CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
An seanphort céanna
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

comhairle ag Antaine Ó Faracháin an mhí seo don té a mbeadh suim aige nó aici dul i mbun na portaireachta.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Bhí mé ag moltóireacht ag Fleadh Cheoil na hÉireann le déanaí i gcomórtas na portaireachta.

Lá iomlán ag éisteacht le daoine de gach aois agus iad ag déanamh ceoil lena ngob.

Ceol an ghoib an lá ar fad!

Óna 11 ar maidin go dtí leathuair tar éis a cúig tráthnóna agus gan uirlis cheoil ar bith le feiceáil in áit ar bith. Ríleanna, portanna, cornphíopaí, máirseáil, polcaí, sleamhnáin, rincí leithleacha, portanna luascaigh, srl. Réimse leathan ceoil is gan d’uirlis ann chun iad a iompar ach an béal agus an teanga agus an anáil.

Bhí cosa an lucht éisteachta a bhí sa seomra ag preabadh. Bhí a gcuid barraicíní ag pramsáil agus a gcuid méarachaí ag damhsa. Bhí muid ar fad i gcomhluadar a chéile ag crosbhóthar na samhlaíochta, ar feadh an lae.

Lá fada, a déarfá b’fhéidir, le bheith i do shuí chun boird i mbun pinn, le bheith ag éisteacht go cruinn le portaireacht, ach níor mhothaigh mé an lá ag imeacht! An fhad is a bhí mé ann, bhí orm mo chuid machnaimh a dhéanamh (ar leibhéal i bhfad níos doimhne ná riamh roimhe sin) ar ealaín seo na portaireachta. Céard a thaitníonn liom fúithi? Cad iad na tréithe a bhaineann léi? Céard iad na slata tomhais a d’úsáidfinnse chun portaireacht duine éigin a mheas? Céard iad na rudaí nó na tréithe a lorgóinn ón bportaireacht a chabhródh liom an chéad, an dara nó an tríú háit a bhronnadh ar dhuine? An bhfuil aon rud fúithi nach dtaitníonn liom?

Seo thíos cuid de na rudaí a luaigh mé leis na hiomaitheoirí agus leis an lucht éisteachta an lá sin.

Rogha maith tiúin: Ceann de na bunrudaí, dar liomsa, ná tiún maith a roghnú i dtosach. Agus is deacair na seantiúin a shárú - tá siad lán de cheol. Nach shin é an fáth go bhfuil siad ann chomh fada sin! Agus toisc go bhfuil siad chomh lán sin de cheol cheana féin, ní gá mórán a dhéanamh leo. Má thuigeann tú agus má mhothaíonn tú an ceol atá sa tiún, tá leat. Agus ní hiad na nótaí *atá tábhachtach ach an *ceol *atá sa tiún. Na ceoltóirí is fearr, dar liomsa, ní bhíonn siad ag smaoineamh ar na nótaí. Bíonn siad ag seinm an cheoil inmheánaigh seo a chloiseann siad taobh istigh iontu féin. An ceol atá sa chuimhne. An ceol atá sa *chroí.

Chomh maith leis sin, tá tiúin áirid a fheileann níos fearr don phortaireacht ná tiúin eile. Díreach mar atá tiúin a fheileann go maith don fhidil ach nach bhfeileann don fheadóg mhór. Tá a cuid buanna agus a cuid srianta féin ag gach uirlis, an glór ina measc. Má tá réimse ró-leathan i dtíún, mar shampla, ní fheilfidh sé de ghnáth don ghlór. B’fhéidir gur féidir é a sheinm ar an bhfidil ach níl an réimse céanna ag an nglór is atá aici sin. Ar aon chaoi téann an tsimplíocht agus an ceol lámh ar lámh lena chéile go minic. Ní gá don tiún a bheith róchasta chun a bheith ceolmhar.

Rithim: Ceann de na príomhrudaí a théann i bhfeidhm ar an éisteoir nuair a thosaíonn duine ag portaireacht ná rithim an cheoil. Ar ndóigh! Mar níl aon fhocail i gceist. Ní amhrán atá ann, cé go bhfuil an duine ag úsáid a g(h)lóir. Mar sin, tá an rithim fiorthábhachtach. Agus, ar ndóigh, ceol damhsa atá ann, mar sin caithfidh an rithim a bheith go maith. Ba cheart di a bheith chomh seasta agus is féidir agus ba cheart go mbeadh brí inti. Ba cheart go mbeifeá in ann daoine a shamhlú ag damhsa leis.

Luas: Is féidir le tiún a bheith rómhall nó rósciobtha. Nó b’fhéidir go n-éireodh sé níos sciobtha de réir a chéile mura mbeadh duine cúramach go leor luas deas a leagan síos ón tús agus é sin a choinneáil seasta daingean go deireadh. Is ceart go mbeadh an luas feilúnach don tiún féin agus don damhsa de ghnáth.

