CÚINNE NA nEALAÍON
An Biennale di Venezia
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

An taispeántas ealaíne is mó ar domhan. An té nach dtig leis dul ann i mbliana, gheobhaidh sé tuairim agus ábhar machnaimh faoi in alt seo Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Ai Weiwei, ealaíontóir ón tSín
Íomhá
Saothar Balazs Kicsiny ag an fhéile 05
(le CommonsHelper2 ar Vicipéid)
Íomhá
Venice Biennale 07
(le Thierry Geoffroy ar Vicipéid)
Íomhá
Jeremy Deller
(le Dalbera ar Flickr)

Is mór an rírá a bhaineann de ghnáth leis an Biennale di Venezia, an taispeántas ealaíne is mó ar domhan, a tharlaíonn achan dara bliain i Veinéis agus atá ar siúl i gCathair na nDroichead faoi láthair. Bunaíodh an Biennale i 1895 le deis a thabhairt do thíortha an domhain sárthaispéantas a chruthú bunaithe ar na healaíona maisiúla agus inniu tugann an Biennale ardán do shaothar nua-aimseartha a chuimsíonn achan chineál bhlais agus dearcaidh.

Ní bhaineann an Biennale le healaín amháin agus is minic a bhaintear leas as an ócáid chun ráiteas polaitiúil a dhéanamhchun aird a tharraing ar fhadhbanna sóisialta domhanda. Thuig Benito Mussolini an méid sin agus bhain sé féin leas as an Biennale le taispeántas mór bolscaireachta faisisteach a dhéanamh sna 30í. Bhí sé chomh mórtasach sin as torthaí a chuid oibre gur thug sé Hitler thart ar an taispeántas.

Inniu tá pailliúin ó 88 dtír éagsúla ann agus tá deich gcinn díobh siúd ag cur saothair i láthair den chéad uair riamh, ina measc Angóla, a bhain an duais don phailliún is fearr, agus an Vatacáin. Dúirt an Cairdinéal Ravasi, stiúrthóir saothar Biennale na Vatacáine, gur deis a bhí ann an caidreamh idir an ealaín agus an creideamh a ‘atógáil’ agus é ag caint faoin taispeántas a dhéanann cuntas ar an aonú caibidil déag de Leabhar Gheineasas. Is meascán de ghrianghrafadóireacht, péintéireacht agus de fhíseán a mheabhraíonn Cruthú, Scriosadh agus Athchruthú an Domhain. In ainneoin gur thuill an cinneadh a rinne an Vatacáin páirt a ghlacadh sa Biennale moladh óna lán daoine, cháin daoine eile é ag rá nach raibh mórán doimhneachta ag baint leis an taispeántas agus gur deis chaillte a bhí ann rud fiúntach éigin a rá.

Teachtaireachtaí sa Taispeántas

Spreagann scála an taispeántais iomaíocht ghéar idir ealaíontóirí agus forais chultúrtha na dtíortha éagsúla a ghlacann páirt ann. Cuirtear béim go minic ar ealaín a theánn i bhfeidhm mar ‘eispéireas coincheapúilin áit mar shaothar ealaíne atá luachmhar ina cháilíocht féin agus in ainneoin nach bhfuil téama i gcoitinne ag na píosaí sa taispeántas i mbliana, is minic tagairtí iontu don tsaint, do mhí-úsáid chumhachta agus do phobail ag obair faoi scáth a chéile.

Feictear seo go soiléir i saothar Jeremy Deller i bpailliún na Ríochta Aontaithe, mar shampla, a dhíríonn súil ghéar ar intinn lucht an airgid agus na cumhachta sa phictiúr aige. Léiríonn sé éan creiche ollmhór agus jíp ina chrúba aige. Déanann an pictiúr tagairt d’eachtra a tharla i 2007 in Eastát Sandringham i Sasana nuair a scaoileadh dhá chromán cearc (éan creiche atá i mbaol a dhíothaithe) lá nuair a bhí an Prionsa Harry agus cara leis ag foghlaeireacht ann. Dúirt Deller, agus é ag caint faoin saothar, gur deis a bhí ann a mhíshasamh a chur in iúl agus go raibh fraoch an éin dírithe ar an jíp agus ar shotalacht na ndaoine a bhí á thiomáint.

léargas ar shaol úr saor ó dheachtóireacht Saddam Hussein agus ó chogadh le feiceáil i bpailliún na hIaráice, a bhfuil saothar ó aon ealaíontóir déag ó áiteanna éagsúla sa tír ann agus a dhéanann ceiliúradh ar chruthaíocht agus spiorad an ealaíontóra atá in innimh saothar ealaíne a chruthú in áit nach bhfuil mórán eile fágtha.

Tá trí phíosa ealaíne ollmhóra déanta ag an ealaíontóir Síneach Ai Wei Wei agus iad le feiceáil i dtrí áit éagsúla thart ar an chathair. Déanann a shaothar suiteála, darb ainm S.A.C.R.E.D (atá le feiceáil i Chiesa di Sant Antonin) cur síos ar an seal a chaith sé i ngéibheann sa tSín i 2011. Tá sé bhosca iarainn le feiceáil san eaglais agus iad leagtha amach cosúil le sarcafagais ach amháin go bhfuil poill faire iontu a ligeann duit amharc isteach iontu amhail is dá mba chillíní iad. Taobh istigh d’achan ‘chillín’ acu feictear samhaíl mhillteanach de Ai Wei Wei, dingthe isteach sa spás beag agus é faoi scrúdú leanúnach ag beirt de lucht a ghabhála. Bíonn siad leis i rith an ama fiú amháin agus é ar an leithreas, ag ithe nó ina chodladh.

Tá an saothar seo le feiceáil mar chuid de thaispeántas neamhspleách, a thugann léargas ar an tréimhse a chaith sé i ngéibheann agus a ardaíonn ceisteanna faoin tsaoirse sa tSín. Ní hábhar iontais é nach raibh saothar Ai Wei Wei le feiceáil i bPailliún na Síne riamh agus go bhfuil suíomh idirlín oifigiúil an Biennale faoi chosc sa tSín faoi láthair. Beidh an Biennale ar siúl go dtí an 24 Samhain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.