AR NA SAOLTA SEO
Cuairt Stáit: Ag Féacháint Chun Tosaigh
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ag amharc chun cinn atá Ciarán Mac Aonghusa ar chuairt an Uachtaráin ar Shasain an bhliain seo chugainn agus ar a leochailí is atá ceannasacht tíortha beaga ár linne.

Íomhá
Eilis II
(le NASA - Bill Ingalls ar Vicipéid)
Íomhá
Deireadh go deo le Féinriail 1920
(le Dorner48 ar Vicipéid)
Íomhá
An tUachtarán ar cuairt chuig Rinn Ua gCuanach
(le Páirtí an Lucht Oibre ar Flickr)
Íomhá
Ionad na buamála Warrington
(le Michael Ely ar geograph.org.uk)

Chuir sé lúcháir orm nuair a fógraíodh an mhí seo caite go dtabharfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, cuairt stáit ar Shasana an bhliain seo chugainn. Fógraíodh an chuairt thart ar sheachtain tar éis cuairt dheireanach an Troika ar an tír seo. Cuirfidh turas an Uachtaráin ina luí gur tír cheannasach neamhspleách í Éire a bhfuil a cinniúint féin i ndán di. Ach léirigh idirghabháil an Troika a theoranta agus a leochailí is atá an cheannasacht atá ag tíortha beaga an lae inniu.

Ar bhealach, ní fada an tréimhse é fiche bliain i stair náisiúin ar bith. Ach cé a chreidfeadh an té a déarfadh sa bhliain 1993 go dtabharfadh ceann stáit Shasana agus ceann stáit na hÉireann cuairt ar a chéile faoi cheann fiche bliain. Bhí Máire Mhic Róibín ar an chéad Uachtarán ar Éirinn a thug cuairt ar Shasana nuair a chuaigh sí anonn ar thuras neamh-fhormálta an bhliain sin. Bhí eascairdeas agus míthuiscint idir an dá thír an t-am sin. B’fhuilteach agus ba dhubh an bhliain í 1993 i scéal na coimhlinte sa Tuaisceart. Mharaigh an tIRA beirt pháiste i Warrington, Cheshire i dtús na bliana, agus i mí na Samhna scaoil an UFF ochtar i nGlas-stiall, Contae Dhoire. Agus doirteadh go leor fola idir an dá éacht ghránna úd.

Léirigh cuairt na Banríona sa bhliain 2011 a fhaide is chuamar chun cinn, agus thuig muintir na tíre seo gur stairiúil an ócáid í. Is beag duine atá os cionn daichead bliain d’aois nach bhfuil íomhánna uafásacha ón Tuaisceart greamaithe i gcúl a intinne. Ba dheimhniú do mhuintir na hÉireann í cuairt na banríona go raibh deireadh leis an choimhlint agus leis an tsíor-achrann. Chuir an chuairt ina luí orainn go raibh toradh leis an obair chrua a rinne ceannairí stáit agus ceannairí pobail síos fríd bhlianta deacra na nochaidí.

Céad na gCogaí

An bhliain seo chugainn cuirfidh monarc Shasana fáilte roimh Uachtarán na hÉireann. Tá na tráchtairí Sasanacha a bhfuil eolas acu ar an “Phálás” ag rá go bhfuil an bhanríon ag súil leis an ócáid. Agus táim cinnte go bhfuil – léirigh sí suim mhór ins an chuairt a thug sí ar an tír seo. Cé a dhéanfas dearmad ar na ceithre focla Gaeilge seo a leanas “A Uachtaráin agus a chairde”?

Beidh cuairt an Uachtaráin ina céim mhór i scéal an chaidrimh idir an dá thír thar thréimhse stairiúil níos faide fós. Is tráthúil mar a tharlaíonn sé go mbeidh an tUachtarán i Sasana i mBliain Chuimhneacháin thosach an Chéad Chogadh Domhanda. Más féidir a rá nach raibh sa Dara Cogadh Domhanda ach an dara babhta den Chogadh Mór féin, chuir an t-ollchogadh a phléasc sa bhliain 1914 an cruth ar fad ar an fhichiú haois. Agus gan amhras chuir sé cor mór i gcinniúint na hÉireann.

Ní bheidh a fhios againn go deo cén toradh a bheadh ar an Ghéarchéim Rialtas Dúchais dá gcuirfí an dlí um Rialtas Dúchais (1914) i bhfeidhm. (Is cosúil go rachadh Aontachtaithe Uladh chun cogaidh ina aghaidh). Ach chuir an Cogadh Mór deireadh leis an ghluaiseacht um Rialtas Dúchais. Tharla Éirí amach na Cásca dhá bhliain in dhiaidh sin agus tá a fhios againn cén chríoch a bhí air sin.

Ghlac athair an Uachtaráin páirt i gCogadh na Saoirse féin agus thaobhaigh sé leis an Phoblacht ina dhiaidh sin. Mar sin rachaidh stair na hócáide i bhfeidhm go pearsanta ar Mhichael D. Is fear é a bhfuil machnamh mór déanta aige ar stair na tíre seo agus creidim go bhfuil tuiscint ghrinn aige ar an bhealach chasta, dheacair a thug muintir na hÉireann, Thuaidh agus Theas, ó bhunadh an stáit go dtí an lá atá inniu ann.

Fís na Saorántachta Éireannaí

Nuair a sheinnfear Amhrán na bhFiann ar theacht an Uachtaráin go Sasana, cuirfidh sé ina luí orainn a ghlaine is a rinneamar an briseadh ó cheannas Westminster. Táimid neamhspleách, mar náisiúin is mar thír. Ach cé gur imigh an Troika tá an neamhspleáchas sin teorantabeidh orainn rialacha an EDT a chomhlíonadh, beidh orainn ar gcuid dualgas mar bhall-stát an AE a chomhlíonadh, agus, b’fhéidir níos measa fós, beidh orainn cur ina luí ar na margaí airgeadais go bhfuil ar ár gcumas an tír a stiúradh mar is ceart.

Ach tá gach stát beag amhlaidh. Mairimid i ré an deargdhomhandachais, agus níl neart againn air. Is fearr dúinn na srianta a aithint agus na féidireachtaí a thapú.

An té a thabharfas cluas d’aitheasc an Uachtaráin Uí Uiginn, cluinfidh sé gur duine é a thuigeann an gortú a chuireann an bhochtaineacht ar chroí an duine. Cluinfidh sé go bhfuil fís aige don tsaoránacht Éireannach. Agus cluinfidh sé gur fear é a thuigeann, go pearsanta agus go pianmhar, an stair idir an tír seo agus an tír atá in aice linn.

Aithníonn Michael D an dóigh ar theip ar an tír seo le déanaí. Ní thiocfadh dó an córas polaitíochta a cheartú – ní hé sin an ról atá aige. Ach cuideoidh sé linn an dóchas a chothú arísfríd an ealaíon, fríd an comhoibriú, fríd an charthanacht, agus fríd an daonnacht. Nuair a rachaidh sé go Sasana beidh sé ina theachta ó mhuintir na hÉireann ar fad. Céim bheag eile san obair atógála a bheidh ina thuras agus ba chóir dúinn tacú leis san obair sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.