Seo sliocht as Bás Tobann, an chéad úrscéal ó Anna Heussaff, atá á fhoilsiú an mhí seo. Aistríonn teaghlach ó Bhaile Átha Cliath go dtí teach ar chósta an iardheiscirt chun a saol a thosú as an nua agus gnó turasóireachta a bhunú. Músclaítear fiosracht na mná, Aoife, nuair a thagann sí trasna ar scéal tragóideach in ailt nuachtáin sa teach. Múinteoir óg sa cheantar a maraíodh tamall de bhlianta roimhe sin, nuair a thit sí le faill. Glacann scéal an nuachtáin seilbh ar Aoife diaidh ar ndiaidh, de réir mar a thagann cúiseanna amhrais is uafáis faoi chun solais. Ach tá contúirtí i ndán di agus í ag dul i ngleic leis an iniúchadh; agus i ngan fhios dá fear céile, Pat, tá bagairtí eile ag méadú ar a ngrá pósta.
D’airigh Aoife creathán fuachta inti féin. Seachtain samhraidh ina saol féin, agus corp mná eile caite ar imeall na farraige, gan fainic ná foláireamh faighte aici go raibh deireadh a haistir saoil sroichte aici. Bhí sé éasca di siúd an scéal a léamh go fuarchúiseach, dar léi, agus dearmad a dhéanamh gur cuireadh buillí croí ina dtost. Anáil an tsonais ina stad, bláth na hóige seargtha.
Ach chuir sí iachall uirthi féin a haigne a dhíriú arís ar na fíricí a bhí roimpi, agus d’fhéach sí faoi dheireadh ar na focail a bhí breactha i gcúinne an leathanaigh laistigh den nuachtán. I mbloclitreacha a scríobhadh iad, agus bhí rian an phinn luaidhe smeartha le himeacht na mblianta. ‘ACH CÉ EILE A BHÍ AR AN nGOB AG AN AM?’ Agus thíos faoi, an dá fhocal a chuir tús, ba chosúil, le ceist eile. ‘NÓ CAD - ' Ba dheacair a rá ar sracadh cúinne an leathanaigh d’aon ghnó nó trí bhotún. Ba dheacra fós a rá cad a bhí scríofa ar an mblúire páipéir a cailleadh. ‘Nó cad faoin duine seo nó siúd’, agus ainm éigin luaite? ‘Nó cad a bhí ar eolas...?’ ‘Nó cad chuige a raibh sí ar Ghob na Caillí in aon chor?’
Ceisteanna iomadúla, nach raibh freagra ar bith le fáil orthu. Ní raibh a fhios ag Aoife, fiú, an i gcófra nó i dtarraiceán a bhí an nuachtán ina luí ar feadh na mblianta, nó cén seomra inar coimeádadh é. Stán sí amach an fhuinneog. Bhí imlíne an chnoic ar chúl an tí le feiceáil aici faoi sholas na gealaí. Bhí an gairdín thíos fuithi dubh, dorcha, agus scáil an tí ina luí air. Ach sa ghort lastuas de, bhí cruthanna dubha le feiceáil ag corraí go bog faoin ngaoth, sceacha aitinn a nochtadh ó am go chéile nuair a scar na scamaill go hard sa spéir.
D’airigh Aoife go raibh a cuid céadfaí ar fad ar tinneall, agus í ag féachaint amach ar an doircheacht. Chuimil sí a méara ar an nuachtán tirim a bhí ina glaic. D’ardaigh sí an páipéar lena leiceann, á shlíocadh go bog, mall. Bhí pollairí a sróine ag oibriú, dar léi, nó b’in mar a shamhlaíodh sí iad nuair a bhíodh boladh an amhrais le baint aici uirthi as rud éigin a bhí léite nó cloiste aici.
Bhí an teach ciúin. Ró-chiúin, dar léi, agus í ina seasamh ag an bhfuinneog, a cuid smaointe agus an méid a bhraith sí thart uirthi ag imirt ar a chéile. Ba í seo an chéad uair di sa bhaile istoíche gan Pat ina comhluadar, ó chuir siad fúthu sa Ghlaisín, agus chuir sé iontas ar Aoife chomh folamh is a bhraith sí an áit. Bhí an bheirt pháistí ina gcodladh, agus ní raibh a nguthanna ná a gcomhluadar ag teacht idir í agus an ciúnas.
