AR NA SAOLTA SEO
An Afraic Theas
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Is iontach gur tháinig an Afraic Theas amach slán as ré bhrúidiúil na cinedheighilte. Tá an choiscéim thábhachtach eile sin le glacadh anois dar le Ciarán Mac Aonghusa.

Íomhá
Nelson Mandela sé bliain ó shin
(le South Africa The Good News www.sagoodnews.co.za ar Flickr)
Íomhá
Fear eile ag éirí aníos, Julius Malema
(le Gary van der Merwe ar Vicipéid)
Íomhá
De Klerk & Mandela ag an World Economic Forum
(le weforum)
Íomhá
Jacob Zuma, Uachtarán na hAfraice Theas
(le gcis.gov.za ar Vicipéid)

Nuair a bhásaigh Nelson Mandela ag deireadh na bliana seo caite léirigh na milliúin duine ar fud na cruinne cionn is gur sheas sé an fód=because he stood his ground">="gloss" title="the high regard and respect">an t-ardmheas agus an t-ómós a bhí acu air. Ba ghránna agus ba uafásach an rud é an cinedheighilt, nó apartheid. Níor thuill Mandela an meas cionn is gur sheas sé an fód ina choinne, áfach. An rud ba mhó a chuaigh i gcionn ar dhaoinean dóigh nár léirigh Mandela aon ghoimh ina dtaobh siúd a choinnigh é féin agus a chine faoi chois. Bhí Mandela móraigeantach, bhí sé cróga, agus bhí sé mórchroíoch. Ní thagann a leithid ar an tsaol ach go hannamh agus is cinnte go raibh sé ar dhuine d’fhir mhóra an fhichiú aois.

Nuair a cuireadh príosún air sa bhliain 1962 bhí an chinedheighilt faoi lán seoil san Afraic Theas. Faoin bhliain 1999, nuair a thug sé cúl leis an pholaitíocht, i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh mar uachtarán ar an tír, bhí poblacht nua dhaonlathach bunaithe aige. Bhí an Afraic Theas ina léaró dóchais do dhaoine ar fud na cruinne gur féidir coimhlint stairiúil a shocrú nó éagóir sheanbhunaithe a shárú ar bhealach síochánta. Ar mhí-ámharaí an tsaoil rinneadh ár uafásach fuilteach i Rwanda an bhliain inar toghadh Mandela mar uachtarán. Bhí siad ann a thuar go gcríochnódh an Afraic Theas amhlaidh, ach buíochas le Dia d’éirigh leo an chinniúint sin a sheachaint.

Má thosaigh an Afraic Theas go maith, cén dóigh a bhfuil sí inniu agus céard atá i ndán di?

fadhbanna móra fós le réiteach ag an tír. Tá 25% de na daoine dífhostaithe, faoi mar atá 50% den dream óg. Níor tharla aon ‘mhuirthéacht teicneolaíochta’ ann, faoi mar a tharla san India, agus níor mheall an tír an déantúsaíocht idirnáisiúnta faoi mar a rinne an tSín. Tá an chuid is mó de na hiamhbhailte shuaracha a bunaíodh le linn aimsir na cinedheighilte fós ann.

Nuair a d’éirigh leis an ANC deireadh a chur le apartheid chuaigh siad i gceannas ar an tír cionn is gurbh iadsan an dream is mó. Ach sa chuid is mó fágadh dreamanna nach raibh ceangail acu leis an pháirtí gan aon chumhacht sa náisiún nua. Faoi láthair tá roinnt páirtithe láidre eile ann, ar nós An Páirtí Inkatha ar son na Saoirse (a fhaigheann tacaíocht ó mhuintir na Súlúise). Ach go gasta tar éis imeacht Mandela, agus b’fhéidir lena linn féin, bhí muintir an ANC ag fáscadh a ngreama ar fhorais agus ar acmhainní geilleagair an stáit. Iad siúd a raibh baint acu leis an ANC, nó a raibh beagáinín oideachais orthu, d’éirigh leo. Fágadh an chuid eile ar lár ón bhorradh gheilleagair.

