TEANGA AGUS CULTÚR
Am Mòd ar na bacáin
Stiofán MacGréill Stiofán MacGréill Stiofán MacGréill

Beidh Am Mòd Nàiseanta Rìoghail, féile bhliantúil Ghaeil na hAlban, ar siúl i bPeairt an mhí seo chugainn. Labhair Stiofán MacGréill le Bainisteoir Poiblíochta na féile, Murchadh Moireasdan.

Íomhá
An Bonn Óir á bhronnadh ar Darren McLean ag Mòd 2003
Íomhá
Laura Davis as an Ghearasdan a bhuaigh duais sa chomórtas amhránaíochta do dhaoine óga idir cúig bliana agus ocht mbliana
Íomhá
Radharc ó Mhòd na bliana 2003

Go díreach mar atá Oireachtas na Gaeilge ag Gaeil na hÉireann mar phríomhócáid chultúrtha na bliana, tá a mhacasamhail ag na Breatnaigh fosta, is é sin an tEisteddfod. Agus tá an scéal mar an gcéanna i gcás Ghaeil na hAlban chomh maith, mar go bhfuil Am Mòd Nàiseanta Rìoghail acusan.

I dtaca leis Am Mòd (nó “tionól” sa Ghaeilge), tá sé bunaithe le fada agus rinneadh céad bliain na féile (bhí sos ann i rith na gcogaí domhanda) a cheiliúradh anuraidh san Oban, Earraghàidheal. Na laethanta seo, tá an lucht eagraithe ag ullmhú don chéad ócáid eile, a bheas ar siúl an mhí seo chugainn.

Féile ársa é Am Mòd, mar sin, ach mar a tharlaíonn sé tá sé ar comhaois leis an dá cheann eile. Bunaíodh na trí cinn ag am céanna a bheag nó a mhór. Agus bunaíodh iad ar na cúiseanna céanna freisin, ina measc, go raibh dúchas na nGael á chreimeadh go síoraí ag Gaill, go raibh na seanteangacha ag saothrú an bháis agus go raibh na daoine thíos leis. Bhí na Gaeil faoi léigear. Ach d’ainneoin sin is uile, go paradacsúil, bhí mórtas cine ag borradh ag an am céanna, go háirithe i measc an aosa dána agus an aosa ceoil. Mhóidigh siadsan go dtabharfadh Gaeil dúshlán na strainséirí - agus gan mhoill bhí Oireachtas na Gaeilge, an tEisteddfod agus Am Mòd mar chuid den dúshlán sin ...

Ba san Oban a cuireadh ar siúl an chéad Mhòd riamh, i 1892. An bhliain roimhe sin, chruinnigh Gaeil de chuid na háite le chéile chun eagras nua a chur ar bun, eagras a raibh sé mar aidhm aige an Ghaeltacht a chur chun cinn. Dheimhnigh siad go neamhbhalbh gur cheart dá n-eagras nua (ar a tugadh An Comunn Gàidhealach) a bheith ag stocaireacht ar son na nGael, ag baint úsáide as achan seift a bhí le fáil: an pholaitaíocht, an dlí, an cultúr, agus an spórt fiú.

“Nuair a tionóladh an chéad cheann sin,” a deir Murchadh Moireasdan, ar Bainisteoir Poiblíochta a’ Mhòid é, “níor thuig na daoine chomh mór agus a bheadh a dtionscadal beag lá éigin. Níor mhair sé ach leath lae an bhliain sin agus ní raibh ach deich gcinn d’imeachtaí ar fáil don lucht féachana - rince, rásaí, amhránaíocht chórúil, fidléireacht agus araile. B’in an méid. Ach sa lá atá inniu ann, maireann sé naoi lá. Beidh suas le daichead imeacht ar siúl, gan trácht ar ‘Iomall a’ Mhòid’: spórt, taispeántais cheardaíochta Ghaelacha agus mar sin de - agus na seomraí lán go doras cuid mhaith.

