Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa gur spaga beag folamh an rialtais áitiúil a d’fhág é ag santú comhlachtaí a chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic. Ní chun leas na timpeallachta an méid sin.
Ní féidir doineann ar leith a chur síos don athrú aeráide, ach chuir an spéirling Sandy, a bhuail Oir-Thuaisceart na Stát Aontaithe le gairid, daoine ag smaoineamh ar an fhíor-dhrochaimsir, atá, de réir cosúlachta, ag tarlú níos minice ná cheana. Ag an am chéanna, áfach, tá níos mó daoine ag cur in aghaidh ceann de na foinsí is mó d’fhuinneamh in-athnuaite, mar atá, an ghaoth.
Ar cheann de na tograí is mó a tharraing aird na meán – idir áitiúil agus náisiúnta – tá an fheirm ghaoithe atá beartaithe ar na Gleannta i dTír Chonaill. Chuir pobal na nGleannta in aghaidh an iarratais phleanála i dtús, ach níor ghlac an Chomhairle Chontae lena n-achainí agus thug siad an cead pleanála do Straboy Wind Energy. Beidh corradh le fiche muileann gaoithe á gcrochadh in airde ar chnoic na nGleannta. Chuir an pobal a bhí i gcoinne na muilte seo achomharc os comhair An Bhoird Phleanála, agus tá súil le cinneadh an Bhoird gan mhoill.
Ní hiontas ar bith é gur i dTír Chonaill atá ceann de na cásanna is conspóidí nó tá i bhfad níos mó feirmeacha gaoithe sa chontae sin cheana féin ná mar atá in aon chontae eile. Ó thaobh aschur chumhachta de, tá an méid céanna fuinnimh á tháirgeadh ón ghaoth i gCorcaigh agus atá i dTír Chonaill (283MW sa dá chontae, de réir Chumann na Gaeithe Teo. Féach http://www.iwea.com. Níl ach 20 feirm gaoithe i gCorcaigh, áfach, fad is atá 32 i dTír Chonaill. An duine a thabharfadh camchuairt ar an chontae thuaisceartach, ní fhéadfadh sé ach iontas a chur sa mhéid muilte gaoithe atá scaipthe fud fad na gcnoc álainn gorm.
Údair Imní
I measc na gcúiseanna gearáin is mó a bhíonn ag an phobal i gcás feirm gaoithe tá: an tormán, an chaochaíl scáileanna, agus an tionchar ar áilleacht na tíre. Bíonn eagla ar dhaoine go gcuirfeadh an tormán a thiocfadh ó na muilte isteach ar a sláinte. Maíonn an dream a thacaíonn go láidir le fuinneamh gaoithe nach bhfuil bun ar bith leis an imní seo, ach tá siad ann i measc an lucht leighis a cheapann gur chóir achar de roinnt ciliméadar a fhágáil idir muileann mór gaoithe agus teach cónaithe. An rud céanna leis an chaochaíl scáileanna.
Maidir le dochar don tírdhreach tá dhá chuid den scéal – dochar do luach tithe agus dochar d’áilleacht na tíre. Tugann roinnt fianaise ó na Stáit Aontaithe le fios go dtagann laghdú ar luach tithe nuair a thógtar feirmeacha gaoithe in aice leo. An scéal céanna i Sasana. Agus sa Danmhairg tugtar aitheantas oifigiúil don dochar a dhéantar do luach tithe agus tá scéim ar bun a thugann cúiteamh do shealbhóirí tithe.
Léiríonn pobalbhreitheanna go síleann go leor daoine nach gcuireann feirmeacha gaoithe isteach ar áilleacht na tíre. Tá siad ann, go fiú, a shíleann gur áille fós an cnoc a bhfuil sraith muilte ar a bharr. Ach léiríonn fianaise eile go mbíonn barúil eile ag na daoine seo nuair a thógtar méid áirithe muilte. ’Sé sin, go réitíonn sé go measartha leis an tsúil roinnt muilte a fheiceáil i bhfad siar ar bharr cnoic, ach gur scéal eile é nuair a fheictear sraith mhór muilte, go háirithe má bhíonn siad níos deise don tsúil.
Is deacair liom a chreidiúint nach dtiocfadh feirm mhór ghaoithe salach ar áilleacht na tíre nuair a thógfaí méid áirithe muilte. I mbeagán focal, scriosfaí an radharc nuair nach mbeadh le feiceáil soir nó siar ach muilte móra millteacha. Tá VisitScotland ag teacht liom. Is cosúil gur admhaigh siad le déanaí go bhféadfadh feirmeacha gaoithe dochar a dhéanamh don turasóireacht in áiteanna áirithe. Ní thagann cuairteoirí go hAlbain le sraitheanna móra muilte a fheiceáil. An scéal céanna in iarthar na hÉireann, an áit is fearr sa tír ó thaobh cumhacht na gaoithe de. Ní san innealra ach sa dúlra atá suim an turasóra a théann go Maigh Eo nó go Tír Chonaill.
