Ní maith le Ciarán Mac Aonghusa an druidim siar ón ilteangachas a bheas ar bun feasta, is cosúil, más leid ar bith an cúbadh atá ar na bacáin don Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil.
Tháinig ísle brí orm nuair a cuireadh ar an eolas mé gur fhógair an rialtas i mí na Nollag go gcuirfeadh cáinaisnéis na bliana 2012 deireadh leis an Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil (MLPSI).
Cuireadh an TTNB ar bun sa bhliain 1998 mar scéim phíolótach chun na teangacha seo a leanas a chur chun cinn sna bunscoileanna: an Fhraincis, an Spáinnis, an Ghearmáinis, agus an Iodáilis. Ní raibh teanga eachtrannach ar bith á múineadh i mbunscoileanna na tíre roimhe sin. Ach d’éirigh chomh maith leis an scéim seo is gur tháinig fás agus forbairt as cuimse fúithi le deich mbliana anuas. Faoi láthair tá ranganna i gceann amháin, ar a laghad, de na teangacha seo ar fáil i 530 bunscoil as an 3000 bunscoil ar fud na tíre. Meastar go bhfreastalaíonn thart ar 23000 dalta scoile ar na ranganna seo in aghaidh na bliana.
Cuireann an TTNB tacaíocht ghairmiúil ar fáil do na scoileanna a ghlacann páirt ann, cuireann sé oiliúint ar fáil do mhúinteoirí i múineadh teangacha do pháistí óga, agus cuireann sé an-chuid acmhainní ar fáil a bhaineann le múineadh teangacha. Ach tá deireadh leis seo ar fad anois is cosúil. Tá fógra ar shuíomh idirlín an TTNB go dtiocfaidh deireadh lena gcuid gníomhaíochta ar fad ag deireadh na scoilbhliana reatha seo.
Aontas Barcelona ’02
Gan amhras ar bith, cuirfidh an cinneadh seo ag snámh in aghaidh an easa sinn nó is í Éire an t-aon tír amháin san Aontas Eorpach nach bhfuil múineadh teanga eachtrannach éigeantach sa churaclam bunscoile. In ‘Aontas Barcelona’ na bliana 2002, shocraigh An Chomhairle Eorpach go gcuirfí béim ar mhúineadh teangacha i mbunscoileanna na hEorpa. Ba chóir, dar leis na sínitheoirí, go mbeadh dhá theanga eachtrannach á múineadh sna bunscoileanna san am a bhí le teacht.
Léirigh staidéir de chuid Eurostat sa bhliain 2010 (Eurostat 49/2010 – Population and Social Conditions) go ndeachaigh múineadh teangacha i mbunscoileanna go mór chun cinn le blianta beaga anuas. Léirigh sé gurb é an Béarla is mó a mhúintear mar theanga eachtrannach ar fud na hEorpa. Ina dhiaidh sin is iad an Fhraincis agus an Ghearmáinis is mó a bhíonn i mbéal na bhfoghlaimeoirí. Léirigh an staidéir céanna gur in Éirinn atá an cumas is laige i dteangacha eachtrannacha – níos measa ná an Ríocht Aontaithe féin atá ag bun an liosta fosta. [eag. Is cosúil nár áiríodh Béarla, ná Gaeilge, ann mar theangacha iasachta in IE: lch. 4 sa nasc ‘Eurostat 49’ & cf. EE, LU.]
Ar cheann de na haidhmeanna a bhain le haontas Bharcelona, bhí go gcuirfeadh na tíortha Eorpacha eolas cultúrtha ar a chéile. Ní mhúintear teanga nua-aoiseach, go háirithe i mbunscoil, gan chomhthéacs nó gan eolas a chur ar an chultúr lena bhaineanna an teanga. Bhí an tír seo i bhfad ar gcúl ar na tíortha eile cheana féin maidir le cur i bhfeidhm aontas Bharcelona, ach anois táimid dár ndíbirt féin chuig an imeall ar fad.
Níl i gceist i ngearradh an tionscnaimh seo ach coigilt de chúig mhilliún euro as an naoi míle milliún a chaitear ar oideachas. Deir an tAire Oideachas, Ruairí Quinn, go bhfuil 80% den bhuiséad seo ‘as a líon’ (mar a deir an Béarla) cionn is go bhfuil sé cosanta ag Aontas Pháirc an Chrócaigh. Fágann sé sin, dar leis, nach bhfuil an dara rogha aige ach seirbhísí a ghearradh. Nach léiríonn sé seo go bhfuil Aontas Pháirc an Chrócaigh anois ina chúis le roinnt mhaith de na cinnidh chruálacha a ghlacann an rialtas. É sin chomh maith leis an chinneadh a thug siad gan níos mó cánach (ioncaim) a ghearradh ar dhaoine os cionn leibhéal áirithe páighe.
