San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dáithí Kimber, Port Láirge le Gaoluinn.
- Cén ról atá agat féin in Port Láirge le Gaoluinn (PLleG) agus cén fhad atá tú ina bhun?
Is mise an cúntóir teicniúil agus “fear na láimhe deise” (an dioscaire, más maith leat) aige Traolach Ó Braoin, an príomhfheidhmeannach. Tá mé freagrach as an tseirbhís aistriúcháin; agus sraitheanna de thráth na gceist a reáchtáil agus na ceisteanna a cheapadh. Chomh maith leis sin, tá ceann des na ranganna oíche do dhaoine fásta á mhúineadh agam agus is mise príomhthiománaí na veain atá ceannaithe againn.
- Cá huair a bunaíodh PLleG agus cé a bhunaigh é?
Bunaíodh Port Láirge le Gaoluinn Teo. i 1999. Mé féin agus Traolach a bhunaigh é.
- Cén fáth ar bunaíodh é?
Bunaíodh an comhlacht leis an nGaolainn a chur chun cinn sa chathair, sa chontae agus sna ceantair mháguaird.
- An bhfuil duine ar bith fostaithe ag an gcomhlacht?
Tá duine amháin, Traolach, fostaithe go lánaimseartha. Bíonn beirt ag obair go páirtaimseartha sa siopa agus leathdosaen eile, mé féin ina measc, ar bhonn deonach. Ina theannta san tá Bord Bainistíochta againn ar a bhfuil ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla: gnólachtaí áitiúla, an Cumann Tráchtála, Bord Sláinte an Oirdheiscirt, Comhairle na Cathrach, an Chomhairle Contae, Gaelscoileanna, Comhluadar, Cumann Lúthchleas Gael, agus ionadaí eaglasta. Tá gach ball den Choiste gníomhach in obair na teangan agus an chultúir sa cheantar. Tá plean fadtréimhseach againn a mbuilimid ag cur leis bliain i ndiaidh bliana.
- Cén obair a dhéanann PLleG?
Bíonn an “Buail Isteach”, ionad ina bhfuil siopa, oifig agus ceanncheathrú na Gaolainne sa cheantar, ar oscailt sé lá in aghaidh na seachtaine, óna deich ar maidin go dtí leathuair tar éis a cúig um thráthnóna. Díoltar réimse leathan earraí a bhfuil baint acu leis an nGaolainn sa siopa: leabhair, foclóirí, cártaí, bratacha agus dlúthdhioscaí - ana-chuid rudaí i ndáiríre. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar fáil agus déanaimid comórtais scoile (sé cinn ar fad) a reáchtáil. Chomh maith leis sin, déanaimid ranganna oíche Gaolainne a thairiscint do dhaoine fásta. Bhí ceithre scór rannpháirteach sna ranganna a chuireamar ar fáil le linn 2003/2004.
- Cad iad na foinsí maoinithe atá ag PLleG? An leor iad?
Foras na Gaeilge a chuireann an chuid is mó den maoiniú ar fáil ach faighimid tacaíocht chomh maith ó na dreamanna seo: Comhairle Cathrach Phort Láirge, Comhairle Contae Phort Láirge, Bord Sláinte an Oirdheiscirt agus tógálaí nó dhó príobháideach. Ar ndóigh, dá mbeadh níos mó airgid againn bheimis in ann i bhfad níos mó a dhéanamh. Ba mhaith linn a bheith in ann duine a fhostú leis an veain a thiomáint, mar shampla. Téimid amach go dtí an t-ospidéal leis an siopa taistil gach Luan, agus cúpla áit eile, ach ba mhaith linn duine a fhostú chun an siopa a choimeád ar an mbóthar i rith na seachtaine go léir. Níl an t-airgead againn chuige sin, áfach.
- An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
D’éirigh linn an comhlacht PLleG Teo a chur ar bun; siopa, oifig agus ionad na Gaolainne a oscailt; an tarna scoil lán-Ghaelach, Gaelscoil na nDéise, a oscailt; agus an Ghaolainn a chur i lár an phobail.
- Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le PLleG?
Ceann de na laigí is mó a bhaineann linn ná go bhfuilimid ag brath go huile is go hiomlán, nach mór, ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Is é Traolach an láidreacht is mó atá againn. Is eisean fear na smaointe agus fear nach bhfaighfeá a rá faoi ná fuil an “dul tríd” go smior ann. Is duine é a thógann ualach an fhiontair seo ar a ghuaillí féin. Bhainfeadh sé Gaolainn as an gcat!
- Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag PLleG faoi cheann cúig bliana.
Meánscolaíocht trí Ghaolainn a chur ar fáil. An tríú Gaelscoil a chur ar bun. Oifigeach lánaimseartha le Gaolainn a cheapadh leis an gComhairle Cathrach. An siopa taistil a chur ar an mbóthar go lánaimseartha.
- Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?
Bheinn lánsásta dá mbeadh ceantair ann san am atá romhainn ina mbeadh an Ghaolainn á labhairt go nádúrtha. Tá na Gaeltachtaí ag imeacht agus, mar sin, ba mhaith liom go mbeadh ceantair eile ann ina mbeadh an Ghaolainn á labhairt mar theanga laethúil - i mBaile Átha Cliath nó anseo i bPort Láirge, mar shampla. Gach seans go mbeidh níos mó de sheans ag áiteanna mar Ráth Cairn nó An Rinn. Tá an meath atá ag tarlú anois sna Gaeltachtaí eile, abair i gConamara nó i nDún na nGall, tá sé stoptha sna háiteanna sin, is dóigh liom.