tháinig ar chúrsaí coiriúlachta sna nóchaidí i SAM. Ní mhíneodh sé seo cén fáth ar laghdaigh na rátaí le linn an chúlaithe seo, ach ar a laghad b’fhéidir go raibh baint aige leis an titim fhadtéarmach atá ar bun sna tíortha saibhre.
Táthar a rá freisin go bhfuil titim le feiceáil sna staidrimh ó tháinig an guthán cliste ar an tsaol. De réir an scéil seo, bíonn níos mó le déanamh ag ógánaigh atá faoi mhíbhuntáiste sa lá atá inniu ann. Cén fáth a rachaidís amach ag dó gluaisteán nuair a d’fhéadfaidís a bheith ag caint le cailíní ar facebook nó ag cur físeán ar Youtube.
Táim cinnte go bhfuil bunús le cuid de na míniúcháin seo fad is nach bhfuil i gcuid eile acu ach smaointe fánacha. Cé a déarfadh nach bhfuil athrú beag cultúrtha ag teacht ar na tíortha saibhre? Is dócha go mbíonn a ráta coiriúlachta agus a leibhéal foréigin féin ag gach ré. Ar a laghad, is dea-scéal é go bhfuil laghdú beag tagtha ar líon na gcoireanna le tamall anuas, cé go bhfuil blas beagáinín searbh air dóibh siúd a mhaígh go mbeadh an tír ina raic ag an choiriúlacht dá ngearrfaí líon na ngardaí le linn an chúlaithe.