Lot Ár Láimhe Féin
Ní raibh eagarthóir an Irish Times i bhfad as poll nuair a thug sé “loitiméireacht oideachasúil” ar an chinneadh faoin TTNB. Sa deireadh thiar thall, tá cónaí orainn ar oileán ar imeall na hEorpa agus is tír oscailte í Éire atá ag brath go mór ar theagmháil le tíortha eile, agus ar ndóigh, ní bheimis beo gan an onnmhairíocht. Gan amhras, níl ciall ar bith, geilleagrach, cultúrtha nó polaitiúil leis an chinneadh shuarach seo.
Thug tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann le fios go bhfuil ár gcóras oideachais lochtach ó thaobh teangacha de. Ba chóir, dar leo, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcur chun cinn teangacha sna bunscoileanna. Mhol siad go gcuirfí le líon na múinteoirí a bhfuil sé ar a gcumas teanga a mhúineadh agus thug siad rabhadh go gcuireadh an laige seo bac ar chumas iomaíochta na tíre. Agus anois, faraor, a mhalairt ar fad a bheidh ag tarlú. Is í an fhírinne lom ná go gcaillfimid deiseanna fostaíochta de dheasca an fhógra is deireanaí ar an TTNB.
Tá lucht teangacha – idir mhúinteoirí, léachtóirí, agus dhaoine ar grá leo teangacha – ag cur in aghaidh an chinnidh seo. Foilsíodh litreacha móra agóide ar na páipéir nuachta, litreacha inar chuir saineolaithe teangan in iúl cén dochar a dhéanfadh an cinneadh seo do theangacha in Éirinn, tír, is léir, atá an-lag cheana féin sa réimse seo. Mhaígh siad fosta go gcuireann foghlaim teanga le scileanna eile, ina measc, litearthacht, uimheartheacht, agus scileanna acadúla. Ní dócha go bhfaighidh siad cluas le héisteacht. Ní dream cumhachtach iad an lucht teanga agus tá an pobal chomh céasta ag na ciorruithe gránna eile is gur cuma leo faoi theangacha.
Ceist na Teanga is Ceist na dTeangacha
Is dócha go léiríonn scéal an TTNB nach bhfuil cumas i dteangacha go mór in aigne an phobail fá láthair – agus ní raibh riamh sa tír seo. Is cinnte go bhfuil áit ar leith ag an Ghaeilge i gcroí na ndaoine, ach léiríonn an scéal seo fosta gur iomaí íobairt a dhéantar in am an ghátair. B’fhéidir chomh maith go n-imreoidh an cinneadh seo tionchar ar an Ghaeilge amach anseo ar chaoi eile fosta. Nuair a thiocfaidh an tír chuici féin – agus tiocfaidh – pléifear ceist na dteangacha arís. Agus gan amhras ar bith beidh an seanphort níos treise ná riamh, ’sé sin, nach dtig linn acmhainní a chur ar fáil fá choinne teangacha eachtrannacha fad is atáimid á gcur amú ar an Ghaeilge.
Mar sin, ba chóir do phobal na Gaeilge cur in aghaidh an chinnidh seo. B’fhearr dúinn cás na dteangacha a chur chun cinn le chéile gan idirdhealú a dhéanamh eatarthu. É sin nó déanfar deighilt idir an ‘tseanteanga’ ‘nach bhfuil aon mhaith léi’ agus na teangacha nua-aoiseacha atá ‘ríthábhachtach’. Bímis soiléir ón tús: tá gach teanga tábhachtach, agus mura gcothaímid iad beimid ag cur bac orainn féin mar náisiún, mar chultúr, agus mar gheilleagar.
Tá go leor tíortha eile san Eoraip a bhfuil níos mó ná aon teanga oifigiúil amháin iontu, agus tá cuid acu beag. Chomh maith leis sin tá a mbunús oscailte – ó thaobh an gheilleagair agus an chultúir de – agus tá siad ag díriú a n-aghaidh chun tosaigh in áit bheith ag sleamhnú ar gcúl. Ba chóir dúinn féin a bheith ina measc, ach ní bheidh go deo má leantar leis an dearcadh cúngaigeantach, gearrbhreathnaitheach, neamh-mhisniúil atá ag an rialtas seo.