Gluaiseacht an cheoil: Anois ní hionann rithim an cheoil agus gluaiseacht an cheoil. Baineann gluaiseacht an cheoil leis an gcaoi a gcoinníonn sé ag bogadh ar aghaidh. Muna bhfuil an ceol ag gluaiseacht ar aghaidh i gceart, éiríonn sé leamh. Tá sé díreach cosúil le hamhrán. Níl a leithéid de rud ann agus amhrán atá rófhada, dar liomsa. Ní *fad *an amhráin atá tábhachtach ach *gluaiseacht *an amhráin. Má choinníonn an t-amhránaí aire an lucht éisteachta ó thus deireadh ní mhothaíonn amhrán ar bith fada! Is ceart do gach véarsa a bheith úr agus brí a bheith ann. Cloisfidh tú daoine go minic ag rá le linn seisiúin cheoil “Keep her lit!” Má choinníonn tú ag imeacht í, tá leat. Tá an phortaireacht agus an ceol uirlise mar an gcéanna.

Béim agus brí: Cén chaoi a gcoinníonn muid beo bríomhar í mar sin? Conas a chuirtear an *umf *sin isteach inti? Bhuel, tá nótaí áirid i dtiún ar bith a thugann brí agus beocht dó. Sin iad na nótaí a chrochann suas é. Is ceart na nótaí sin a phiocadh amach (go cúramach) i dtosach agus ansin iad a úsáid go tuisceanach agus le blas chun beagán de chic a thabhairt don tiún. Ardaíonn sé seo rithim an cheoil agus tugann sé beagán de luascadh dó agus beagán fiántais!

An tiún v an glór v an duine: Bíonn na trí rud seo i láthair nuair atá portaireacht ar siúl. (Nó ba cheart go mbeadh!) Má tá aon cheann acu fágtha ar lár, nó rófhada chun tosaigh, beidh locht agam uirthi. Ní gá go mbeadh glór iontach ag an duine (cé go gcabhraíonn sé sin) ach is ceart don duine a bheith in ann a g(h)lór a úsáid go héifeachtach. Chomh maith leis an tiún a bheith i láthair, is ceart do phearsantacht an duine féin a bheith ann freisin, go pointe éigin.

An mhacántacht v an gheáitsíocht: Ní hionann portaireacht agus aisteoireacht. Mar sin, ní maith liomsa nuair a thosaíonn daoine ag cur rud ar a dtugaim “an leipreachánachas” i láthair. Is é sin, nuair a thosaíonn siad ag aisteoireacht agus ag déanamh an iomarca geáitsíochta leis an rud.

An diddli-di v an scitéirí-dú: Ós rud é nach bhfuil focail ar bith i gceist le portaireacht, níl ciall ar bith leis na fuaimeanna a úsáidtear. Ach tá roinnt fuaimeanna a fheileann don phortaireacht agus tá roinnt eile nach bhfeileann. Tá fuaimeanna áirid a ligeann duit tríréidí a chur isteach sa tiún nó ornáidíocht de shaghsanna eile. Sin an fáth go n-úsáideann daoine diddli-di *seachas *mú-múmú-mé, mar shampla. Chomh maith leis sin, tá rud eile tábhachtach a bhaineann leis an ábhar seo dar liomsa.

Ní maith liomsa ar chor ar bith é nuair a thosaíonn daoine ag dul thar fóir leis na scitéirí-di. An fáth go bhfuil na focail seo, nó vocables, ann ná chun an tiún a iompar. Má bhíonn siad róghreannmharrótharraingteach ar bhealach ar bith eile, tarraingíonn siad aird an éisteora orthu féin agus, dá bharr sin, ón tiún. Tá na vocables *ann le freastal ar an tiún, ní a mhalairt. Bunriail é sin domsa. An tiún an rud is tábhachtaí, ní na *vocables.

Míriú: Is minic go scarann míriú an cheoil an ceoltóir, an t-amhránaí nó an portaire atá go maith, ón duine nach bhfuil. Ní sheinneann gach uirlis cheoil gach nóta atá sa tiún. Bíonn ar an duine atá ag seinm ríle ar an bhfeadóg mhór, mar shampla, anáil a tharraingt am éigin. Mar sin, déanann sé/sí míriú ar an tiún ar bhealach a fheileann don analú. Fágtar nótaí áirid ar lár fhad is atá anáil á tarraingt. Ní thugann muid faoi deara nár seinneadh na nótaí sin má bhíonn an míriú go maith. Samhlaíonn an t-éisteoir iad ina (h)intinn féin.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.