Tá dúshlán mór roimh go leor de na hairí nua atá ceaptha ag Bertie Ahern, go háirithe do Mary Harney sa Roinn Sláinte.
»»»Is fear é Eamonn McCann as Doire a bhfuil blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ach, mar a fuair Ciara Nic Gabhann amach nuair a bhuail sí leis le gairid, tá spéis aige i go leor rudaí eile le cois na polaitíochta.
»»»Labhair Tom Deignan le scoláire as Béal Feirste ó dhúchas a bhfuil taighde suimiúil ar bun aige i measc na nGael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac.
»»»Labhair Caoimhe Ní Laighin le roinnt de na daoine atá bainteach leis an bhféile drámaíochta Borradh Buan, atá ar siúl i mBaile Munna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath ag tús na míosa seo.
»»»Tá rialtas na cathrach i mBeirlín ag tacú le taispeántas nua ansin de shaothair a ceannaíodh le hairgead Naitsíoch. Cúlra an scéil ó Mary Beth Taylor.
»»»Is cainteoir dúchais Gàidhlig í Beathag Mhoireasdan as Leodhas, an t-oileán amach ó chósta thiar na hAlban, agus chinn sí ar an nGaeilge a fhoghlaim de bhrí gur chuir sé isteach uirthi a bheith ag labhairt Béarla agus í ag tabhairt cuairte ar Éirinn.
»»»Tá Ciarán Ó Con Cheanainn ar dhuine den ghlúin óg amhránaithe sa stíl dhúchasach atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. As Conamara ó dhúchas dó ach tá cónaí air le cúpla bliain anuas i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ag staidéar agus ag múineadh. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoina spéis san amhránaíocht.
»»»Tá dhá eachtra thábhachtacha i stair na hAstráile a raibh baint lárnach ag Éireannaigh leo á gcomóradh i mbliana. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá amhrán cumtha ag Balor leis an phobal a chur ar an eolas faoi na hathruithe radacacha atá á gcur i bhfeidhm ag an Uachtarán Mary Mac.
»»»Nuair a thosaigh Ryanair ag díol eitiltí ar an idirlíon i 1999, bhí leisce ar go leor daoine ticéid a cheannach ar líne, ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí ó shin, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Cailleadh an deis, dar le Dónall Ó Maolfabhail, díospóireacht a chothú mar gheall ar roinnt ceisteanna móra nuair a shocraigh páirtithe an fhreasúra nach gcuirfidís iarrthóirí chun cinn don uachtaránacht.
»»»Tugann Liz Curtis aghaidh ar Loch Cuan nuair a bhíonn am le spáráil aici.
»»»Tá go leor bacanna le sárú i gcainteanna an Tuaiscirt go fóill ach tá Robert McMillen dóchasach go dtiocfar ar réiteach mar sin féin.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Lochaire Thoirc Co. Dhún na nGall.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil cuid mhór de na córais agus rialacha atá ag Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith lochtach.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar strae i mbaile coimhthíoch.
»»»Thug Barra Mac Giolla Iasachta cuairt ar an tSín i mbliana agus chuir na hathruithe atá ag teacht ar an tír alltacht air.
»»»Tá comóradh á dhéanamh i Learpholl an mhí seo ar shaol Phiarais Bhéaslaí, an réabhlóidí agus file a rugadh sa chathair in 1881. Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh baint mhór aige le bunú Shaorstát Éireann.
»»»Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill ar thionscnamh iompair a bhfuil ag éirí thar barr leis i gceantair iargúlta tuaithe ach nach féidir a bheith cinnte go leanfar leis sa todhchaí.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.