‘Chuile líne ag dul i míne’ nó i mbrúidiúlacht? B’fhéidir gur i gclisteacht agus i mbrúidiúlacht atá an duine ag dul dar le Ciarán Mac Aonghusa.
Nuair a cuireadh Facebook ar an mhargadh an mhí seo caite chuir sé ag machnamh mé ar an teicneolaíocht agus ar an dul chun cinn a rinne an cine daonna ó thús an chéid seo caite. Tá mo sheanmháthair beo fós agus bhí a máthair siúd beo nuair a rinne Marconi an chéad chumarsáid thras-Atlantach sa bhliain 1901. Anois tá 7 míle milliúin uimhreacha ghutháin ann – cinn soghluaiste san áireamh. Tá níos mó naisc ghutháin ná mar atá daoine ann. Agus tá 900 milliúin úsáideoirí ag Facebook féin!
Ní i réimse na cumarsáide amháin, ar ndóigh, a rinneadh dul chun cinn mór le céad bliain anuas: tháinig ann don teilifís, an diúracán – an roicéad, an chumhacht eithneach, an t-eitleán, an ríomhaire, an t-idirlíon, an frithbheathach, an nódú orgáin, agus go leor eile nach iad. Gan amhras ar bith chuaigh an teicneolaíocht chun cinn ní ba ghaiste le linn an fhichiú céad ná mar a chuaigh sí sa chúig chéad bliain roimhe sin. Ach an ionann dul chun cinn teicneolaíochta agus dul chun cinn an duine? Ní féidir an cheist seo a fhreagairt gan tabhairt faoi cheist atá níos casta fós, mar atá, cad é a chiallaíonn dul chun cinn an duine?
Ar an drochuair níl sainmhíniú ar leith a nglactar go forleathan leis. Baineann na náisiúin aontaithe úsáid as an Innéacs um Fhorbairt Dhaonna. Níl san innéacs ach iarracht an cháilíocht beatha a mheas. I measc na rudaí a chuirtear san áireamh tá an t-ionchas saoil, an t-oideachas, agus an litearthacht. Uaireanta cuirtear sláinte an duine agus an bhásmhaireacht naíonán san áireamh fosta. (Mar a tharlaíonn sé, bhain Éire an seachtú háit ar domhain amach sa bhliain 2011)
Saol Socair Suaimhneach
Is cinnte go ndeachaigh “Innéacs um Fhorbairt Dhaonna” na hEorpa go mór chun cinn le céad bliain anuas. Bhí an chuid is mó de mhuintir na hEorpa ina dtuathánaigh agus iad beo bocht ag tús an chéid seo caite. Chaithidís éadaí bunúsacha gan dath, níor nigh siad iad féin ach cúpla uair sa bhliain, d’ithidís bia diúid a dhéanaidís nó a chuiridís féin – arán, pasta, glasraí, cáis. Bhí cúram leighis fíorbhuntúsach. Bhí, cuirim i gcás, súmairí fós in úsáid acu i go leor áiteanna. Bhí an eitinn fós ina galar mór marfach – fuair níos mó ná caoga míle duine bás den eitinn i Sasana sa bhliain 1914. Bhí muintir na tuaithe fós an-chráifeach agus an-phiseogach.
Is ar éigean a bhí an saol ní b’fhearr ag muintir na gcathracha. Bhí na cathracha agus na bailte ag fás de réir mar a bhí an geilleagar ar fud na hEorpa a thionsclú ach bhí bunús na ndaoine ina gcónaí sna plódcheantair. Áiteanna iad sin a raibh an iomarca daoine i dtithe suaracha, gan uisce reatha agus gan séarachas don chuid is mó. Obair sna monarchana a bhí ag tarraingt daoine ar na bailte, ach bhí an obair sin dian, contúirteach, agus bhí na huaireanta fada. Sin é an fáth gur tháinig gluaiseacht na gceardchumann i méadaíocht thart ar an am sin.
Ní gá a rá go raibh cearta an duine fíortheoranta. Ba ar éigin a bhí an coincheap sin ann. Ní ba chrua fós a bhí an saol ag cineálacha áirithe daoine: homaighnéasaigh, Giúdaigh, daoine gorma, agus ar ndóigh, mná. Ní raibh an daonlathas ach ina thús – ní raibh aon tír san Eoraip a raibh sé de chead ag mná vóta a chaitheamh.
Mar sin, fríd is fríd, tháinig feabhas ollmhór ar shaol an duine san Eoraip le céad bliain anuas. Ach ba chrua an turas é. Áirítear an fichiú haois ar cheann de na haoiseanna is fuiltí dá raibh ann. An aois a thug saoirse dúinn nach raibh againn riamh roimhe i stair an chine dhaonna, agus a thug folláine agus forbairt dúinn. Thug sí an bharbarthacht agus an bhrúidiúlacht dúinn fosta.
Cruas Croí
Ní féidir cúrsa casta an fhichiú haois a lua gan Stalin agus Hitler a chur leis. Ba san fhichiú haois a tharla an cogadh ba fhuiltí dá raibh ann i stair an chine dhaonna. Maraíodh thart ar 60 milliún duine le linn an Dara Cogadh Domhanda. Agus ina measc siúd bhí an 6 milliúin duine [nó idir 11m. agus 17m duine ar áireamh eile] a cuireadh chun báis go fuar brúidiúil san Uileloscadh, atá ar cheann de na scéalta is uafásaí agus is náirí i stair an duine.
Má chuamar chun cinn chomh fada is a bhaineann sé le hábhair an tsaoil – ionchas saoil, sláinte, tithíocht, iompar, srl. – is amhlaidh nár tháinig aon athrú ar bhunmhianach an duine. Níl sa tsibhialtacht ach smacht a choinneáil ar na fórsaí dorcha atá ionainn ó dhúchas. Léiríonn an fichiú haois go bhfuilimid ag brath ar an daonlathas agus an cheannaireacht cheart chun an smacht sin a choinneáil. Gach uair a chlis ar an daonlathas, tháinig ann an t-uafás i réim.
Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh – as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha. Táimid ag dul chun cinn gan amhras, ach ní thiocfaidh deireadh leis an choimhlint idir an mhaith agus an t-olc i gcroí an duine.
Chuaigh mé i muinín an leabhair “Barbarism and Civilisation: A History of Europe in Our Time” le Bernard Wasserstein.