AR NA SAOLTA SEO
Scrios Ghleann Cholm Cille
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

an-dochar á dhéanamh don chomhshaol i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall, rud atá ag goilliúint go mór ar Tony Birtill.

Íomhá
An Port, Gleann Cholm Cille
Íomhá
Seancharranna caite in aice an bhóthair go dtí An Port
Íomhá
An bóithrín gránna ar cuireadh cosc air sa Phort
Íomhá
An cosán déanta as clocha duirlinge

“Ná sáruigther Seinglenn, aitreb na lec nime.” (Ná sáraítear an Seanghleann áitreabh leaca Neimhe.)

Seo sliocht as dán atá le fáil sa Bodleian Library, Oxford, a scríobhadh síos sa 15ú haois agus ar dúradh faoi gurbh é Colm Cille féin a chum. Tá sé luaite ag tús an leabhair *Gleann Cholm Cille: 5000 Bliain Greanta i gCloch *leis an Ollamh Mícheál Ó hOireachtaigh. Cuireann an leabhar seo síos ar na tuamaí meigiliteacha agus na galláin atá le feiceáil sa ghleann álainn seo in iardheisceart Dhún na nGall.

Tá sé dochreidte, ar ndóigh, go bhféadfadh duine ar bith Gleann a shárú, ach tá brón orm a thuairisciú go dtarlaíonn sé go rialta, agus tá an fhadhb ag éirí níos measa.

Tá mé féin i mo stiúrthóir ar an chúrsa siúl sléibhe i gcoláiste Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus, mar sin, bím ag siúl thart ar an cheantar máguaird le grúpaí ó gach cearn den domhan. Aontaíonn siad liom gur limistéar áilleachta é, go dtí go bhfeiceann siad an loitiméireacht atá déanta ar an chomhshaol.

Thosaigh an trioblóid in 2002 i dtrátha an ama a ndearna RTÉ mír faoi chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael don chlár turasóireachta “No Frontiers”. Ní raibh mé féin i gceannas ar an ghrúpa siúlóirí an tseachtain sin - bhí mé ag obair sa chúlra leis an láithreoir Christy Kinneally agus le stiúrthóir an chláir. Fear áitiúil, Seamus Mag Fhionnghaile (nó “Jimmy Taig” mar a thugann muintir na háite air) a bhí ina cheannaire agus ba eisean a bhí os comhair an cheamara.

B’éigean dom áiteanna áille a aimsiú don léiritheoir a bheadh an fhoireann cheamara ábalta a bhaint amach. An Port a bhí ar bharr mo liosta. Is sráidbhaile tréigthe é seo, atá suite in aice leis an chladach, agus cnoic, ailltreacha agus toir fharraige sa chúlra. Baineann iascairí úsáid as an phort go fóill, ach seachas sin, is áit fhiáin agus ghalánta é.

Mhol mé an áit go hard agus mé ar an bhealach ansin leis an lucht teilifíse, ach nuair a bhain muid An Port amach ba bheag nár bhris an gol orm. Gan fhios dom, cúpla lá roimhe sin bhí iascaire i ndiaidh na focail *"No Tax, ha, ha ha” *a phéinteáil faoi dhó i litreacha ollmhóra bána ar an ché. “Beidh sé deacair dúinn é sin a sheachaint agus sinn ag scannánú,” arsa an stiúrthóir liom.

“Bligeard éigin,” arsa mise liom féin. Sinne in Oideas Gael ag déanamh ar ndícheall turasóirí a mhealladh chuig an cheantar agus sáraíonn amadán an áit go speisialta do RTÉ. Bhí RTÉ ábalta an *graffiti *a sheachaint, buíochas do Dhia, agus mar gheall ar an sárjab a rinne Jimmy Taig mar threoraí bhí píosa breá faoinár gcúrsa ar an teilifis agus fuair muid a lán custaiméirí breise dá bharr.

Is fiú €160 milliun siul sléibhe do gheilleagar na hÉireann, de réir John O’Donoghue TD, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, agus thiocfadh leis a bheith a bhfad níos tábhachtaí sa todhchaí. Is é ráiteas misin na Roinne sin ná: “to contribute to the economic, social and cultural progress of Irish society and the enrichment of its quality of life through promoting sustainable tourism ... and the preservation of our cultural inheritance.” Gan amhras ar bith, tá Oideas Gael ar aon intinn leis an Roinn faoi sin.

Comhairle na Tuaithe

Tuigim go bhfuil fadhbanna ann ó thaobh bealaí isteach agus cearta slí de, agus bhunaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, Comhairle na Tuaithe, ar a bhfuil ionadaithe ag na feirmeoirí agus ag Comhairle Sléibhte na hÉireann, chun an cheist seo a phlé (feach www.mountaineering.ie).