Bhí sé deacair, dar léi, dul i dtaithí ar theach a bhí scoite amach leis féin. I mBaile Átha Cliath, bhí a dteach cuachta go cluthar i measc na gcomharsan, sraith tithe ag tacú go dlúth le chéile. Bhí an teach seo ina sheasamh ina aonar, gan fál cosanta idir é agus an saol mór dorcha lasmuigh. Gach fothram nó gíoscán a chuala sí, d’fhiafraigh sí di féin cad ba chúis leis.
Nuair a bhíodh cónaí uirthi sa chathair, bhíodh sí ag tnúth le ciúnas na tuaithe. An tost mar a bheadh brat teolaí fillte ina timpeall, seachas an tsíorgheonaíl a bhíodh ina cluasa i mBaile Átha Cliath. Trácht na ngluaisteán ag dul thar bráid, agus daoine ag scairteadh ar a chéile is iad ar a slí abhaile ón tabhairne ag meán oíche. Cloig rabhaidh ag preabadh trí bhotún, gan gadaí ar bith á gcur ar siúl. Sianaíl ghéar ghlórach uathu, a leanadh leathuair shíoraí i lár na hoíche. Otharchairr ag scréachaíl, héileacaptar na nGardaí ar faire, an spéir á líonadh aige le torann. Pléascáin de gach sórt a cheannaítí Oíche Shamhna, is gleo cogaíochta uathu ar fud na comharsanachta ar feadh an fhómhair ar fad.
Bhí áthas ar Aoife éalú ó ionsaí na cathrach ar a cluasa, ní raibh aon amhras uirthi faoin méid sin. Ach thógfadh sé tamall uirthi dul i dtaithí ar an easpa fuaime. D’fhág sí an seomra tranglaim ar deireadh, agus chuaigh sí ag triall ar sheomraí na bpáistí, chun a chinntiú go raibh siadsan ina sámhchodladh. Léim a croí de phreab cúpla uair nuair a chuala sí cliotaráil na gaoithe ag fuinneog, nó macalla a coiscéime féin ar na cláir loma adhmaid. Rachaidh mé a luí go luath, a dúirt sí léi féin, agus cuirfidh mé an raidió ar siúl in aice liom. Fillfidh mé pluid na leapa mórthimpeall orm, seachas a bheith ag éisteacht le clóca ollmhór na hoíche ag siosarnach.
Chuir sí uirthi a fallaing oíche de shíoda éadrom, agus chuaigh sí síos an staighre chun cupán tae a dhéanamh. Bhí an chistin ar chúl an tí, seomra breá fairsing ón uair a leagadh an balla idir é agus an seomra bia taobh leis. Bhí an seomra bia, agus seomraí na bpáistí thuas in airde, suite i gceann de dhá ghéag nó sciathán a tógadh amach ón tseanchuid den teach sna seascaidí. Bhí clós idir an dá sciathán, agus an cúlghairdín ag síneadh uaidh i dtreo an chnocáin. Ní raibh cuirtín ná dallóg ar aon fhuinneog sa chistin, ach duibhe na hoíche ag féachaint isteach uirthi.
Líon sí an citeal, agus crónán ceoil á thógáil aici léi féin chun fuaim a sholáthar dá cluasa. Chaith sí a súil ar nuachtán a bhí leata ar an mbord, agus í ag fanacht go mbeireodh an t-uisce. Léigh sí litir fheargach a scríobh duine éigin mar fhreagra ar alt a foilsíodh an tseachtain roimh ré. Bhí aithne aici ar an té a scríobh an t-alt, agus chrom sí faoin mbord féachaint an raibh fáil aici ar an mbunalt úd. Bhí carnán nuachtán faoin mbord, agus d’fhan sí cromtha tamall, is í gafa sa chuardach.
Nuair a thóg sí a cloigeann, lig sí béic. Béic ghéar a bhrúigh sí fúithi, ar eagla go scanródh sí na páistí thuas os a cionn, mar a scanraíodh an croí aisti féin.
Lasmuigh d’fhuinneog na cistine a bhí sé, agus a shúile greamaithe aige ar an ngloine. É ag stánadh isteach uirthi, ag stánadh amhail is go raibh tamall caite cheana aige ag faire uirthi. A shúile á hól is á slogadh, dar léi, fiú is gan ach spléachadh faighte aici orthu, an soicind borb sceonmhar sin nuair a chas sí a haird ó na nuachtáin.
