AR NA SAOLTA SEO
An Táille Tí agus an Táille Ceadúnas Teilifíse
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Is é cothrom na Féinne croílár cheist na dtáillí tí agus ceadúnas teilifíse/cumarsáide dar le Ciarán Mac Aonghusa.

Íomhá
Easnamh i gceantar an €, i SAM 7 sa RAontaithe
(le Spitzi ar Vicipéid)
Íomhá
Mario Draghi ceann feadhna BCE
(le European Peoples Party Congress Bonn ar Flickr)
Íomhá
Leo Varadkar
Íomhá
Pat Rabbitte

Tá dhá tháille i mbéal an phobail faoi láthair, ceann úrnua agus ceann eile atá ann le fada an lá. Sa mheabhrán chomhthuisceana a shocraigh rialtas Cowen leis an Troika (CAI, BCE agus An Coimisiún Eorpach) ghlac an rialtas air féin go gcuirfí táille tí i bhfeidhm. Chomh maith leis sin d’fhógair an tAire Cumarsáide, Pat Rabbitte, go bhfuil a roinn ag smaoineamh ar dheireadh a chur leis an tseancheadúnas teilifíse agus táille nua a chur ina áit.

Mhol an Troika an táille tí (nó táille éigin a bhainfeadh le réadmhaoin) cionn is gur chreid siad gur gá an comhbhonn cánach a leathnú agus gur chóir go mbeadh na foinsí áitiúla cánach ní ba láidre. Sílim go nglactar leis go mbeidh arduithe cánach de dhíth sna blianta atá amach romhainn chun an bhearna idir caiteachas agus ioncaim an stáit a líonadh. Is cuma cén deireadh a bheidh ar scéal na mbanc agus na mbannaí, beidh ualach níos troime orainn ó thaobh na cánach de. Ach ar chóir go ngearrfaí an cháin bhreise ar thithe (nó ar luach talaimh) ar ioncaim, ar chaiteachas (CBL), nó ar fhoinsí eile?

Is cosúil go bhfuil na heacnamaithe ar aon intinn maidir le cén cháin is mó a dhéanann dochar don fhás gheilleagair. Is cosúil gurb iad na cánacha ar obair agus ar chaipitil is mó a chuireann srian ar ghníomhaíocht gheilleagrach. De réir an ECFE is iad an cháin ar chaiteachas (CBT) agus ar luach tithe is lú a dhéanann dochar don fhás. (Is siocair amháin é seo leis an fhás ar CBT mar chéadatán den ollioncam sa chuid is mó de thíortha an ECFE le fiche bliain anuas). Ardaíodh an CBT sa tír seo cheana féin agus tá sé measartha ard faoi láthair le hais an ráta i dtíortha eile.

Íoc de Réir Acmhainne

Tá buntáistí eile, thairis sin, ag baint le cáin réadmhaoine. Má chuirtear an cruth ceart ar a leagan amach ón tús, is cáin í atá níos cothroime agus níos forchéimnithí ná roinnt cánach eile. Má íoctar de réir luach an tí, cuirim i gcás, gearrfar cáin níos airde ar an té a bhfuil teach mór aige ná ar an té a bhfuil teach beag aige. Tríd is tríd, is saibhre é an duine a bhfuil teach mór aige ná an duine nach bhfuil aige an teach beag. Ar an chéad dul síos, go ginearálta, is saibhre na daoine a bhfuil teach éigin acu ná iad siúd eile nach bhfuil teach ar bith acu. Arís, is minice na daoine is boichte ina dtionóntaí. Agus ar ndóigh d’fhéadfaí daoine ar beagán ioncam a fhágáil saor ón cháin seo, is cuma cén cineál tí a bheadh acu. Is fearr é seo ná CBT nó táillí taistil, cuirim i gcás, atá níos déine ar dhaoine ar ioncam beag.

Tá cáin réadmhaoine níos seasmhaí fosta ná foinsí eile. Sular chlis ar an bhorradh gheilleagair, bhaineadh an rialtas níos mó na míle milliúin amach ar dhleacht stampála. Ach nuair a bhris an bhoilgeog gan choinne, tháinig deireadh ar fad leis an fhoinse ioncaim seo.

De réir an rialtais, gheobhaidh na húdaráis áitiúla gach aon chianóg de na táillí tí. Ba bhreá liom dá bhfaighfí nó is bocht an scéal é nuair a bhíonn na comhairlí contae ag brath, beagnach go hiomlán, ar an rialtas láir. Bíonn siad ag fanacht ó bhliain go bliain le scéala ón roinn airgeadais. Ní féidir aon eagraíocht a riaradh i gceart mar seo agus téann sé glan in aghaidh an daonlathais áitiúil.