Aibhléis agus Uisce

Faoi láthair tá an Afraic Theas ar cheann de na tíortha is éagothroime ar domhan. Tá siad níos measa ná aon tír eile san Afraic, níos measa ná an India, agus níos measa na an Bhrasaíl.

Ach é sin ráite tá dul chun cinn mór déanta. De réir a chéile tá an aibhléis agus an t-uisce a gcur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sna ceantair is boichte. Tá an céatadán de dhaoine óga a chríochnaíonn oideachas bunscoile ag dul in airde, cé go bhfuil a dhá n-oiread níos airde i measc an chine ghil is atá sé i measc an chine ghoirm. Tá cúrsaí sláinte ag feabhsú (básmhaireacht naíonán srl.) de réir a chéile. (Tá eolas maith ar dhul chun cinn na hAfraice Theas ar fáil san Tuarascáil Millennium Development Goals 2013, Assessing Progress in Africa).

Ach más ea go gcuirfear bac ar an Afraic theas, ní bheidh cúrsaí geilleagair ina bhun. Tá maoin agus áilleacht ag an tír. Tá sí ina áit mhaith, agus tá ceangail stairiúla trádála agus tráchta aici. Is í an chaimiléireacht is dóiche an bac is mó atá le sárú ag an tír. Chaill an tANC féin meas na ndaoine le blianta beaga anuas. Thosaigh an lucht féachana ag feadaíl go drochmheasúil ar an uachtarán, Jacob Zuma, ag ócáid chuimhneacháin in ómós do Mandela féin. Síleann na daoine go bhfuil caimiléireacht ar bun aige agus nach do leas na tíre atá sé féin agus a chomrádaithe.

Tá fianaise eile ann go bhfuil an tír ag sleamhnú ó luachanna aimsir Mandela. Sa bhliain 2011 chuir an rialtas srian ar shaoirse na meán. Maidir le stádas na mban, tá sé ráite go bhfuil dearcadh diúltach go maith ag Zuma féin. Deirtear fosta go bhfuil fás an-mhór faoin chóiriúlacht i gcoinne daoine a bhfuil airgead acu sna bruachbhailte agus go bhfuil sé seo ag cothú teannais idir an dá chine.

Titim an ANC

Ach ní féidir linn samhlú go dteipfidh go hiomlán ar an Afraic Theas agus go dtitfidh sí siar i measc na dtíortha Afracacha eile atá ag cliseadh. (An tSiombáib cuirim i gcás). Is cosúil go bhfuil na daoine ag tabhairt cúil leis an ANC fosta. Tá an céatadán de na vótaí a fhaigheann siad ag titim fad is atá páirtithe eile ag fás. Tiocfaidh an lá nach mbeidh an tANC in ann rogha na ndaoine a áireamh leo. Agus ní dóigh liom go mbainfidís úsáid as an láimh láidir le greim a choinneáil ar an chumhacht. Ar an chéad dul síos, tá taithí ag na daoine ag seasamh in aghaidh na héagóra agus má throid siad ar na sráideanna in aghaidh apartheid, troidfidh siad in aghaidh aon dream a choinneodh faoi chois iad.

Tá sé fíorthábhachtach go n-éireodh leis an Afraic Theas – ar mhaithe lena muintir féin ar ndóigh ach ar mhaith le muintir na hAfraice ar fad. Is rómhinice a thagann stáit atá teipthe orthu chun intinne nuair a smaoinímid ar an Afraic. Ar an drochuair ní dual do mheáin an Iarthair an dea-scéala a thabhairt dúinn ón Afraic. Tá dul chun cinn maith déanta ag an Bhotsuáin agus ag an Namaib, cuirim i gcás.

Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.