Chuir sí iachall uirthi féin féachaint arís ina threo. Ní raibh éinne le feiceáil an uair seo, ach d’airigh sí go raibh an duine fós amuigh ansin, trí choiscéim siar ón bhfuinneog. Caithfidh gur chúlaigh sé de gheit nuair a lig sí a scréach.
Go tobann, rith sé léi gur aithin sí é. Ní hea, ní raibh sí cinnte faoi, ná ní fhéadfadh sí aon chur síos ceart a thabhairt air. Ach na súile sin a d’airigh sí ag tochailt isteach inti, bhí siad feicthe cheana aici. Fear áitiúil, é tanaí agus a chuid gruaige fada ceangailte ar chúl a chinn aige. Fiacla cama ina bhéal, b’in rud eile a bhí tugtha faoi deara cheana aici. Ní raibh a fhios aici cén t-ainm a bhí air nó cá raibh cónaí air. Ach bhí sé feicthe aici cúpla uair thíos ar an mbaile, é ina sheasamh go tostach ag faire mórthimpeall air.
Glaoch ar na Gardaí, arbh shin ab fhearr? Ach cé chomh fada go dtiocfadh siad, nó cá raibh an stáisiún Gardaí ba ghaire don Ghlaisín, agus cén seans go mbeadh éinne ar diúité ann istoíche? Chuala sí a cuid smaointe ag cliotaráil istigh ina cloigeann. Ní hea, ná bac na Gardaí. Glaoigh ar Phat, má thug sé leis an fón póca. Sea, suí ar an staighre, as radharc ón bhfuinneog, sin an rud is tábhachtaí. Ach b’fhéidir go raibh dul amú uirthi is nach raibh éinne ann. Ní hea, bhí duine éigin ag stánadh uirthi. Bhí sé ina sheasamh lasmuigh an t-am ar fad a bhí sí sa seomra. Ag baint lán na súl aisti. Ise ar stáitse soilsithe dó, gan de chlúdach uirthi ach a fallaing éadrom.
Rithfidh mé amach an cúldoras, a d’fhógair sí di féin, agus béicfidh mé arís air. Tabharfaidh mé a dhúshlán é féin a thaispeáint dom. Béarfaidh mé ar a scrogall agus ansin feicfimid cé chomh mór is a bheidh a shúile santacha.
Thug sí coiscéim isteach sa chistin arís agus buillí a croí á bodhradh. Chuaigh sí go mall i dtreo na fuinneoige. Ach ní raibh roimpi ach a scáil féin ag féachaint ar ais uirthi le hamhras. Dá mbeadh solas curtha lasmuigh den teach acu, d’fhéadfadh sí é a lasadh go tobann. Ach ní raibh. Tuilleadh den obair athleictrithe nach ndearnadh.
An bhearna idir an cúlghairdín agus an gort, áit a raibh seangheata briste, agus meirg air. Pé duine a bhí ag smúrthacht lasmuigh, níorbh fholáir nó bhí sé tagtha ar thalamh an tí ón taobh sin. Bhí an geata chun tosaigh, a thug cead isteach ón mbóthar, dúnta. Bhí a fhios aici an méid sin mar gur dhún sí féin é nuair a d’imigh Pat sa ghluaisteán níos luaithe.
Dhruid sí leis an gcúldoras agus rug sí greim ar an eochair a bhí suite go teann i bpoll an ghlasa. Ar a laghad, ar a laghad, ar a laghad. Ar a laghad bhí an doras faoi ghlas i rith an ama. Rith sí amach sa halla, go dtí an doras mór tosaigh, a bhí déanta d’adhmad tiubh, tréan. Bhí bolta righin air, agus dhaingnigh sí faoi ghlas é sular chuimhnigh sí go mbeadh Pat ag iarraidh teacht isteach an doras céanna ar ball. Scaoil sí arís é, agus ansin chuimhnigh sí go raibh doras eile thíos staighre.
Fuinneoga Francacha, dáiríre, a bhí ag féachaint amach ó sheomra bia na gcuairteoirí ar an gclós. Bhí an teach chomh mór go raibh an iliomad bealach isteach ann le cosaint. Cá bhfios cé chomh minic le cúpla seachtain anuas a bhí an fear seo ag póirseáil thart i ngan fhios dóibh, agus é ag súil go bhfeicfeadh sé í féin lomnocht.