Chuala mé daoine ag rá go gcuirfidh an cháin tí bac ar bhorradh faoi mhargadh na tithíochta ach ní chreidim é. Tá cáin tí i mbeagnach gach stát sna Stáit Aontaithe, áit a mbíonn luach na dtithe ag borradh is ag titim go fiáin.

Tríd is tríd, áfach, bheinn féin ar son cháin tí ach amháin í a bheith cothrom nó chomh cothrom agus is féidir. (Cén cháin atá foirfe ó thaobh na cothromaíochta de).

Teilgean Físe agus Íoc an Cheadúnais

Maidir leis an táille eile, is scéal eile ar fad í. Is iomrall aimsire ar fad é an ceadúnas teilifís. I ré an idirlín agus an ghutháin phóca, cé a chreidfeadh go mbeadh daoine ag siúl ar fud na tíre ag deimhniú go bhfuil ceadúnas in gach teach a bhfuil teilifís ann! Ach is mar sin atá. I dtús báire, nuair nach raibh rialtais cinnte cén tionchar a bheadh ag an teilifís (agus sular tháinig ann do choincheap na saoirse faisnéise) ba é an cinneadh a thug siad cead a thabhairt do dhaoine teacht ar an ábhar a chraoltaí tríd cheadúnas a thabhairt dóibh. Agus mhair an córas go dtí an lá atá inniu ann.

Ar bhealach tá craoltóireacht seirbhíse poiblí níos tábhachtaí ná riamh roimhe seo. Tá an t-uafás foinsí eolais ag daoine faoi láthair - an t-idirlíon, an raidió, an taisteal féin, agus an t-teilifís. Tá na mílte bealaí físe ann. Níl aon chinnteacht ann, áfach, go gcuireann an lear mór foinsí seo le luach agus le hionracas an eolais a scaiptear tríothu. Tráth a bhfuil an daonlathas faoi bhrú, an tsochaí á scoilteadh, agus an cultúr a mhúnlú as a riocht ag fórsaí an domhandaithe, ní mór cuimhneamh gur mór an tionchar a imríonn foinse an airgid ar an ábhar a chraoltar nó a chuirtear i gcló.

Is cinnte gurbh fhiú córas maoinithe na craoltóireachta poiblí a athleasú ach níor chóir córas ní ba laige a chur ina áit. Thar aon run eile ba chóir go mbeadh aon fhoinse nua airgid saor ó thionchar polaitíochta. Níl sé iomlán saor faoi láthair ach, ar a laghad, tá foinse ar leith ann agus níl sé seo ina chuid de chiste ar bith eile – ach amháin i gcás TG4 a fhaigheann fóirdheontas díreach ón stát agus ba chóir é seo a chur ina cheart le nach mbeadh sé chomh héasca ag aire amach anseo é a chiorrú.

Saoirse Smaointeoireachta

Ba chóir go mbeadh maoiniú na seirbhísí poiblí seasmhach agus go mbeadh sé dírithe ar sheirbhísí cearta poiblí. Tugann conarthaí an AE aitheantas ar leith do sheirbhísí craolacháin poiblí (conradh Amsterdam) agus creidim go bhfuil cosaint ar leith tugtha dóibh ó chur isteach a dhéanfadh rialtas orthu. Ach is dócha go bhfuil deacrachtaí níos tromchúisí ag an AE faoi láthair.

Chuir an Fhrainc srian daingean ar fhógraíocht ar na cainéil phoiblí dhá bhliain ó shin agus é ar intinn acu deireadh ar fad a chur le fógraíocht ar na seirbhísí poiblí teilifíse (faoi mar atá cúrsaí sa Ríocht Aontaithe leis an BBC). Le maoiniú a chur in áit an méid a bhí na seirbhísí seo ag fáil ó fhógraíocht, bhí ar an Fhrainc ciste nua a bhunú a thagadh ó fhoinsí eile (cáin ar sholáthairtí seirbhísí idirlín ina measc) agus cruth a chur air le cinntiú go mbeadh sé saor ó thionchar polaitiúil. Bhí orthu faomhadh a fháil ón Choimisiún Eorpach i leith na n-athruithe seo, rud a fuair siad. Ach ní fhéadfaí seirbhís phoiblí a mhaoiniú gan fhógraíocht in Éirinn. An scéal céanna le gach tír bheag. Mar sin is cinnte go leanfar leis an fhógraíocht sa tír seo.

Cibé rogha a dhéanfaidh an t-aire, ba chóir dó nasc éigin a choinneáil idir an breathnóir agus an táille. Cuireann sé seo leis an dlúthpháirtíocht nó leis an gcur le chéile a bhaineann le seirbhísí craolacháin poiblí. Gan an nasc seo agus an tsoiléireacht a bhaineann leis, is baolach go dtráfadh an bhá agus an luiteamas atá ag an phobal leis an chraolachán phoiblí. Bheimis uile thíos leis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.