Shiúil John-Paul Mc Carthy seal i ndomhan nár mhair aon ghreann riamh ann nuair a léigh sé an bheathaisnéis a scríobh Charles Moore ar Margaret Thatcher.
»»»Tá Mícheál Ó hAodha an-tógtha le leabhar mór téagartha a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anuraidh. Ní toirt eolais go dtí é.
»»»Tá muintir Dhoire nach mór sáraithe ag cuairteoirí ar an chathair tharla Duais Turner ar an bhaile sin te bruite sna sála i ndiaidh Fleadh na hÉireann.
»»»Is mór ag John-Paul Mc Carthy cumas agus cur chuige Simon Schama sa tsraith a réitigh sé don BBC le déanaí.
»»»Chonaic John-Paul Mc Carthy lón machnaimh i leabhar le Louis de Paor a chíorann aigneolaíocht Mháirtín Uí Chadhain.
»»»Beidh ceann de mhórimeachtaí na bliana i saol an cheoil agus i saol na Gaeilge ag titim amach i nDoire Chalgaigh an mhí seo, ádhúil go leor do Chiara Nic Gabhann óir is as Doire í.
»»»Tá moladh nach beag ag dul don chompántas Corcadorca dar le John-Paul Mc Carthy as an gcomaoin mhór a chuireann siad ar shaol a chathrach máthardha féin ó dheas, Corcaigh.
»»»Chaith Mícheál Ó hAodha súil ar an dóigh a shiúlann aigne lucht déanta scannán ár linne, Michael Haneke, na deartháireacha Dardenne agus mórán nach iad, i leabhar le Dara Waldron, Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film.
»»»An taispeántas ealaíne is mó ar domhan. An té nach dtig leis dul ann i mbliana, gheobhaidh sé tuairim agus ábhar machnaimh faoi in alt seo Chiara Nic Gabhann.
»»»Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid. Bhreac John-Paul Mc Carthy an t-alt seo ina urraim.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag léamh leabhar staire de chuid ár linne féin ar na mallaibh. Is é a thuairim go mbeidh an saothar seo mar lámhleabhar ag lucht staire go leor amach anseo.
»»»Tugann Alan Desmond léargas i mbeagán focal ar bhunteachtaireacht Harvest of Empire, scannán faisnéise a ríomhann scéalta móra an chos ar bolg.
»»»Chuir Ciara Nic Gabhann spéis i scéal an ghrá a cuireadh ar fionnraí san Ostáir seachtó bliain ó shin agus a bhláthaigh i ndeireadh báire san Úcráin le deireanas.
»»»Tugann moill meabhair, nó is cosúil gur an-tomhasta a chas ceamaraí David Simon, fear The Wire, nuair a thug sé faoi Treme a cheapadh i New Orleans. Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar an saothar deiridh seo.
»»»Tharraing dúil mhór an ealaíochtóra, Pieter Bruegel, sna seanfhocail aird Chiara Nic Gabhann. Is cuid dlúth de shaothar Bruegel na seanfhocail.
»»»Deir Pat Butler go mbíonn fiúntas le brath sna scannáin arís i ndiaidh airc na Nollag nuair a plúchadh na scáileáin le truflais orainn.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.
»»»Tharraing saothar, Django Unchained, agus an seasamh a ghlac Quentin Tarantino ar Channel News, le Pat Butler agus tá sé an-mholtach chomh maith i leith scannán Spielberg ar Abe Lincoln.
»»»Chuaigh John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí thuairimí lucht saothraithe litríocht na Gaeilge leath tosaigh an chéid seo caite le treoir ó leabhar an Ollaimh Philip O Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39.
»»»Is fánach an áit a bhfaighfeá uaigh Éireannaigh agus níl an Róimh gann san aicme sin. D’aimsigh Ciara Nic Gabhann ceann i seanteampall galánta Naomh Stiofán i lár na Róimhe.
»»»Spreag an leabhar The Shallows le Nicholas Carr scoláire thall sa Ghearmáin chun méarchláir, Eoin Mac Aodha Bhuí. Ní sinne a mhúnlaíonn an saol oiread is a shílimid, ach an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta, is baolach.
»»»Mheabhraigh cláir stair ear TG4 le déanaí do John-Paul Mc Carthy an cuntas a scríobh Conor Cruise O Brien ar chastacht scéal an Chongó sna 1960aidí.
»»»Bhí Pat Butler ag faire ar roinnt scannán, scannáin a naisc Milwaukee leis an Vatacáin, Calais le hIfreann agus a naisc Connachta le Manhattan.
»»»Léiríonn Ciara Nic Gabhann bá áirithe le baincéirí san alt seo, baincéirí na hIodáile sa 15ú aois ní miste a rá, cionn as nár bheag an cion dá saibhreas a chothaigh na mínealaíona ag an am.
»»»Chuir Ciara Nic Gabhann spéis in amhrán PSY ó Phoblacht na Cóiré, rap-amhránaí a bhfuil na céadta milliún á chasadh ar Youtube le tamall anuas.
»»»Bhí John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí leabhar Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, le blaiseadh de shaol na seanimirce as Éirinn ó dhuine a d’fhág cuntas foirfe ina dhiaidh.
»»»Tá moltaí DVD agus Blu-ray áirithe ag Pat Butler san alt seo don mbailitheoir eolach ar tháirseach na Nua-Bhliana.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar le Scuderie del Quirinale sa Róimh ar na mallaibh le súil a chaitheamh ar thaispeántas a amharcann siar ar shaothar Johannes Vermeer agus ar Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre.
»»»Chaith Pat Butler súil ar scannán a bhfuil grá domhain dochloíte agus scoth d’ealaín na haisteoireachta ann, ‘Amour’ le Michael Haneke. Scannán ar leith a chaithfear a fheiceáil.
»»»Bhí John-Paul Mc Carthy ag blaiseadh de leabhar mór toirtiúil aistí le deireanas, leabhar a léiríonn gnéithe de shaol is d’ionramháil saíocht na hÉireann.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.