Phéinteáil an t-ealaíontóir Ioruach Edvard Munch ceithre leagan ar fad den phictiúr cáiliúil An Scréach le linn a shaoil agus tá gadaithe tar éis ceann acu a ghoid - an dara huair a tharla sé seo le deich mbliana anuas. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
Bhí saol na healaíne, agus go háirithe lucht leanúna Edvard Munch, trína chéile ag an nuacht gur goideadh saothar dá chuid ó Iarsmalann Munch in Oslo ar an 22 Lúnasa.
Rith beirt ghadaithe isteach sa iarsmalann díreach roimh mheán lae agus, a fhad is a bhí duine acu ag bagairt gunna ar na gardaí agus ar na cuairteoirí, bhí duine eile acu ag tarraingt na bpictiúr *An Scréach *agus *Madonna *anuas ón bhalla.
Tá clú idirnáisiúnta ar na pictiúir seo, go háirithe An Scréach, atá aitheanta mar chomhartha uilíoch an éadóchais ó tarraingíodh é in 1893 agus atá anois mar chomhartha íocónach ar fud an domhain.
Nuair a tharla an eachtra, is cosúil nach raibh aon chosaint ag lucht na hiarsmalainne ar na gadaithe. Mar a dúirt Jorunn Christoffersen, duine den fhoireann: “Bhí gléas gearrtha leo a ghearr an tsreang. Bhí sé pleanáilte acu sin a dhéanamh. Bhí gunna acu agus bhagair siad ar ár bhfoireann. Níl mórán is féidir leat a dhéanamh nuair a tharlaíonn sé sin.”
Cad é rún an phictiúir seo, a théann i bhfeidhm oiread ar dhaoine go fóill agus a dhíolfaí ar idir $60 agus $75 milliún dá mbeadh sé ar an mhargadh inniu?
Rinneadh an saothar mar chuid de shraith darbh ainm “Fríos na Beatha” a bhí, a dúirt Munch, “ina phíosa filíochta faoin bheatha, an grá agus an bás.”
Rinne an t-ealaíontóir ceithre leagan de An Scréach, pictiúr a tháinig chuige i ndiaidh dó luí drámata na gréine a fheiceáil agus é amuigh ag siúl ar an 22 Eanáir, 1892. Seo an cuntas a scríobh sé ina dhialann:
“Bhí mé ag siúl ar ar an bhóthar le beirt chairde. Bhí an ghrian ag dul síos. Bhraith mé anáil na gruaime. Go tobann, tháinig dath na fola ar an spéir. Stop mé, agus lig mé mo thaca leis na ráillí, tuirse an domhain orm - ag breathnú amach ar na scamaill scallta a bhí ar crochadh mar a bheadh fuil agus claíomh ann os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh. Shiúil mo chairde leo - sheas mise ansin, ar crith le heagla. Agus bhraith mé scréach ollmhór, infinideach ag dul tríd an nádúr.”
Tá an íomhá chráite atá lárnach sa phictiúr chomh haitheanta céanna le carachtar i “mórphictiúr” ar bith eile ar nós *Lus na gréine *le Van Gogh nó *Elizabeth Taylor *le hAndy Warhol. Ní hiontas, mar sin, go bhfuil earraí a bhaineann le *An Scréach *le fáil go flúirseach - go deimhin tá sraith tábhairní sa Bhreatain, fiú, a úsáideann an t-ainm agus an íomhá mar chomhartha aitheantais!
Rócháiliúil
Níl duine ar bith cinnte cad é a dhéanfaidh na gadaithe leis na pictiúir. Is cinnte go bhfuil siad rócháiliúil agus conspóideach le díol faoi láthair - fiú ar an mhargadh dubh. Tá gach seans, mar sin, go n-iarrfaidh siad airgead fuascailte ar an iarsmalann.
Creidtear go bhfuil gadaíocht ealaíne ar cheann de na gníomhaíochtaí coiriúla is luachmhaire ar domhan anois, i ndiaidh drugaí agus gáinneáil daoine.
Thar na blianta goideadh roinnt de na saothair is cáiliúla ar domhan - amanna ar bhealach a chuirfeadh scánnan de chuid Hollywood i gcuimhne duit. An ghadaíocht ealaíne is mó i stair na Stát Aontaithe, mar shampla, a tharla i 1990. D’éalaigh beirt ghadaithe, a bhí gléasta mar phóilíní, le saothar arbh fhiú $300 milliún é ó Dhánlann Isabella Stewart Gardner i ndiaidh dóibh glais lámh a chur ar na gardaí. Tá duais de $5 milliún á tairiscint go fóill don té a chuirfidh eolas ar fáil faoin ghadaíocht seo.
Amanna eile déantar é ar bhealach atá thar a bheith simplí. Cad é faoin oibrí Iodálach, Vincenzo Perruggia, a shiúil isteach sa Louvre i bPáras i 1911 agus a shiúil amach leis an *Mona Lisa *faoina fhorléine! Chuir sé as dó, is cosúil, go raibh an oiread sin saothar Iodálach ag na Francaigh agus spreag sé seo an ghadaíocht. Bhí an pictiúr ar iarraidh ar feadh dhá bhliain agus le linn na tréimhse seo sheas na mílte Francach i scuainí chun féachaint ar an spás lom a bhí fágtha ar an bhalla! Agus deirtear nár tháinig an t-íosachas chun cinn go dtí na seascaidí!
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.