AR NA SAOLTA SEO
Athnuachan Daonlathach de Dhíth
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Bíonn fuadar faoi na margaí agus támhnéal ar na forais Eorpacha in éineacht a deir Ciarán Mac Aonghusa, forais a bhfuil géarghá le hathleasuithe ó de dhíth go géar orthu.

Íomhá
Dr. Merkel na Gearmáine
le Armin Linnartz ar Vicipéid
Íomhá
Wen Jiabao na Síne
le www.kremlin.ru ar Vicipéid
Íomhá
Gordon Brown 7 Barack Obama
le Pete Souza, SAM, ar Vicipéid

Ar mhaithe le greann bhí mé féin is cara liom ag samhlú comhrá idir cheannaire ón Iarthar, Angela Merkel, cuir i gcás, agus Wen Jiabao, ceannaire na Síne. “Tá a fhios agam cad é atá de dhíth” a deir Merkel, “ach ní ghlacfadh na daoine leis”. “Na daoine!” arsa Jiabao go magúil, “nach bhfuil tanc ar bith agaibh?”

Léiríonn géarchéim an euro gur ar éigean a éiríonn le tíortha daonlathacha cos a choinneáil leis na hathruithe móra gasta a thagann ar chúrsaí airgeadais. Tá an Eoraip le bliain anuas faoi mar a bheadh coimhlint ann idir na margaí agus rialtais na dtíortha Eorpacha. Agus is cosúil nach dtig leis na rialtais an lámh in uachtar a fháil ar na margaí. An fhadhb is mó nach mbogann an daonlathas ach go malltriallach, ach bogann na margaí airgeadais ar luas lasrach. Is minic a bhíonn an margadh in uachtar ar maidin agus go mór in íochtar faoi dheireadh lae. Agus ar ndóigh, chonaiceamar le déanaí gur féidir le haigne an mhargaidh athrú go tubaisteach in aghaidh tír ar leith i gceann roinnt seachtainí.

Má mheileann muilte an daonlathais go mall in aon tír amháin, is measa fós an scéal nuair a bhíonn scaifte mór tíortha i gceist agus iad ag iarradh teacht ar aon intinn maidir le fadhb mhór. I gcás an AE, tá seacht dtír is fiche i gceist agus tá bonneagar na bhforas Eorpach fíorchasta. Dá mbeadh smaoineamh maith ag Angela Merkel féin, bheadh uirthi a chur ina luí ar an Chomhairle Eorpach, ar Choimisiúin na hEorpa, agus ar Bhanc Ceannais na hEorpa, gan a bheith ag caint ar Pharlaimint na hEorpa (nach bhfuil chomh cumhachtach is atá na forais eile). Agus ar ndóigh bheadh uirthi aon chinneadh a d’eascródh as na socruithe seo ar fad a chur ina luí ar a muintir féin sa Ghearmáin. Bheadh an dua céanna ar gach aon cheannaire eile, rud a d’fhágfadh, is léir, go mbeadh achar fada ama i gceist.

Daille Domhanda

Níl géarchéim an euro ach ina chuid den ghéarchéim mhór airgeadais a bhuail an domhain sa bhliain 2009. Go bunúsach tá dhá chúis léi: go ndeachaigh na hollchomhlachtaí airgeadais (bainc, cistí infheistíochta, gníomhaireachta grádaithe, srl.) as smacht sna fiche bliain roimh an phléascadh, agus go ndeachaigh an domhandú i dtreis ó thit balla Bheirlín.

Anuas fríd ó thús an scéil seo ar fad, theip ar rialtais thofa aon smacht a chur ar an chóras domhanda airgeadais fad is a bhí sé seo ag athrú go mór. Ní hamháin gur theip orthu cos a choinneáil leis an fhorás seo, ach ba ar éigean a thug siad faoi deara go raibh sé ar siúl. Bhí borradh faoi gach rud ar feadh i bhfad agus ní raibh rialtas ar bith ag iarraidh é a cheistiú, ba chuma cén tsiocair a bhí leis. Dearcadh idir leisciúil agus mheargánta a léirigh ceannairí i dtaobh ré nua an airgeadais.

Dúirt Gordon Brown go raibh deireadh le “ré an bhorrtha agus an phléasctha”. Dúirt Bertie Ahern gur chóir do dhuine ar bith a cheisteodh an Tíogar Ceilteach lámh a chur ina bhás féin. Má bhí na ceannairí seo lochtach áfach, bhí na córais rialachais ar bhain siad leo lochtach fosta. Bhí – agus tá – an scéal amhlaidh i ngach tír Iartharach.

