Bhí titim an-mhór i líon na dturasóirí i go leor ceantar in Éirinn an samhradh seo agus ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go dtosóidh lucht gnó ag tabhairt luach a gcuid airgid dá gcustaiméirí.
»»»Tá Anna Heussaff tar éis go leor rudaí suimiúla a dhéanamh ina saol - tá tréimhsí caite aici ag obair le daoine gan dídean i Sasana, mar shampla, mar stiúrthóir/léiritheoir teilifíse in RTÉ agus anois, an mhí seo, tá a céad úrscéal á fhoilsiú. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill le gairid faoina saol agus faoina cuid oibre.
»»»Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Féachann Mary Beth Taylor ar fhás an ghrúpa seo agus ar na himpleachtaí atá aige don tír.
»»»Tá rudaí gránna ráite ag an iar-Uachtarán Richard Nixon faoi na hÉireannaigh i dtéipeanna a cuireadh ar fáil don phobal le gairid. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Phéinteáil an t-ealaíontóir Ioruach Edvard Munch ceithre leagan ar fad den phictiúr cáiliúil An Scréach le linn a shaoil agus tá gadaithe tar éis ceann acu a ghoid - an dara huair a tharla sé seo le deich mbliana anuas. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Nuair a thosaigh Bearnaí Ó Doibhlin a athfhoghlaim na Gaeilge san Astráil tamall de bhlianta ó shin ba bheag a shíl sé go mbeadh sé féin ag múineadh ardranga taobh istigh de thréimhse ghearr.
»»»Tá comhairle ag Antaine Ó Faracháin an mhí seo don té a mbeadh suim aige nó aici dul i mbun na portaireachta.
»»»Is traidisiún seanbhunaithe é san Astráil leabhair neamhfhicsin a fhoilsiú nach bhfuil fírinneach amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»D’éirigh le Balor éacht a dhéanamh i gcomórtas a raibh sé páirteach ann le gairid.
»»»Tiocfaidh dlí nua i bhfeidhm sa Ghearmáin ag tús na bliana seo chugainn a chuirfidh go mór le cruatan na ndaoine dífhostaithe, dar le Christoph Wendler, seachas cabhrú leo.
»»»Bíonn sé costasach go maith grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh sa bhaile ach tá roghanna eile ann anois le tamall anuas, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá gach seans ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh leis na fiosrúcháin atá á mbunú ag rialtais na hÉireann agus na Breataine claonpháirteachas idir Arm na Breataine agus dílseoirí sna Sé Chontae a chruthú.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dáithí Kimber, Port Láirge le Gaoluinn.
»»»D’fhreastail Liz Curtis ar chruinniú i mBéal Feirste faoin chiníochas an mhí seo caite agus ghoill an méid a chuala sí ansin faoin fhadhb go mór uirthi.
»»»Beidh cainteanna ar siúl idir an DUP agus Sinn Féin faoi thodhchaí na Sé Chontae i gCaisleán Leeds in aice le Maidstone Shasana i lár na míosa seo. Féachann Robert McMillen ar na héilimh atá á ndéanamh ag an dá thaobh.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Gaeltacht na hAlban. Tá Beo! faoi chomhaoin ag Tok Thompson as ucht cead a thabhairt dúinn na grianghraif seo a úsáid.
»»»D’éirigh go dona le hiomaitheoirí na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana arís agus níl Colm Mac Séalaigh dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí san am atá romhainn ach oiread.
»»»Beidh Am Mòd Nàiseanta Rìoghail, féile bhliantúil Ghaeil na hAlban, ar siúl i bPeairt an mhí seo chugainn. Labhair Stiofán MacGréill le Bainisteoir Poiblíochta na féile, Murchadh Moireasdan.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar bhád le linn stoirme.
»»»Tá an-dochar á dhéanamh don chomhshaol i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall, rud atá ag goilliúint go mór ar Tony Birtill.
»»»Dála go leor tíortha eile, tá Éirinn ag brath an iomarca ar an ola. Measann Uinsionn Mac Dubhghaill, áfach, go bhféadfadh an rialtas dul i ngleic leis an fhadhb seo go héasca.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.