“Ní fheadar an raibh a fhios ag na ceannródaithe dóchasacha sin cad a thiocfadh as a gcuid oibre uilig. Ach chuaigh siad sa seans, ar bhealach, agus féach ar a n-oidhreacht anois! Cinnte, níor thuig siad cé chomh minic is a bheadh Am Mòd ar ais san Oban. Ní de thaisme atá sé sin ag tarlú. Measaim féin, mar a mheasann an t-uafás daoine eile, go bhfuil An tOban ar fheabhas mar láthair. Tá meascán foirfe den chultúr Gaelach agat ansin agus (rud atá an-tábhachtach domsa mar eagraí!) tá dóthain seirbhísí poiblí ann: lóistíní, hallaí poiblí, óstáin, agus mar sin de.

“Ar ndóigh, níor chóir dom moladh faoi leith a thabhairt d’áit amháin - bogann Am Mòd timpeall na hAlban agus tá a bhua féin ag achan áit. Mar shampla, bhíomar sa Leargaidh Ghallda le gairid, áit nach bhfuil clú uirthi ó thaobh an chultúir Ghaelaigh de, ach d’éirigh go han-mhaith leis d’ainneoin sin. Caithfidh mé a admháil, áfach, nach bhfuil mé cinnte an bhfuil Glaschú agus Dún Éideann ró-oiriúnach. Tá áiseanna iontacha sa dá áit, ar ndóigh, ach feictear dom go bhfuil siad rómhór. Imíonn Am Mòd as radharc sa slua. Cuimhnigh gur ócáid chultúrtha é Am Mòd atá an-taitneamhach, ach is *’showcase’ *mór le rá é dúinn chomh maith. Is deis nach mbíonn ann ach go hannamh é lenár saol Gaelach a thaispeáint do dhaoine in Albain agus thar lear, agus níor cheart dúinn an deis sin a ligean tharainn.”

Coimhlint

Deir Murchadh go mbíonn géariomaíocht ann gach uile bhliain idir cathracha agus bailte móra ar mian leo Am Mòd a mhealleadh chucu. Fiú mura gcuireann tú an spraoi agus an chraic san áireamh, is buntáiste luachmhar é Am Mòd do gheilleagar áitiúil. Mar shampla, bíonn na háiseanna go léir ar an mbaile ina mbíonn sé ar siúl curtha in áirithe na míonna roimh ré.

“Thart faoi £3m a bhíonn i gceist gach uair,” a deir Murchadh. “Tá próiseas roghnaithe ann atá beagán ar nós cheann na gCluichí Oilimpeacha (seachas an rógaireacht!). Rud a bhíonn tábhachtach agus an cinneadh á dhéanamh ná go bhfuil grúpa mór díograiseoirí ar fáil leis an obair a dhéanamh. Níl puinn acmhainní ag Am Mòd; is mise, an reachtaire, an t-aon duine amháin atá ar an fhoireann, agus tá an t-imeacht costasach - cosnaíonn sé timpeall £250,000 le hé a chur sa tsiúl.

Ar an dea-uair, tá mórán urraí flaithiúla againn, ina measc Caledonian MacBrayne, Comhairle Pheairt is Chinn Rois, agus tá Islay Mist mar ‘Urra Oifigiúil an Uisce Bheatha’. (Is cúram an-chrua an ceann sin!) Seolann an BBC foireann de sheachtó duine leis an ócáid a chlúdach. Mar sin, bíonn muid ag brath ar a lán cuiditheoirí deonacha. Ba thionscadal de chuid an phobail é in 1892, agus tá cúrsaí mar an gcéanna go fóill: tá a fhréamhacha go domhain sna pobail, mar is cóir.”

Beidh Mòd 2004 i bPeairt - “An Chathair Álainn”, mar a thugtar air in Albain - idir 8-16 Deireadh Fómhair. An t-am deireanach a bhí sé ansin ná 1980. Le cois a bheith “alainn” (agus tá), comhlíonann sé riachtanais Mhurcaidh, go háirithe maidir le taisteal mar go bhfuil neart traenacha ag tarraingt air.

Mar sin, cad é atá i ndán don té a thabharfaidh aghaidh ar an fhéile i bPeairt?

