Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar bhád le linn stoirme.
Ní raibh drochlá amháin ann ó tháinig Louis agus Ciarán agus a gcuid ban chun an oileáin. Bhí sé i gceart a bheith i do luí ag déanamh bolg le gréin ach bhí measarthacht ar achan rud. Bhí a seacht sáith ag Louis agus Ciarán de bheith sínte ar an ghaineamh lá i ndiaidh lae agus chaithfí rud inteacht a dhéanamh fá dtaobh de. I ngan fhios do na mná chuir siad bád in áirithe an oíche roimhe sin agus bhí rún acu lá a chaitheamh ar muir. Ní róshásta a bhí na mná nuair a insíodh an scéal daofa.
“Ní raibh fágtha ach bád beirte agus, seachas an deis a chailleadh, chuir muid in áirithe é. An miste libh?” arsa Louis agus ba réidh a tháinig an bhréag sin leis.
“Dheamhan ar miste,” arsa na mná d’aon ghuth agus ní ag rá an ruda a bhí ar a gcroí a bhí siadsan ach an oiread.
“Nach bhfuil sé chomh maith agaibhse carr a chur in áirithe agus aghaidh a thabhairt ar an bhaile mhór nuair atá seans agaibh. Nach mbeidh suaimhneas Dé agaibh ag siopadóireacht agus gan muidinne ar bhur ruball.”
“Bhuel, tá sin ann,” arsa Cathy.
“Féadann tú an cárta creidmheasa a fhágail agam, más sin an cás,” arsa Clíona le Ciarán agus d’imigh an bheirt bhan fá dhriopas a chuartú carr cíosa.
“Beidh poll maith sa chuntas creidmheasa sula mbeidh an lá inniu amuigh,” arsa Louis.
“Féadann tú sin a rá, ach is fiú é. Lá iomlán againn dúinn féin agus amharc ar an fharraige, tá sí mar a bheadh ola ann. Siúil leat! Tá an t-am ag dul thart.”
Fuair an bheirt fhear bád beag deismir agus, i ndiaidh traenáil cineál ainniseach, bhí siad i gceannas báid a raibh siad claon beag aineolach uirthi.
Bhí go maith agus ní raibh go holc, agus bhí i dtrátha dhá uair an chloig seoltóireachta déanta ag an bheirt. Bhí Louis ar an stiúir. Bhí a uillinn deas ar an bhos clí agus é ag diúl ar phíopa. Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air, idir an ghruaig sceadach fhionn-rua agus an imir rua a bhí ag siúl ar a leiceann nuair a bhuail an ghrian é.
B’fhacas dó go raibh athrach ar an aimsir le tamall anois. Bhí an t-aer ramhar agus le leathuair anuas bhí Louis ag bárcadh allais. D’amharc sé ar Chiarán, a bhí i mbun na seoltaí, agus b’fhacas dó go raibh an ghaoth ag baint breis cheoil as na seoltaí le tamall anois fosta. Mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, tháinig rois gaoithe móire a thóg na seoltaí agus chuaigh Ciarán ar mhullach a chinn ar urlár an bháid. Mhéadaigh an ceol sna seoltaí agus ann ach gur chuala Ciarán Louis nuair a d’fhiafraigh sé an raibh sé i gceart. Bhí a chuid comhrá ag teacht chuige ina strialltracha briste fríd an ghaoth mhór. Níor thuig ceachtar fear cad é údár an athrú tobainn.
Bhí an chosairt a fuair Ciarán ón titim ag cur air.
“Ar gortaíodh tú?” a scread Louis arís.
Chroith Ciarán a cheann ach d’fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán.
Bhí sprais fearthainne leis an ghaoth anois, agus d’amharc Louis uaidh agus chonaic sé go raibh fás ar an fharraige agus go raibh an bád ar snámh i gcalcacha cúir. Chuir Louis rópa ar an stiúir agus rinne sé ar Chiarán. Fuair seisean deis ar a anáil sa deireadh agus dúirt sé le Louis: “Tá muid san fhaopach anois, a mhic.”
“Is tú a dúirt é,” arsa Louis. “Cad é faoi Dhia a dhéanfaidh muid?”
Ní thug Ciarán freagra ar bith ach shuigh ansin agus a ghruaig anuas ina chlibíní ar a eadán agus a leiceann. Bhí Louis lena thaobh agus é mar a bheadh madadh giobach báite ann. Bhí tost orthu beirt agus bhuail talann éadóchais iad. Sa deireadh dúirt Louis: “Níl a dhath fána choinne ach ligean don stoirm siothlú.” Agus chinn siad beirt luí i mbolg an bháid go ndéanfadh sé sin.
Is léir gur bhuail néal codlata iad beirt i ndiaidh na caismirte uilig nó fán am a dtáinig siad chucu féin arís bhí an fharraige ina blár cothrom agus ní creidfeadh duine ná deoraí go raibh siad ag corraíocht leis an ghaoth níos lú ná uair roimhe sin.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)