B’fhéidir nárbh shin a bhí uaidh in aon chor. B’fhéidir gur ar thóir rud éigin eile istigh sa teach a bhí sé. Nó b’fhéidir gur tháinig sé ar cuairt gan choinne, gur scaoil sé é féin isteach an geata tosaigh is go raibh sé ar tí cnagadh ar an gcúldoras, mar a dhéanfadh go leor cuairteoirí. B’fhéidir gur scanraigh sí é nuair a lig sí béic aisti. B’fhéidir gur bhean seachas fear a bhí ann.
Chuaigh sí in airde staighre go mall, a coiscéimeanna féin á leanúint ar na cláir loma adhmaid. Í ag iarraidh sárú ar an eagla le neart a tola is a réasúin.
Is as Baile Átha Cliath d’Anna Heussaff. Tá taithí fhada aici mar scríbhneoir, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir ar chláir raidió agus teilifíse.
Is é an comhlacht Cois Life (www.coislife.ie) atá ag foilsiú Bás Tobann agus cosnaíonn sé €15. Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair Beo!
Gluais Glossary
á fhoilsiúbeing published
gnó turasóireachtatourism business
músclaítear fiosracht na mnáthe woman’s curiousity is awakened
ailt nuachtáinnewspaper articles
faillcliff
seilbhpossession
contúirtídangers
bagairtíthreats
creathán fuachtaa cold shudder
fainicwarning
foláireamhnotice, warning
deireadh a haistir saoilthe end of her life’s journey
go fuarchúiseachindifferently
buillí croíheartbeats
anáil an tsonaisthe breath of happiness
seargthawithered
iachallcompulsion
fíricífacts
breacthawritten down
rianmark
d’aon ghnódeliberately
blúire páipéirpiece of paper
luaitementioned
tarraiceándrawer
stán síshe stared
imlíneoutline
scáilshadow
gortcultivated field
cruthanna dubhablack shapes
ag corraí go bogmoving gently
sceacha aitinnfurze bushes
céadfaísenses
ar tinneallon edge
doircheachtdarkness
ina glaicin her hand
leiceanncheek
á shlíocadhstroking it
pollairí a sróineher nostrils
b’in mar a shamhlaíodh sí iadthat’s how she used to imagine them
istoícheat night
ina comhluadarin her company
folamhempty
dul i dtaithí arget used to
cuachta go clutharnestled comfortably
fál cosantaprotective fence
fothramnoise
gíoscáncreaking
ag tnúth lelooking forward to
brat teolaíwarm covering
an tsíorgheonaílthe continuous droning
ag dul thar bráidpassing by
cloig rabhaidhalarms
sianaílwhining
otharchairr ag scréachaílambulances screeching
pléascáinexplosives
gleo cogaíochtathe noise of war
ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood
éalúto escape
amhrasdoubt
easpa fuaimelack of noise
tranglamclutter
ina sámhchodladhsleeping soundly
cliotaráilclattering
macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep
pluidblanket
ag siosarnachrustling
a fallaing oícheher night gown
taobh leisbeside it
sciathánwing
dallógblind
duibheblackness
crónánhumming
leataopen
an bunalt údthat original article
carnánpile
béicscream
ag stánadh isteach uirthistaring in at her
ag faire uirthilooking at her
á slogadhswallowing her
spléachadhglance
sceonmharterrifying
trí choiscéimthree steps
scréachscream
rith sé léiit occured to her
cur síos ceartproper description
ag tochailt isteach intidigging into her
tanaíthin
camcrooked
go tostachsilently
ag fairelooking
ar diúitéon duty
Ag baint lán na súl aisti.Taking a good look at her.
tabharfaidh mé a dhúshlánI’ll challenge him
scrogalllong thin neck
á bodhradhdeafening her
obair athleictritherewiring work
meirgrust
ag smúrthachtprowling around
go teanntightly
tiubhthick
tréanstrong
bolta righinstiff bolt
i ngan fhios dóibhwithout them knowing
lomnochttotally naked
ar thóir rud éigin eileafter something else
ar tí cnagadhabout to knock
ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear
le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason