AR NA SAOLTA SEO
An Bealach Isteach sa Nua-Aois: Éire agus an tSín
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Is ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha agus athróidh an tSín, bealach amháin nó eile, le himeacht ama dar le Ciarán Mac Aonghusa.

Íomhá
Le 170 bliain anuas
(le Sony-youth ar Vicipéid)
Íomhá
T. K. Whitaker
(le caoinchead Photocall)
Íomhá
Xi Jinping le Dmitry Medvedev
(le Kremlin.ru ar Vicipéid)
Íomhá
Feachtas Tourism Ireland i Shanghai 09
(le Irish Fireside ar Flickr)

Nuair a thug Leas-Uachtarán na Síne, Xi Jinping, cuairt ar an tír seo an mhí seo caite léirigh sé suim ar leith i ngnóthaí talmhaíochta. Thug sé cuairt ar fheirm mhuintir Uí Loingsigh ag Droichead Abhann Ó gCearnaigh i gContae an Chláir. Tugadh le fios ar shuíomh idirlín Roinn Gnóthaí Eachtracha na Síne gur dhúirt an Leas-Uachtarán gur spéis leis an dóigh a ndeachaigh geilleagar na hÉireann ó gheilleagar talmhaíoch tréadach go geilleagar nua-aimseartha atá bunaithe ar an eolas.

Ní raibh i gcaint an chuairteora Shínigh ach plámás na taidhleoireachta, ach mar sin féin, chuir ráiteas Xi ag meabhrú mé ar an chaoi a ndearna geilleagar na tíre seo a bhealach isteach sa nua-aois, agus ar an tSín féin, a bhfuil leathchos amháin aici sa nua-aois agus cos eile fanta sa ré réamhthionsclaíoch.

Ní dóigh liom gur chóir do Xi an tír seo a chur ina heiseamaláir dón tSín ó thaobh fhorbairt an gheilleagair de. Ar feadh seachtó bliain, ó chogadh na saoirse go dtí na nóchaidí, an rud ba mhó a tharraing aird lucht geilleagair faoi Éirinn an dóigh ar theip uirthi forbairt ar nós na dtíortha Eorpacha eile. D’fhoilsigh an Economist alt ar Éirinn dar teidil “The Poorest of the Rich” sa bhliain 1987.

Scaradh le Seán Buí

Ní chuirfimid síos go mion anseo ar stair gheilleagar na tíre seo ó scaramar leis an Sasanach; is leor a rá go ndeachamar ár mbealach féin go dtí na seascaidí. É sin ráite, sheas an daonlathas in Éirinn, bíodh is go raibh sé lochtach, nuair a chlis air ar fud na hEorpa – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn, agus sa Phortaingéil. Ach is cinnte gur beag suim atá ag Xi i ngnóthaí daonlathais.

Ar aon nós, ba i réimse na talmhaíochta a bhí níos mó ná 60% de lucht oibre na tíre nuair a cuireadh an ruaig ar na Sasanaigh. Bhí beagnach trian den lucht oibre fós ag obair sa réimse sin sa bhliain 1960. (Tá beagnach 40% de lucht oibre na Síne fós ag obair ar an talamh.) Níl ach 5% de lucht oibre na tíre seo i réimse na talmhaíochta sa lá atá inniu ann. Mar sin, d’fhéadfaí a rá gur tharla réabhlóid gheilleagair sa tír seo idir tús na seascaidí agus deireadh an chéid. (Tharla réabhlóidí geilleagair eile roimhe sin ar ndóigh, an t-athrú sealbhaíochta siocair na n-acht talún ó na 1880í i leith, cuirim i gcás, ach aisteach go leor, níor tháinig ann i gceart don réabhlóid thionsclaíoch in Éirinn).

Ba iad leasuithe Lemass agus Whitaker a chuir tús le muirthéacht mhór na seascaidí. I mbeagán focal, cuireadh deireadh leis an tseanbheartas a mhol geilleagar dúnta agus, ina ionad sin, osclaíodh an tír don domhan mhór. Mealladh infheistíocht Mheiriceánach, léirscaoileadh gnóthaí tráchtála, agus cuireadh athruithe ar leagan amach an gheilleagair.

Tháinig fás breá faoin gheilleagair dá bharr sin. Bhí borradh faoi ag deireadh na seascaidí. Faoin uair a chuamar isteach sa Chomhmhargadh, Comhphobal Eorpach ár linne féin, bhí réimse na déantúsaíochta chomh mór leis an talmhaíocht. Níor thada é taobh leis an méid a tharla le linn an Tíogair ach, mar sin féin, ba mhór an dul chun cinn é. Thosaigh líon na ndaoine sa tír ag méadú don chéad uair ó bunaíodh an stát. Thug Donnacha Ó Máille, Aire Oideachais i rialtais Uí Loingsigh, cinneadh mór eile i 1966, mar a bhí, scolaíocht dara leibhéil a chur ar fáil saor in aisce.

Na hOchtóidí

Níor mhair an rath i bhfad áfach. Bhris na trioblóidí amach sa Tuaisceart. Amach ón dóigh ar dhírigh an choimhlint fhuilteach aird an rialtais agus na n-údarás ó dhul chun cinn geilleagrach, rinne sé dochar d’ioncaim an stáit. Chuir sé bac ar an turasóireacht agus ar an infheistíocht araon. Ansin thosaigh na géarchéimeanna ola agus an t-achrann sóisialta i Sasana, a bhí fós ar an chomhpháirtí thrádála is mó dá raibh againn. Anuas ar sin, toghadh Fianna Fáil sa bhliain 1977 agus rinne siad léirscrios ar an gheilleagair – ghearr siad cánacha, mhéadaigh siad caiteachas poiblí go mór, agus chuaigh siad go mór i bhfiacha. Tá a fhios againn cén t-ainm a bhí ar thoradh na hoibre seo – na hochtóidí. Bhí an cóimheas fiachais-OTI ag 150% faoin bhliain 1987. (Tá sé thart ar 115% faoi láthair.)

Tháinig na ciorruithe ina dhiaidh sin, an imirce, an dífhostaíocht, agus an titim ar an chaighdeán mhaireachtála (an aithníonn tú na rudaí seo?). De réir a chéile, áfach, cuireadh an tír ar ais ar a seanléim. D’éirigh linn maoiniú mór a fháil ón Aontas Eorpach fá choinne bonneagair. Cuireadh tús le tógáil na mórbhealaí. Tháinig toradh ar an scolaíocht dara leibhéal a cuireadh ar fáil go forleathan ó na seascaidí agus tháinig méadú ar líon na ndaoine a raibh céim tríú leibhéal acu dá bharr. Bhí lucht oibre in Éirinn anois a raibh oideachas maith air. Bhí praghsanna in Éirinn fós íseal i gcomórtas le tíortha eile. Bhíomar inar mball den Aontas Eorpach a bhí ina bhloc saorthrádála faoin am seo. Agus ar ndóigh, ba é an Béarla príomhtheanga na tíre, rud a d’oir go maith do na comhlachtaí Meiriceánacha san am. Agus, anuas air sin, tháinig borradh mór fada faoin gheilleagair dhomhanda. Bhí áit bainte amach againn i measc thíortha saibhre an domhain faoi dheireadh an chéid.

Éiríonn Caoi Ruda Caoi Ruda Eile

Fágfaidh mé an scéal ag an phointe sin le machnamh a dhéanamh air. Le linn na tréimhse sin, 1960-2000, tharla réabhlóid gheilleagair in Éirinn, ach má tharla, bhain gnéithe eile leis an scéal. Chomh maith le hoscailt an gheilleagair, tharla oscailt intinne. Ba thír chúngaigeantach í an tír seo caoga bliain ó shin. Bhí an córas polaitíochta fós neamhfhorbartha, caolintinneach (Sea, níos measa ná anois!). Ní raibh trealamh riaracháin an stáit feidhmiúil. Bhí an Eaglais Chaitliceach fós i mbarr a réime agus cumhacht mhór pholaitiúil aici. Amach ó dhream beag i mBaile Cliath (tugaimis na liobrálaithe orthu), d’amharc na daoine orthu féin mar phobal diúide Caitliceach tuatach agus ní mar shaoránaigh an domhain shaoir.