An locht is mó a bhí ar rialtais na dtíortha Iartharacha nár aithin siad go raibh ré úr tagtha. De réir a chéile, creidim agus tá súil agam, tá an fhírinne á nochtú chucu. Sa lá atá inniu ann tá dlúthnasc idir thíortha an domhain. Scaipeann an t-eolas ar luas an tsolais agus tugtar cinnidh ar ilchríoch amháin fad is atá muintir na n-ilchríoch eile ina gcodladh.

Mhaigh saineolaithe an domhandaithe i bhfad ó shin go gcuirfeadh sé brú mór ar na seanchórais pholaitiúla atá bunaithe ar leagan amach a bhí feiliúnach céad bliain ó shin ach a bhfuil seanchuma mhífheidhmiúil orthu anois. Mhaígh siad fosta go laghdódh sé an bhearna idir tíortha saibhre an Iarthair agus na tíortha atá faoi fhorbairt, ach, ar an drochuair, go gcuirfeadh sé leis an éagothroime idir daoine in gach tír.

Oirthear Domhain

Tá fás na Síne cíortha agam cheana féin ar na leathanaigh seo. Beagnach gach mí tagann mír eolais eile chun solais a léiríonn go bhfuil an tSín ina cumhacht domhanda agus go mbeidh an Áis lárnach i scéal an chéid seo. Thug Obama cuairt an mhí seo caite ar an Áis (i measc na dtíortha ar thug sé cuairt orthu tá an India, an Indinéis, an tSeapáin, agus an tSín féin). Mhaígh Obama gur “Cumhacht Áiseach í Meiriceá” agus gheall sé go méadódh an tionchar a imríonn na Stáit Aontaithe ar an réigiún.

Is léir nach í an Eoraip a bheidh ina ceadchloch ar phaidrín na Stát feasta agus gur minice a bheidh ceannairí Mheiriceá ach amharc siar ná soir. D’admhaigh Obama gur faoin Áis a scríobhfaí an chuid is mó de stair an chéid seo.

Léiríonn na coimhlintí inmheánacha polaitiúla sna Stáit áfach – faoi ról an stáit, faoi chúrsaí morálta, agus faoi chúrsaí airgid – gur ar éigean atá an tír sin in ann dul i ngleic lena bhfadhbanna féin gan a bheith ag caint ar fhás na hÁise. Arís eile, tá cuma mhífheidhmiúil ar innealra daonlathach an Iarthair.

Ó 1945 go dtí tús an chéid seo, bhí tíortha daonlathacha an Iarthair i mbarr a réime. Nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach fiche bliain ó shin cheap aos eagna an Iarthair go raibh sé ionann is cinnte go leathnódh an córas caipitleachais a bhí acu ar fud an domhain agus go scaipfí an daonlathas dá réir. (Scríobh Francis Fukuyama leabhar darb ainm “The End of History” ar an ábhar seo sna nóchaidí).

Faoi láthair is é an tIarthar atá in ísle brí. Chuaigh an tSín agus an Rúis a mbealaí féin. Sa chruinniú deireanach a bhí ag an G20 i Cannes na Fraince, dúradh go raibh ceannairí na dtíortha tiarnasacha – an tSín, an Rúis, an Singeapór, agus an Araib Shádach – ar bharr na gaoithe.

Má tá súil againne, muintir an Iarthair, gabháil i ngleic le fadhbanna na linne ní mór dúinn ár gcuid bonneagar daonlathach a athnuachan. Tá athleasú ó bhun go barr de dhíth (sin é an fáth a bhfuil súil agamsa go leanfar leis an choinbhinsiún bunreachtúil sa tír seo an bhliain seo chugainn). Tá córas nua de dhíth a chuirfidh ar chumas ár gceannairí cinnidh mhóra a ghlacadh go cumasach agus go measartha gasta.

Ach sula dtógfar an teach nua seo, ní mór cur ina luí ar dhaoine nach seasfaidh an seanteach in aghaidh na haimsire atá amach romhainn. Beidh orainn roinnt fíricí a aithint: ní linne, san Iarthar, an chruinne nó an todhchaí; tá daonraí an Iarthair ag dul in aois agus ní mhairfidh an stát leasa shóisialaigh mar a bhí; beidh an saol ag síorathrú agus beidh solúbacht agus eagnaíocht de dhíth orainn; agus ní neart go cur le chéile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.