AR NA SAOLTA SEO
Cainteanna tábhachtacha Chaisleán Leeds
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Beidh cainteanna ar siúl idir an DUP agus Sinn Féin faoi thodhchaí na Sé Chontae i gCaisleán Leeds in aice le Maidstone Shasana i lár na míosa seo. Féachann Robert McMillen ar na héilimh atá á ndéanamh ag an dá thaobh.

Íomhá
Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams
Íomhá
Leascheannaire an DUP, Peter Robinson

Ag scríobh dó san Irish Times an mhí seo caite, luaigh Peter Robinson, leascheannaire an DUP, ceithre réamhéileamh a bheadh le comhlíonadh sula mbeadh páirtí s’aige toilteanach cumhacht a roinnt le Sinn Féin: deireadh críochnúil le gníomhaíocht pharamíliteach; díchoimisiúnú airm na bparamíliteach; rún daingean na hinstitiúidí polaitiúla a oibriú gan stad gan staonadh; agus tacaíocht don tseirbhís phóilíneachta ó achan ghrúpa ó thuaidh.

Is beag duine, aontachtaínáisiúnaí, a bheadh ina éadan ceann ar bith acu sin.

I gcomparáid le gníomhaíocht an IRA le 35 bliain anuas, is léir don dall go bhfuil an paramíliteachas ar an dé deiridh. Ní hionann sin is a rá go bhfuil an ruaig curtha ar an fhoréigean ó shráideanna an tuaiscirt ach níl muid ag léamh fá dhúnmharuithe agus fá phléascáin ar bhonn laethúil mar a bhíodh.

Ó thaobh na bpoblachtánach de, nuair a bhíonn an lámh láidir in úsáid acu, is é a bhíonn ar siúl acu ná “housekeeping” - ag iarraidh smacht “carthanach” a choinneáil ar a bpobal.

Is léir fosta go bhfuil rún ag an IRA a gcuid arm a scor. Thug siad leid mhór i mí Aibreáin 2002 leis an dara gníomh díchoimisiúnaithe, éacht a bhí aontaobhach agus substaintiúil. Ar an drochuair, níor aithníodh chomh tábhachtach is a bhí an gníomh ag an am.

Ó shin i leith, tá an DUP ag luascadh anonn is anall fá thábhacht an díchoimisiúnaithe. Anois, tá sé ina réamhéileamh do *rapprochement *idir iad agus Sinn Féin ach tá Sinn Féin agus an DUP ar aon intinn - abairt nár baineadh mórán úsáide aisti le 30 bliain - fá na hinstitiúidí polaitiúla.

Má dhéantar socrú idir an dá pháirtí mhóra, is cinnte go mairfidh na hinstitiúidí. Le linn na coimhlinte, bhíodh sé d’aidhm ag na páirtithe “lár an bhealaigh” na páirtithe imealleacha a choinneáil amuigh. Anois, is iad na páirtithe sin atá ag barr an tábla agus an UUP agus an SDLP ag amharc go héadóchasach ar an todhchaí agus a bhfuil i ndán dóibh ag an chead olltoghchán Westminster eile. Meastar nach bhfuil aon driopás ar an DUP socrú a dhéanamh roimhe sin le go dtig leo buille marfach, an coup de grace, a thabhairt do pháirtí Trimble agus seasamh s’acu féin a dhéanamh do-ionsaithe.

An ceann is conspóidí

Is é ceathrú réamhéileamh an DUP an ceann is conspóidí. Ar an chéad amharc, tá ciall cheannaithe leis an tuairim go bhfuil seirbhís phóilíneachta riachtanach i ngach sochaí agus go bhfuil bá an phobail riachtanach don tseirbhís sin.

Ach ...

Tá ráite ag Robinson, agus an ceart aige, nach mbeadh an pobal naisiúnach sásta dá mbeadh ball den DUP ina Aire Póilíneachta - agus nach mbeadh an pobal aontachtach sásta glacadh le hAire Póilíneachta ó Shinn Féin.

Suimiúil go leor, tá ráite ag Príomh-Chonstábla an PSNI, Hugh Orde, go mbeadh sé sásta bheith ag obair le hAire Póilíneachta Sinn Féineach.

Téann ceist na póilíneachta go cnámh na huillinne i réiteach ar bith ó thuaidh. Ba iad ionsaithe an RUC ar ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, ar orduithe ó Stormont, a chuir an lasair sa bharróg i 1968.

Má bhíonn tionchar ag Sinn Féin i riaradh an seirbhíse póilíneachta ó thuaidh, is léir nach mbeidh leis an IRA nó lena “eite timireachta” féin.

Mar is gnách, tá gá le córagrafaíocht ach tá bearna mhór idir an méid atá á éileamh ag Sinn Féin agus clár ama an DUP.

Is réamhéilimh iad a bhfuil de dhíth ar Peter Robinson agus an DUP (nach bhfuil Ian Paisley iontach ciúin na laethanta seo?). Is gá go mbeadh achan cheann acu bheith curtha i gcrích sula mbeidh siad sásta comhoibriú le Sinn Féin.

Tá Adams agus ceannaireacht an pháirtí ag iarraidh go mbeidh dáta leagtha síos d’aistriú cumhachtaí póilíneachta sula mbeidh siad réidh le déileáil leis an DUP.

Ainneoin áilleacht románsúil chaisleán Leeds, is beag suirí, gan a bheith ag caint ar shuirí phoiblí, a bheas ar siúl taobh istigh, ach tá na téarmaí réamhphósta le feiceáil.

Is iriseoir leis an Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.