Ach nach bhfuil ceist thruailliú an chomhshaoil i bhfad níos simplí? Cuireadh tús le Scéim Chaomhnaithe an Chomhshaoil faoin Tuath i 1994 agus, idir 2000 agus Meitheamh 2004, fuair 46,000 feirmeoir deontais faoin scéim seo arbh fhiú €420 milliún iad (tháinig 75% den airgead ón Aontas Eorpach). De réir na rialacha a bhaineann leis an scéim, caithfidh na feirmeoirí seo feabhas a chur ar an chomhshaol.

Ach in áiteanna feiceann tú go bhfuil a mhalairt ar fad ag tarlú: ar an bhealach ó Ghleann go dtí An Port, cuir i gcás, ar an chosán atá ag dul ón aeróg síos tríd an phortach. Ar an drochuair, tá daoine i ndiaidh an portach a úsáid mar láithreán bruscair anuas trí na blianta agus tá seancharranna, innill níocháin agus rothair le feiceáil ann. Ach tá an fhadhb níos measa i mbliana - tá seancharr dearg sa bhreis dumpáilte in aice leis an aeróg. Tá codarsnacht an-mhór idir seo ar fad agus an áilleacht nádúrtha atá thart timpeall.

Tá sé mar a gcéanna ar an bhóithrín ó Shrath Buí go dtí An Port, áit a bhfuil trí sheancharr le feiceáil i líne ar an taobh, i ndiaidh na seanscoile náisiúnta. Cé gur bhailigh an Chomhairle Contae seancharranna sa cheantar ar phraghas reasúnta i mí Lúnasa, tá an líne carranna seo ann go fóill, ag cur fáilte ghránna roimh chuairteoirí.

Le cois seo ar fad, rinneadh damáiste millteanach sa Phort féin i mbliana arís.

Ba ghnách linn suí síos ar leac leathan bán in aice leis an chladach ansin le lón a ithe tar éis an tsiúil fhada ó Ghleann. Ach i mí Iúil ghearr duine éigin bealach díreach tríd an leac le JCB agus d’úsáid sé na píosaí le bóithrín gránna a dhéanamh go dtí an cladach. Ansin, leacaigh sé na clocha duirlinge trasna an chladaigh mar bhealach go dtí an áit a mbíonn na báid iascaireachta. Le stad a chur leis an bhóithrín uafásach seo, thochail dream eile díog roimhe, agus chuir siad bolláin in aice leis. Tá an áit scriosta acu.

Ní hamháin go bhfuil smál ar an limistéar áilleachta, ach tá sé contúirteach fosta dul trasna an bhac-chúrsa seo. Thit siúlóir amháin i mo grúpa air, agus ní raibh sí ábalta dul amach in éineacht linn an lá dár gcionn.

Déistin

Chuir an damáiste déistin ar a lán daoine, idir mhuintir na háite agus chuairteoirí, agus ní raibh iontas orm litir a léamh sa *Donegal Democrat *fá dtaobh de ar an 12 Lúnasa faoin teideal “Please Remove Glencolmcille Monstrosity”. Cuairteoir as cathair na Gaillimhe a scríobh an litir.

Níl a fhios agam an bhfaca Uachtáran na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, an loitiméireacht sa Phort nuair a bhí sí ag freastal ar chúrsa Gaeilge Oideas Gael i mí Iúil. Ba é seo an seachtú bliain don Uachtarán pilleadh ar an chúrsa, a raibh an méid seo le rá ag an nuachtán *Lá *faoi: “Le linn an chúrsa, bíonn deis ag na scoláirí luí isteach ar chultúr na hÉireann in áit a mbíonn an Ghaeilge agus áilleacht tíre ar gach taobh díobh. Tá Gleann Cholm Cille ar cheann de na háiteanna is deise i dTír Chonaill … "

Chítear domsa go bhfuil mionlach daoine sa pharóiste atá ag iarraidh áit dhéistineach a chruthú in ionad áit tharraingteach, agus an turasóireacht agus obair Oideas Gael a scrios.

Ach leanann muid ar aghaidh d’ainneoin na ndeacrachtaí uile.

Bhí RTÉ ar ais ag deireadh mhí Lúnasa ag déanamh clár iomlán de chuid “Nationwide” faoi Ghleann Cholm Cille. Ár ndóigh, níor thug mé an láithreoir Síle Seoighe amach go dtí An Port - rinne siad píosa mór faoin siúl sléibhe agus Turas Cholm Cille. Ach cé chomh fada is a bheidh sé go mbeidh sé sin scriosta fosta?

An bhfuil imní ar dhuine ar bith sa Roinn Turasóireachta nó i gComhairle Contae Dhún na nGall mar gheall ar an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul in olcas i nGleann Cholm Cille?

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.