Námhaid sa Chúirt agus Punt as Póca
Tá cúis eile taobh thiar den chur i gcoinne i dTír Chonaill áfach, agus is dócha gurb amhlaidh an scéal i gcontaetha eile. Tchítear do dhaoine nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu agus nach bhfuil an córas pleanála seasmhach, ionraic, ciallmhar.
Tá aithne agam ar fhear amháin, tugaimis Seán air, a chuir isteach iarratas pleanála ar theach cónaithe i ndeisceart Thír Chonaill cúpla bliana ó shin. Ní raibh i gceist ach bungaló measartha agus é in aice le muintir bhean chéile an fhir seo. Is ar éigin a fuair sé a chead – thug an lucht pleanála air an póirse beag a bheadh ag doras na sráide a fhágáil ar lár agus fuair sé an cead ar choinníoll go rachadh sé féin agus a bhean chun cónaithe sa teach. (Bhí siad ag rith leis an choinníoll gur faoi choinne duine de bhunadh na háite é an teach). Dúradh leis nach raibh an póirse ag teacht le stíl na háite. Bhí go maith. Fuair sé an cead.
Roinnt míonna ina dhiaidh sin fuair duine eile – nárbh ón cheantar é – cead do theach mór in aice le Seán. Arís fuair an té seo cead ar choinníoll go rachadh sé chun cónaithe sa teach, ach mar a tharlaíonn sé, tógálaí a bhí san fhear seo agus bhí cead faighte aige fiche teach a thógáil ar fud na contae. Thóg sé an teach agus dhíol é gan oíche a chaitheamh ann.
Anois deir Seán liom go bhfuil iarratas pleanála curtha isteach chuig an Chomhairle Chontae d’fheirm gaoithe a bheidh faoi fhad urchar cloiche dá theach. De réir pleananna forbartha na comhairle féin, is ceantar é seo a gcaithfeadh aon fhorbairt a dhéanfaí ann a bheith ag teacht leis an tírdhreach. Ach beidh dhá airde Hall na Saoirse (atá fós ar ar cheann de na foirgnimh is airde i mBaile Cliath) sna muilte ollmhóra atá beartaithe.
Ball Lag an Rialtais Áitiúil
Cuireann na húdaráis pleanála dua, costas, agus imní ar dhaoine agus iad i mbun teach a thógáil agus san am chéanna tugann siad cead pleanála do na cuideachta móra fuinnimh muilte ollmhóra a thógáil sna háiteanna is áille sa tír. Déarfadh Comhairle Chontae Dhún na nGall nach bhfuil siad ach ag iarraidh foinsí in-athnuaite fuinnimh a shaothrú, ach tá gach aon dealramh ar an scéal gurb é an t-airgead an chloch is mó ar a bpaidrín. Ní hamháin go n-íocann na comhlachtaí fuinnimh na mílte agus na céadta mílte as an chead phleanála, ach bíonn orthu na céadta míle euro a íoc in aghaidh na bliana mar rátaí ar aon fheirm ghaoithe a chuirfí ar siúl.
Tá maoiniú na n-údarás áitiúil iontach saoithiúil ar fad: níl an pobal róshásta iad a mhaoiniú go díreach agus mar gheall air sin, tá na húdaráis ag brath go mór ar na gnóthaí móra. In aimsir na gciorruithe luíonn sé le céill go ndéanfadh na comhairlí contae a ndícheall na gnóthaí móra seo a mhealladh. Agus tá a fhios againn gurb é té a íocfas an téileireacht a roghnós an port.
Léiríonn scéal na bhfeirmeacha gaoithe a dhonacht is atá an rialtas áitiúil in Éirinn. Níl aon nasc ann idir an ionadaíocht agus an cháin, nasc atá ag croílár an daonlathais. Níl muinín ag an phobal sna húdaráis, agus feictear don phobal nach bhfuil an stát, ag leibhéal áitiúil, ag freastal orthu mar ba cheart.
Fágfaidh an drochbhail seo nach mbeimid i gcumas an tírdhreach a chaomhnú agus an fuinneamh in-athnuaite a shaothrú. Ní gá go dtiocfadh an dá aidhm sin salach ar a chéile. Ach leis an cheist a shocrú teastaíonn leasú ceart – ó bun go barr – ón rialtas áitiúil. Tá rud eile de dhíth – tá, go dtiocfadh an pobal ar an tuiscint go mbeidh orthu bealach nua a fháil, táille tí nó eile, leis an rialtas áitiúil a mhaoiniú.