AR NA SAOLTA SEO
Uair na Cinniúna in Albain
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa ann as i dtaobh saoirse iomlán na hAlban. Ar nós roinnt mhaith de Ghaeil na hAlban, tá sé féin ag meá dhá thaobh an scéil go fóill.

Íomhá
Alex Salmond, an Chéad Aire
(le Scottish Governent ar Vicipéid)
Íomhá
Teach Dála na hAlban
(le Paul Buckingham, geograph.org.uk)
Íomhá
Gordon Mac a'Bhriuthainn
(le Remy Steinbegger, Vicipeid)
Íomhá
An t-iar-phríomhaire John Major
(le Tracey Hall-Leahy ar Vicipéid)

Dá mbeinn in Albain ar an 18ú lá den mhí seo chugainn cén chaoi a gcaithfinn mo vóta sa reifreann? Leis an fhírinne a rá níl a fhios agam, agus ag amharc ar na hargóintí ar son agus in aghaidh na cúise, is léir go bhfuil an scéal fíorchasta agus is dóiche, sa deireadh thiar thall, gur mó an tionchar a imreoidh cúrsaí staire ná cúrsaí geilleagair, agus gur i gcroí na ndaoine a bheidh an freagra in áit ina gcloigne.

Tá an t-iar-phríomhaire Gordon Browne ar cheann de na hainmneacha is mó atá i gcoinne an neamhspleáchais. Leagann Browne an bhéim ar chúrsaí geilleagair. Deir sé nach bhfuil aon chiall leis an mhéid a deir na Náisiúnaigh, is é sin go mbeadh Alba in ann an punt a choinneáil. Bheadh an punt acu mar airgeadra agus gan aon tionchar acu ar a riaradh. Ar a laghad tá feisirí acu i Londain faoi láthair agus tá guth acu i stiúradh an airgeadra. Chomh maith leis sin, tá na náisiúnaigh ag maíomh go mbeidh Alba ina ball den AE, ach de réir na rialacha bíonn ar gach ball nua an €uro a ghlacadh faoi dheireadh.

Maíonn Browne go gcaillfí poist in Albain dá bhfágfaidís an tAontas. Tá na mílte státseirbhíseach a bhaineann leis an Aontas lonnaithe in Albain. Chomh maith leis sin, chaillfeadh Alba an tionchar domhanda atá (fós) ag an Ríocht Aontaithe. Tá naisc ag an Ríocht Aontaithe, agus ag comhlachtaí móra na Ríochta, fud fad an domhain.

Fíorluach na hOla

De réir Browne is fearr d’Albain dul i ngleic le fadhbanna ar nós an chomhionannais má tá sí ina chuid de thír atá níos mó. Níor thug sé mórán fianaise ar son na hargóna seo faraor. Maíonn sé fosta gur mó an tairbhe a bhaineann Alba as tráchtáil le Sasana agus as an ghnó a dhéanann comhlachtaí Albanacha i Sasana. Níor léirigh sé áfach cén fáth nach bhféadfaí leanúint leis seo dá mbeadh Alba neamhspleách. Cé a chreidfeadh go ndúnfadh Sasana a teorainn in aghaidh táirgí Albanacha?

Tá go leor daoine eile in aghaidh an Neamhspleáchais cionn is nár cuireadh ina luí orthu go bhfuil na buntáistí chomh soiléir sin. Deir siad go bhfuil difríochtaí cinnte idir Albain agus Sasana ach sa deireadh cé mhéad tíortha atá chomh cosúil lena chéile agus a bhfuil a stair chomh fite fuaite lena chéile. Níl sé soiléir cén todhchaí a bheadh ag Albain neamhspleách – an mbeadh ar Albain a cuid de na fiacha náisiúnta a ghlacadh, cuirim i gcás? Séanann na daoine gur fiú go mór ola na Mara Thuaidh. Is cosúil gur fiú £6.5 míle milliún in aghaidh na bliana é an ola sin do rialtas na Ríochta, ach faigheann Albain íocaíochtaí ar fiú £12 míle milliún iad ón rialtas lárnach. Anuas air sin tá tairgeadh an ola sin ag titim ó bhí 1999 ann.

