AR NA SAOLTA SEO
An Obair ag Athrú
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.

Íomhá
Spraoi san ionad oibre, Google BÁC
(le Alvar Lopez ar Picasaweb)
Íomhá
An nuáil
(le Banjaxx ar Flickr)
Íomhá
Urraíocht & fógraíocht Ericsson i nGaillimh
(Eoin Gardiner ar Flickr)

Is iontach an t-athrú atá tagtha ar réimse na teicneolaíochta san achar beag gearr idir na nóchaidí, nuair a thosaigh mé ag obair mar innealtóir don chéad uair, agus an lá atá inniu ann. Ní hamháin gur tháinig ann do ré nua teicneolaíochta, ach athraíodh an jab féin, post an innealtóra, ó bhun go barr. D’eascair an borradh teicneolaíochta agus an timpeallacht nua oibre seo ó na hathruithe a tháinig ar bhonneagar na tionsclaíochta seo.

Sa bhliain 1995 chuaigh mé ag obair le Ericsson, ceann de na comhlachtaí is mó teileachumarsáid ar domhan. Ba iad leithéidí Ericsson a dhéanadh trealamh cumarsáide do na cuideachtaí náisiúnta cumarsáide ar nós British Telecom, Telecom Éireann agus mar sin de. Bhí na comhlachtaí móra náisiúnta seo ina monaplachtaí agus dá bharr sin, ní raibh brú millteanach orthu a gcuid táirgí a fheabhsú go róghasta. Thógfaidís bonneagar cumarsáide a mhairfeadh tríocha bliain, agus ar feadh an ama sin bheidís á leasú go mall de réir a chéile. Bhí siad in ann caitheamh leis an chustaiméir, an gnáthdhuine a raibh líne gutháin aige, mar ba mhian leo. Bheadh na déantóirí trealaimh (Ericsson, Alcatel, Northern Telecom agus a léithéidí) ag obair ar theicneolaíocht den chéad “ghlúin” eile ar feadh an ama seo. Ach ba bheag an brú ama nó airgid a bheadh i gceist.

Nuair a thosaigh mé le Ericsson cuireadh ar obair mé ar fhoireann ollmhór idirnáisiúnta a bhí ag obair ar an tionscnamh AXE-N a tosaíodh seacht mbliana roimhe sin, agus a bhí fós faoi lán seoil. Bhí roinnt mílte duine ag obair air seo, an chuid is mó acu sa tSualainn.

An Fuadar in Ionad na Réchúise

San am sin, ní raibh an teicneolaíocht ag athrú ach go réchúiseach. Bhí an cleachtadh oibre céanna ar bonn le fiche bliain. Ba bheag duine a bhí faoi strus – d’fhéadfá do chuid oibre a dhéanamh ar do bhealach féin agus san achar cuí. Rinneadh gach rud i gceart agus de réir próisis a bhí leagtha amach go cruinn. Bhí an nuáil ar siúl cinnte, ach má mheil muilte na teicneolaíochta an t-am sin, mheil siad go mall.

Ba bheag a thuig mé an t-am sin, samhradh breá na bliana 1995, go raibh ré ag teacht chun críche – ré na monaplachtaí náisiúnta ar nós British Telecom, ré na dtionscnamh mór fada, ré na hoibre tomhaiste seasmhaí, ré na gcúrsaí fada traenála, ré an mhaorlathais trom, ré na scáileán dubh agus bán (sea, sa bhliain 1995!).

Maidin amháin i Nollaig na bliana 1995, tionóladh cruinniú práinneach. Labhair an SB (Stiúrthóir Bainistíochta) go tromchúiseach, agus d’fhógair i mbeagán focal go raibh deireadh á chur leis an tionscnamh mór AXE-N. Bhí an saol ag athrú, a dúirt se, agus bheadh deireadh leis an chineál sin teicneolaíochta sula mbeadh sé ar fáil féin. D’admhaigh Ericsson ina dhiaidh sin gur botún straitéiseach a bhí i gcoincheap agus i riaradh an tionscnaimh AXE-N, ach léiríonn achar agus méid an tionscnaimh an dóigh ar oibrigh cúrsaí teicneolaíochta roimh na nóchaidí.

Sa lá atá inniu ann tá deireadh leis na monaplachtaí móra. Tá BT (leagan gonta de British Telecom) in iomaíocht le lear comhlachtaí eile. Sa tír seo féin, Éire, tá sé chomhlacht a chuireann seirbhísí guthán póca ar fáil. Agus is féidir seirbhís gutháin a fháil ó chomhlachtaí teilifíse. Chomhdhírigh teicneolaíocht na teilifíse, an ghutháin, agus an idirlín ar a chéile. Tá Ericsson fós ann ach tháinig deireadh le cuid mhaith dá gcuid iomaitheoirí (ar nós Nortel). Tháinig ann do chomhlachtaí móra eile a chruthaigh bonneagair an idirlín (leithéidí Cisco). Tógadh an t-idirlíon agus cuireadh seirbhísí ar fáil tríd, agus ar ndóigh, as sin ar fad a d’eascair Facebook, Google, agus an guthán cliste.

An Deifir agus an Driopás Feasta

Is léir mar sin gur tháinig suaitheadh millteanach ar thionscal na teicneolaíochta ó thús na nóchaidí. Agus ba mhór agus b’iontach an tionchar a d’imir na hathruithe seo ar an innealtóireacht féin agus ar obair laethúil an innealtóra. Bíonn brú ama agus airgid ar gach tionscnamh i ngach comhlacht faoi láthair. Más féidir a rá go raibh an iomarca maorlathais agus cáipéisíochta i roinnt mhaith comhlachtaí roimhe seo, bíonn easpa pleanála agus anord i gceist go minic sa lá atá inniu ann.

Is cinnte go bhfuil nósanna oibre an lae inniu i bhfad níos fabhraí don nuáil agus don tionscnamh ná mar a bhí roimh an réabhlóid. Tá an obair féin, is dóigh liom, níos dúshlánaí agus níos suimiúla. Tá éagsúlacht, solúbthacht agus oscailteacht ag baint leis an teicneolaíocht inniu nach raibh ann fiche bliain ó shin. Ní bhíonn ach achar gearr ama idir an coincheap agus an tseilf agus tugann sé sásamh ar leith don innealtóir an táirge a dhear sé a fheiceáil ag an phobal. Ach tá níos mó brú ar dhaoine agus gan amhras tá níos mó daoine faoi strus. Agus cá bith seasmhacht fostaíochta a bhí ann blianta ó shin, tá neamhchinnteacht ghoilliúnach ag baint le beagnach gach post na laethanta seo. D’fhógair Ericsson féin roimh an Nollaig go bhfuil uathu céad duine atá ag obair i mBaile Átha Luain a leagan as.

Ní eisceacht í tionscal na teicneolaíochta ar ndóigh. Nuair a tharla an léirscaoileadh agus an dírialú ó na hochtoidí i leith, tháinig na hathruithe céanna ar gach réimse nach mór. Bhí an iomaíocht ghéar mar thoradh air seo. Agus gan amhras ar bith, bhí laghdú ar phraghsanna, borradh faoin nuáil, agus éagsúlacht agus rogha don chustaiméir mar thoradh air fosta. Ó thaobh na n-oibrithe de, is mó éagsúlacht agus dúshlán atá ag baint leis an obair. Ach lena chois sin tháinig an neamhchinnteacht agus an brú, an dianbhainistiú agus an síorathrú, an pinsean le ranníocaíocht sainithe agus an sprioc dhodhéanta!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.