CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Na slite is saoire le grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Bíonn sé costasach go maith grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh sa bhaile ach tá roghanna eile ann anois le tamall anuas, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

An rud is fearr faoi cheamaraí digiteacha ná gur féidir an t-uafás grianghraf a ghlacadh leo. Ach, faraor, níl sé praiticiúil iad ar fad a chur isteach i leabhar grianghraf - rud a d’fhág go mbíodh a bhformhór ag fanacht faoi cheilt. Anois, áfach, tá scata slite ann chun grianghraif a roinnt le daoine eile.

Mura bhfuil ach cúpla grianghraf le clóbhualadh, de ghnáth oireann sé iad a chlóbhualadh ar scairdphrintéir sa bhaile. Leis an bpáipéar ceart is féidir torthaí an-phroifisiúnta a fháil ar an gcaoi seo. Ach is cur chuige daor é seo - tá an páipéar speisialta snasta costasach agus ídíonn na cartúis dúigh go tapa nuair a bhíonn grianghraif á gclóbhualadh. Is féidir teacht ar leaganacha saora den pháipéar agus den dúch, ach is fearr iad a fháil ón gcomhlacht a rinne an printéir féin chun an “triantán draíochta” d’earraí a chur i bhfeidhm. Deirtear go gcinntíonn an triantán seo - idir phrintéir, pháipéar agus dhúch - an caighdeán grianghraf is airde.

Nuair a bhíonn tú ag clóbhualadh na ngrianghraf tú féin, bíonn a lán saoirse agat triail a bhaint as modhanna éagsúla chun iad a phróiseáil agus a fheabhsú. Ach is míbhuntáiste í an tsaoirse seo freisin toisc go bhfágann sé gur féidir le níos mó rudaí dul amú. Agus cosnaíonn gach botún airgead - idir chostas an pháipéir atá curtha amú agus an dúigh atá ídithe.

Ar ndóigh is féidir dul go dtí gnáthshiopaí grianghraf agus iad siúd a íoc chun na grianghraif a chlóbhualadh duit. Cé go gceapann daoine go bhfuil na siopaí sin daor, de ghnáth bíonn an chostas in aghaidh an ghrianghraif níos saoire ná iad a chlóbhualadh sa bhaile - go háirithe má tá a lán grianghraf le próiseáil. Buntáiste eile ná go ndeirtear go maireann na grianghraif níos faide agus nach n-éiríonn na dathanna níos laige iontu. Freisin, má théann aon rud amú leis an gclóbhualadh ní gá duit féin íoc as - is féidir leat dul ar ais go dtí an siopa agus do chuid airgid a fháil ar ais.

Ar an drochuair, bíonn sé beagáinín casta a chinntiú go gclóbhualann siopaí na híomhánna cearta duit. De ghnáth tugann tú na grianghraif dóibh ar chárta cuimhne digiteach agus déanann siad gach uile phictiúr a phróiseáil. Go minic, ní bhíonn gach grianghraf ag teastáil agus is cur amú airgid an modh oibre sin. Is fearr, mar sin, na grianghraif atá uait a dhó ar dhlúthdhiosca roimh réidh agus an diosca sin a thabhairt don siopa, in áit an chárta grianghraf luachmhar. Le déanaí, tá botha nua á gcur ar fáil i roinnt siopaí áit ar féidir leat na grianghraif atá uait a roghnú ón gcárta cuimhne roimh réidh. Áis an-úsáideach é seo i bprionsabal ach, faraor, tógann sé a lán ama ar dhaoine na grianghraif a roghnú - rud a fhágann go mbíonn scuaine fhada ag na gléasanna seo i gcónaí.

Uaschóipeáil

Má tá teacht agat ar leathanbhanda is féidir na grianghraif atá uait a uaschóipeáil go dtí comhlachtaí grianghraf ar líne. Mar shampla, tá cáil áirithe ar na seirbhísí ag www.bonusprint.ie agus www.photobox.ie. Tar éis duit na grianghraif atá roghnaithe agat a sheoladh chucu thar an idirlíon is féidir iad a íoc le cárta creidmheasa chun na híomhánna a chlóbhualadh duit agus a sheoladh ar ais sa phost chugat. Cé go bhfuil an chuma air gur comhlachtaí Éireannacha iad seo ó na seoltaí idirlín “.ie” atá acu, tá siad lonnaithe ar fud na hEorpa. Is léir go gceapann siad go mbeidh daoine níos sásta gnó a thabhairt do chomhlacht “áitiúil"!

Bíonn na seirbhísí seo réasúnta saor (cé gur gá íoc as costais phoist anuas ar an gcostas próiseála) agus ní thógann sé rófhada orthu na grianghraif a sheoladh ar ais chugat de ghnáth. Má tá a lán íomhánna le clóbhualadh agat is áis an-mhaith iad na seirbhísí seo. Ar ndóigh, is fearr iarraidh orthu méid beag a phróiseáil ar dtús báire ionas gur féidir leat a chinntiú go bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán íomhá a sholáthraíonn siad. Ní i gcónaí a bhíonn an caighdeán is fearr ag na comhlachtaí is saoire!

Mura bhfuil tú ag iarraidh na grianghraif a chlóbhualadh in aon chor, is féidir iad a chur ar fáil ar an idirlíon - ansin is féidir le daoine eile iad a fheiceáil go héasca agus ní gá duit íoc as próiseáil. Tá go leor seirbhísí ar líne ann a ligeann duit do leabhar grianghraf féin a chruthú ar shuíomh gréasáin speisialta agus a chinntiú go bhfuil do lucht aitheantais amháin in ann é a fheiceáil. Agus má cheapann tú go bhfuil do ghrianghraif an-deas agus go bhféadfadh daoine ar fud an domhain úsáid a bhaint astu, d’fhéadfá iad a chur ar fáil saor in aisce ar shuímh mar www.sxc.hu - suíomh a mbaineann a lán dearthóirí grafacha ilmheán úsáid as.

Leis na háiseanna seo ar fad, is cinnte go mbeimid in ann ár ngaolta a chrá le grianghraif leadránacha ónár gcuid laethanta saoire go ceann tamaill eile!

Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel (www.agtel.ie), comhlacht neamhspleách teilifíse atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus suímh ghréasáin do raon leathan eagraíochtaí agus tá baint aige leis an tsraith teilifíse “An Tuath Nua” freisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.