Na timpistí a gealladh nach dtarlódh, ach a tharla, agus na timpistí uafásacha a tharlóidh amach anseo a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa.
Ba bheag nár mhaidhm buama eithneach os cionn Goldsboro, North Carolina i mí Eanáir na bliana 1961. Scaoil Aerfhórsa na Stát Aontaithe dhá bhuama hidrigine de thimpiste nuair a bhain fadhb don eitleán B-52 a bhí á n-iompar. Bhí na buamaí seo 260 oiread ní ba láidre ná iad siúd a caitheadh ar Hiroshima sa bhliain 1945. Thit ceann de na buamaí hidrigine ar chrann agus ceann eile i bpáirc. Bhí an dá bhuama armtha nuair a scaoileadh iad agus phléascfaidís ach go bé gur theip ar lasc sna córais leictreachais. Ní raibh ach lasc beag idir North Carolina agus an t-uafás.
Coinníodh scéal Goldsboro faoi rún go dtí an mhí seo caite nuair a scaoileadh é i gcáipéis oifigiúil. Léiríonn sé arís dúinne, an ghlúin nach bhfuil cuimhne againn ar an dara Cogadh Domhanda, agus don ghlúin níos óige fós nach bhfuil cuimhne acu ar an Chogadh Fhuar, chomh contúirteach uafásach is atá na hairm eithneacha.
Ní chuireann aon nath síos ar an fhichiú haois níos cruinne ná teidil an leabhair staire le Clive Pointing, An Dul Chun Cinn agus an Bharbarthacht (.i. Progress and Barbarism 1998). D’eascair an t-arm eithneach as an dul chun cinn iontach a rinneadh i réimse na fisice sa chéad leath den fhichiú aois, agus léiríonn tógáil agus úsáid an airm chéanna an bharbarthacht a luíonn i gcroí an duine. Mar sin is suaitheantas cuí don fhichiú haois é an t-arm eithneach.
Faoi Pholl Cnaipe de
Má shílimid go mbaineann an chontúirt eithneach le lár na haoise seo caite, áfach, tá dul amú orainn. Ar maidin ar an 25ú lá d’Eanáir na bliana 1995 thug cuiditheoir le Boris Yeltsin an ‘mála cáipéisí’ eithneach dó. Bhí solas beag lasta ar an chás agus nuair a d’oscail Yeltsin é léirigh scáileán istigh gur scaoileadh diúracán i ngar don Iorua agus go raibh sé dírithe ar Mhoscó. Bhí focal folaigh ag Yeltsin a d’fhéadfadh sé a bhrú isteach ar na cnaipí agus a chuirfeadh an cogadh mór eithneach faoi lán tseoil, mar bhí a gcuid diúracán agus a gcuid fomhuireán féin ag na Rúisigh agus bhí siad seo ar fad réidh chun oibre.
Léirigh gléasra radair na Rúiseach gur chosúil gur ó fhomhuireáin san Atlantach Thuaidh a thosaigh na Meiriceánaigh an t-ionsaí. San am seo bhí an t-eolas céanna ag Ceann Foirne Arm na Rúise, an Ginearál Mikhail Kolesnikov, agus chuir sé scairt láithreach ar Yeltsin ag fiosrú céard ba chóir dó déanamh. Ní raibh ach sé bhomaite ag Yelstin chun cinneadh a thabhairt.
Tar éis dóibh súil a choinneáil ar rian an diúracáin ar feadh cúpla bomaite eile, thuig na Rúisigh nach raibh sé ag tarraingt orthu. Dhún Yeltsin an consól. Ba é an rud a bhí ann ná diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde chun staidéar a dhéanamh ar na Gealáin Thuaidh.
Mar Gheall ar Fhadhb Theicniúil
Tharla na céadta teagmhas ar aon dul leis seo ó tháinig ann do na hairm eithneacha. Is léir gur tharla sé cúpla uair gur beag nár baineadh úsáid as na hairm uafásacha seo d’aon ghnó, cuirim i gcás Géarchéim Diúracán Chúba sna seascaidí, ach tríd is tríd, ba lia ar fad na himeachtaí a raibh fadhbanna teicniúla nó cumarsáide i gceist.
Is córais fhíorchasta iad na hairm seo agus anuas air sin, dearadh iad le gur féidir iad a chur ar siúl an-ghasta (ní bheadh aon mhaith iontu dá mbeadh moill mhór i gceist chun iad a shocrú). Tuigeann gach innealtóir go dtagann an chastacht agus an deifir salach ar a chéile.
Sa lá atá inniu ann tá na córais seo ag brath go mór ar ríomhairí agus léirítear dúinn go minic go dteipeann orthu siúd ó am go ham. Tá na córais seo chomh casta agus nach féidir iad a dheimhniú céad faoin chéad. Is cuma cé chomh docht is atá an tástáil, fágfar cás éigin as an áireamh.
Má tá an scéal scanrúil sna Stáit Aontaithe tá sé fiche uair níos measa sna tíortha móra eile. Ar an drochuair, theip orainn bac a chur ar scaipeadh na n-arm eithneach. Amach ó na tíortha Eorpacha agus na Stáit Aontaithe, tá airm eithneacha ag an tSín, an India, an Phacastáin, Iosrael, An Chóir Thuaidh agus an Rúis, gan bheith ag trácht ar cibé obair atá déanta ag an Iaráin. Cén caighdeán sábháilteachta atá ag na tíortha eile seo? Is tíortha iad seo ina mbíonn na timpistí tionsclaíocha is measa – sna mianaigh agus sna monarchana go háirithe.
I nDiaidh na Tubaiste a Thuigfear an Chontúirt
Ach ní féidir linn breithiúnas a thabhairt ar na tíortha atá faoi fhorbairt. Cén fáth a mbeadh sé de cheart againn, sna tíortha saibhre, na hairm seo a choinneáil fad is nach mbeadh an ceart céanna ag aon dream eile.
Is iontach an rúndacht a bhaineann leis na hairm seo agus táim cinnte gur iomaí scéal scanrúil atá fós le sceitheadh. Faraor géar ní dóigh liom go n-ardófar an cheist i gceart go dtarlóidh an tubaiste mhór atá, gan aon amhras, amach romhainn. Nuair a bhraithimid scéal na Siria agus na hAirm Cheimiceacha tchímid an éagumas agus an laige brí atá ann maidir le húsáid arm a deirtear nach bhfuil ceadaithe. Léiríonn sé nach bhfuil sé de mhian ag na tíortha cumhachtacha deireadh a chur leis na hairm uafásacha sin ach oiread.
Faoi láthair tá an caidreamh idir an Rúis agus na Stáit Aontaithe ag fuarú arís. Iadsan a bhí chun cinn i laghdú na n-arm eithneacha. Chuir tubaiste Fukushima scéal na cumhachta eithnigh ar ais i mbéal na ndaoine, ach ar chúis amháin nó ar chúis eile tháinig an t-arm eithneach slán ó cháineadh na ndaoine. Má tharlaíonn an chéad Fukushima eile ag sadhlas eithneach in áit stáisiúin aibhléise, beidh orainn aghaidh a thabhairt (arís) ar cheann de na hiarmhairtí is uafásaí a d’fhág an fichiú haois againn.