Bhuel, an chéad rud ba cheart a rá ná go gcuirtear an-bhéim ar chomórtais sa Mhòd, díreach mar a tharlaíonn i gcás Oireachtas na Gaeilge in Éirinn. Ní gnáthfhéile cheoil nó rince é Am Mòd. Go deimhin, feictear do dhaoine áirithe (Gaeil níos radacaí, an t-aos óg go mór mór) go bhfuil sé rud beag seanfhaiseanta, mar gheall air sin agus ar rudaí eile. Tá méid áirithe den fhírinne sa cháineadh: tá an focal sin “rìoghail” in úsáid acu, mar shampla ... Chomh maith leis sin, níor cuireadh amhráin fhíorthraidisiúnta ar chlár na gcomórtas go dtí le déanaí - bhí tús áite tugtha d’amhránaíocht na gcór, agus lucht ina n-éadaí foirmiúla.

Scléip

Ní hionann sin is a rá nach bhfuil scléip ag baint leis Am Mòd - tá, go deimhin. Mar shampla, chomh maith le hIomall a’ Mhòid, bíonn Fèis a’ Mhòid, raon fairsing imeachtaí neamhiomaíocha, ar siúl fud fad na cathrach - Slógadh na bhFidléirí, seisiúin i dtithe tábhairne, céilithe, ceolchoirmeacha agus mar sin de. (Uaireanta bíonn sárghrúpaí mar Capercaillie i gceist.) “Tagann ceoltóirí as Éirinn fosta, agus cuirtear fearadh na fáilte rompu,” a deir Murchadh.

Tosaíonn imeachtaí le searmanas ina dtarlaíonn Corónú an Bhaird. Is é Uachtarán an Chomuinn a bhíonn ina bhun seo, ag bronnadh gradaim - príomhdhuais liteartha na nGael - ar an té a chum an dán is fearr an bhliain sin. “Tá an searmanas seo ag éirí níos tábhachtaí le himeacht na mblianta”, a deir Murchadh. Ansin, tosaíonn na comórtais.

Tá dhá chéad comórtas ann ar fad agus is é An Bonn Óir buaic na glóire. Tá dhá cheann acu i gceist, i ndáiríre - ceann don amhránaí fir is fearr agus ceann eile don amhránaí mná. Tá an duais seo ar comhchéim le Corn Uí Riada.

Is é an gradam is airde d’amhránaithe faoi 18 ná An Siogairlín Airgid. I dtaca le ceolchoirmeacha, is é an gradam is mó clú ná Sciath Lovat is Tullibardine. Déantar bua gach buaiteora a cheiliúradh, ar ndóigh, go háirithe i gcás An Bhoinn Óir. Ó 1996 i leith, bíonn turas chuig Mòd na Stát Aontaithe, a bhíonn ar siúl i Ligonier, Pennsylvania gach Meán Fómhair, mar chuid dá nduais.

“Maidir leis na comórtais seo go léir,” ar Murchadh, “tá fadhb bheag leo: tá siad ag fás i rith an ama. Tá sé an-deas an méid sin daoine a bheith ag clárú do na comórtais, ach (mo léan!) tá cúrsaí ag dul as smacht mar go bhfuil barraíocht iomaitheoirí againn. An dtuigeann tú, mar eagras daonlathach, tugann an Mòd cead d’éinne dul san iomaíocht, bíodh siad go maith nó go dona fiú. Dá bhrí sin, bíonn na comórtais róphlódaithe agus leanann siad ar aghaidh rófhada. Táimid ag iniúchadh chóras Fhleadh Cheoil na hÉireann - bíonn ort an chéad nó an dara háit a bhuachan i bhfleadh chúigeach i dtús báire sula n-imíonn tú go dtí an chéad leibhéal eile. Is córas níos cothroime é sin, sílim.

“Tá slam oibre ag baint leis Am Mòd, ceart go leor, agus ní stopann sí ach oiread. Agus am Mòd seo faoi lán seoil, beimid ár gcrá féin ag smaoineamh cheana féin ar na fadhbanna a bhainfidh le Mòd 2005!

“Níl mé ag gearán - is seachtain iontach í agus tá ríméad orm go bhfuil mé in ann mo chion féin a dhéanamh di.”

Eolas breise: 01463 709705; murdo@the-mod.co.uk; www.the-mod.co.uk

Is iriseoir agus scríbhneoir é Stiofán Mac Gréill a bhfuil cónaí air i nDunblane na hAlban.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.