Ar an taobh eile den cheist tá leithéid Neal Ascherson, scríbhneoir agus iriseoir Albanach, a mhaíonn gur chóir d’Albain dul a bealach féin. Is cuma cén freagra a thabharfaidh muintir na hAlbain an iarraidh seo, a deir Ascherson, beidh an tír neamhspleách gan mhoill. I reifreann sa bhliain 1979 vótáil na hAlbanaigh ar son parlaiminte i nDùn Èideann, ach bhí líon na ndaoine beagáinín ró-íseal le go gcuirfí an rún sin i bhfeidhm. Sa bhliain 1997 vótáil siad go mór ar son na parlaiminte sin agus athsheoladh parlaimint na hAlban sa bhliain 1999 tar éis beagnach 300 bliain. Is léir cén chinniúint atá roimpi mar thír.

De réir Ascherson tá muintir na hAlbain in airde brí le blianta beaga anuas. Ina n-intinn féin tá siad níos compordaí agus níos muiníní le coincheap an neamhspleáchais. Nach bhfuil siad i gceannas ar ghnéithe inmheánacha na tíre le cúig bliana déag agus nár éirigh chomh maith leo le hoifigigh Londain? Deir Ascherson nach bhfuil sa nasc le Londain faoi láthair ach srian atá ag cur bac orthu a bhfís féin a chomhlíonadh. Thabharfadh an neamhspleáchas saoirse dóibh – saoirse ó na rialtais ar fad nár thogh siad. Tá muintir na hAlban go láidir in aghaidh na dTóraithe agus is beag vóta a fhaigheann na Tóraithe sa tír sin, ach mar sin féin, bíonn orthu cur suas le rialtais na dTóraithe.

Feiceann Súil Albannach Saol Albannach

Maíonn Ascherson go bhfuil muintir na hAlbain tinn tuirseach de dhearcadh na Sasanach ina dtaobh. Luann sé an méid a dúirt John Major nuair a bhí sé ina phríomhaire – “tá na moltaí seo faoin dílárú seafóideach ar fad. Má leantar ar aghaidh leis fágfar na hAlbanaigh amach ó chroílár an bháire ar fad. Ba chóir dom dul ó thuaidh ansin anois is arís ar cuairt”.

Deir Ascherson nach ionann iad an dearcadh atá ag an dá phobal ar chúrsaí sóisialta agus geilleagair. Léiríonn nósanna na vótála é seo agus, de réir Ascherson, léiríonn an comhrá náisiúnta in Albain go bhfuil siad níos dílse don NHS agus don sóisialachas daonlathach ná mar atá boic Londain.

Mar sin tá dhá thaobh ar an scéal ach is cinnte go n-imreodh neamhspleáchas na hAlban tionchar ar chúrsaí polaitíochta taobh amuigh den Ríocht Aontaithe. Beidh muintir thír na mBascach agus muintir na Catalóine ag breathnú go géar ar thoradh an reifrinn. Agus níos gaire dúinn in Éirinn, cén chaoi a gcuirfeadh an neamhspleáchas sin isteach ar dhearcadh na n-aontachtaithe i dTuaisceart Éireann. Cén cineál aontais é go bhfuil daoine ag iarraidh é a fhágáil? Nárbh aisteach an rud é mura mbeadh ceangail le hAlbain le seanchroí na himpire i Londain fad is a bheadh sleachta na nAlbanach a tháinig go hÉirinn ag coinneáil dlúthcheangail leis an tseantír?

Tabharfaidh muintir na hAlban a bhfreagra gan mhoill. Níl a fhios agam an gcuirfidh an eagla isteach ar a n-intinn, nó an ligfidh siad dá gcroí an cinneadh a thabhairt. Is leasc le ceannairí Londain Alba a ligean uathu, agus má fhanann na hAlbanaigh sa Ríocht is cinnte go méadófar na cumhachtaí atá acu. Sa chás sin bheadh leagan amach na Ríochta ar aon dul le córas feidearálach. Is cuma cén toradh a bheidh ar an vóta, beidh lámh níos láidre ag muintir na hAlban ina gcinniúint féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.