AR NA SAOLTA SEO
Dílárú na cumhachta
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Dála go leor tíortha eile, tá Éirinn ag brath an iomarca ar an ola. Measann Uinsionn Mac Dubhghaill, áfach, go bhféadfadh an rialtas dul i ngleic leis an fhadhb seo go héasca.

Íomhá
Measann an t-iriseoir Martin Wolf gur chóir dúinn a bheith an-neirbhíseach faoin éiginnteacht pholaitiúil sa Meán-Oirthear
Íomhá
Íomhá

An bhfuil géarchéim eile ola ar an mbealach? An bhfuil muid réitithe don lá nach mbeidh aon soláthar ola fágtha? An bhfuil neamhaird á tabhairt againn ar an bhfadhb?

Tá, níl, agus tá na freagraí atá ag cuid mhaith den lucht comhshaoil ar na ceisteanna sin. Le tamall anuas, áfach, tá glórtha eile ag cur leis na rabhaidh a eisíonn eagraíochtaí ar nós Greenpeace. Ag scríobh dó sa Financial Times, dúirt an t-iriseoir Martin Wolf gur chóir dúinn a bheith an-neirbhíseach faoin éiginnteacht pholaitiúil sa Meán-Oirthear. Déanann sé comparáid idir an chaoi a bhfuil cúrsaí san Arab Shádach inniu agus an Iaráin faoi dheachtóireacht an *Shah *i 1979. Is é réimeas Theach Saud an crann taca is mó atá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá sa domhan Ioslamach, ach an t-am sin ba é an *Shah *an cara ba mhó a bhí ag an Teach Bán ann.

Faoi mar a bhí muintir na hIaráine i 1979, nuair a cuireadh tús le réabhlóid bhunúsach, tá muintir na hAraibe Sádaí fíor-mhíshásta leis na polasaithe a leanann rialtas na tíre i leith na Meiriceánach. Tá cumhacht na *mullah *ag dul i dtreise sa tír dá bharr. Dá dtitfeadh réimeas Saudi as a chéile, agus dá gcuirfí stop le heasportálacha ola ón tír sin, a deir Wolf, dhéanfaí táirgeacht dhomhanda na hola a laghdú 10 faoin gcéad ar an bpointe.

De ghnáth, nuair a ardaíonn praghas na hola go suntasach, cuireann na comhlachtaí ola cuid den bhrabús breise ar leataobh le caitheamh ar fhoinsí nua ola a chuartú. In ainneoin gur ardaigh praghas na hola 30 faoin gcéad le cúpla bliain anuas, níor ardaigh ExxonMobil agus Chevron Texaco - péire de na comhlachtaí ola is mó ar domhan - a mbuiséid tochailte i mbliana. Tá faitíos orthu go dtitfidh praghas na hola arís, faoi mar a tharla ag deireadh na 1990í, agus feileann na praghasanna arda dóibh.

Go deimhin, ag deireadh na 1990í nasc cuid mhaith comhlachtaí ola le chéile, sa chaoi is nach bhfuil fágtha anois ach dornán beag comhlachtaí a bheadh in ann tionscadail mhóra a chur ar bun.

Ag an am dúradh go mbeadh na hollchomhlachtaí nua sin in ann na taiscí ola is iargúlta ar domhan a thochailt. In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d’fhéadfaí.

Bhí fáth simplí leis sin. Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú, braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór ar luach na scaireanna. Is é an toradh atá air seo ar fad ná go bhfuil monaplacht nó *cartel *nua domhanda againn, monaplacht atá níos cumhachtaí agus níos contúirtí - do shláinte geilleagrach an domhain - ná seanmhonaplacht mhuintir Rockerfeller i dtús na 20ú haoise.

Cumhacht na gaoithe

Is beag is féidir le Rialtas na hÉireann, ná go deimhin leis an gCoimisiún Eorpach, a dhéanamh faoi na cúinsí sin ar fad. Ach d’fhéadfaí céimeanna éasca a thógáil chun iomaíocht nua a chur chun cinn sa soláthar leictreachais.

Is fada daoine ag caint faoi na deiseanna atá ann leictreachas a ghiniúint as cumhacht na gaoithe. Go dtí seo is ar mórthionscadail chostasacha is mó a bhí an bhéim, tionscadail a chothaigh neart conspóide ó cheann ceann na tíre go dtí seo.

Ach tá bealaí eile ann. Tá ar a laghad dhá chomhlacht lonnaithe in Éirinn a chuireann tuirbíní beaga gaoithe ar fáil - micreathuirbíní a thugann siad orthu - ar phraghas atá thar a bheith réasúnach. Ar mhíle euro agus beagán le cois, mar shampla, d’fhéadfadh duine tuirbín beag a chrochadh ar chúl an tí a chuirfeadh dóthain leictreachais ar fáil dá theach féin an chuid is mó den am. (Tá an comhlacht Eirbyte (www.eirbyte.com) lonnaithe i gContae Liatroma agus tá Atlantic Power Master (www.atlanticpowermaster.com) lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne.)

Níl na tuirbíní beaga seo mórán níos mó ná na cinn a úsáideann bádóirí chun leictreachas a ghiniúint ar thurasanna fada farraige, agus ní ceart go gcuirfeadh siad an t-imní céanna ar dhaoine is a chuireann na “feilmeacha” móra gaoithe. Ach is iomaí constaic agus dris chosáin atá curtha rompu ag na húdaráis. Faoi láthair, mar shampla, níl cead ag duine a bhfuil micreathuirbín aige an leictreachas nach bhfuil gá aige leis a dhíol leis an mBord Soláthar Leictreachais ná le comhlacht fuinnimh ar bith eile. Agus is iomaí áit, in iarthar na hÉireann ach go háirithe, go bhfuil an oiread sin gaoithe ann go mbeadh farasbarr áirithe ag duine thar a chuid riachtanas féin - agus deis aige, dá bharr, cúpla euro a shaothrú as an ngaoth atá ag séideadh os cionn a thí féin.

Dá léireodh an Rialtas ceannaireacht áirithe sna cúrsaí seo, d’fhéadfaí foinsí beaga ioncaim agus cumhachta a scaipeadh fud fad chósta iarthar na hÉireann, cur leis na hiarrachtaí dul i ngleic le bánú na tuaithe sna ceantair chúlráideacha, agus dúshlán na mórchomhlachtaí ola a thabhairt. Dílárú na cumhachta? Ní lá go dtí é!

Is as Baile Átha Cliath d’Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit ina bhfuil sé ag obair mar shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir. Tá sealanna caite aige ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4, agus mar chomhfhreagraí réigiúnach agus eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.