Ba é an suaitheadh sóisialta agus cultúrtha a tharla le linn na tréimhse sin a d’fhág an tír seo ar cheann de na tíortha is domhandaithe, is oscailte, is forbartha, is nua-aoisí dá bhfuil ann. As na hathruithe sóisialta agus cultúrtha a d’eascair nua-aoisiú an gheillagair.

Ní hionann an tSín mhór éagsúil agus an tír bheag dhiúide seo ar ndóigh. Beidh uirthi a bealach féin a dhéanamh ón ré réamhthionsclaíoch go dtí an nua-aois. Is léir go bhfuil tús mór tugtha aici ar an bhealach seo cheana féin. Ach léiríonn cás na hÉireann nach féidir an t-aistear deacair sin a dhéanamh gan mórathruithe bunúsacha. Ní mór glacadh leis an domandú agus dul i ngleic leis na hollfhórsaí cultúir agus sóisialta a bhaineann leis. Scriosann an nua-aoiseachas an saol traidisiúnta agus cuireann sé isteach go mór ar shean-saíocht na ndaoine. Níl a fhios agam cén chaoi a rachaidh na Sínigh i ngleic leis na dúshláin seo.

Cuireadh in iúl dúinn go pianmhar le déanaí fosta nach raibh sé ar chumas ár gcórais stiúrtha geilleagair ná polaitíochta an tír a riaradh go feidhmiúil. Agus léiríodh dúinn an baol a bhaineann le bheith ag brath ar an domhan mhór. Tá atógáil de dhíth faoi láthair ach sin scéal eile.

Brúchtaíl na Saoirse

Is féidir leis na fórsaí seo ar fad údarás láidir seanbhunaithe a leagan, mar a tharla i gcás na hEaglaise sa tír seo. Cén dóigh a gcuirfidh na fórsaí seo isteach ar chumas an stáit tiarnasaigh smacht a choinneáil ar a chuid daoine? In ainneoin srianta an stáit sa tSín, tiocfaidh oscailteacht éigin isteach sa tsochaí. Cén tionchar a imreoidh sé seo ar dhearcadh an phobail i dtaobh an daonlathais? Nó i dtaobh na saoirse pearsanta?

Déanfaidh ceannairí na Síne sáriarracht leas a bhaint as domhan saor oscailte – an tsaorthrádáil, margaidh liobrálacha, infheistíocht thrasteorainn, an tomhaltachas leathan – gan glacadh leis na smaointe sóisialta agus polaitiúla a scaipeann go héasca i ndomhan den chineál sin. An nglacfar de réir a chéile, cuirim i gcás, le cearta daonna, leis an tsaoirse phearsanta, leis an tsaoirse smaointeoireachta, agus leis an daonlathas? Nuair a bheidh an nua-aois bainte amach go hiomlán ag an tSín, beidh a fhios againn cé acu an luachanna buana uilíocha iad na bunphrionsabail a d’eascair ón tSoilsiú nó an smaointe teoranta iad a mhair seal san iarthar sular tháinig an Áis i méadaíocht? Ach táim cinnte nach raibh Xi ag meabhrú na ceiste seo ach oiread.

Chuaigh mé i muinín na leabhar seo a leanas:

‘Preventing the Future – Why Ireland was so poor for so long’ le Tom Garvin

‘Ireland and the Global Question’ le Michael J O’Sullivan

‘The Economic Development of Ireland in the Twentieth Century’ le Giblin, Kennedy, McHugh

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.