CÚINNE NA nEALAÍON
An Grá Seasmhach
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chuir Ciara Nic Gabhann spéis i scéal an ghrá a cuireadh ar fionnraí san Ostáir seachtó bliain ó shin agus a bhláthaigh i ndeireadh báire san Úcráin le deireanas.

Íomhá
Luigi ag caint tráth nochta na deilbhe
(le en.for-ua.com)
Íomhá
Himmler gos paca diabhal ar cuairt chuig sluachampa san Ostair
(le Das Bundesarchiv ar Vicipéid)
Íomhá
Abhainn na Dniepri ag Cív
(le Dmitry A. Motti ar Vicipéid)

Nuair a bhuail an tIodálach Luigi Pedutto leis an Úcránach Mokryna Yurzuk breis is seachtó bliain ó shin, ba chime cogaidh é i sluachampa géibhinn Naitsíoch san Ostair agus bhí sise ina hoibrí éigeantais le hiníon óg. An bhliain 1943 a bhí ann agus bhí an bheirt acu sna fichidí. Ní raibh teanga choiteann acu ach ina ainneoin sin, d’fhás cairdeas eatarthu agus chuidigh siad lena chéile dul i ngleic le saol crua an champa. D’oibrigh an bheirt acu i gceardlann fuála agus ba ghnách le Luigi rudaí deasa cosúil le hataí agus éadaí a fhuáil do Mokryna nuair a bhíodh an deis aige, agus thiomsaíodh sise greimeanna beaga bia dósan. D’fhás grá idir an bheirt acu sa timpeallacht dhearóil ghruama seo ach, ar nós scéal grá maith ar bith eile, bhí cúpla casadh sa bhealach rompu. Ní bhíonn bóthar an ghrá mín riamh.

Scaoileadh saor Luigi, Mokryna agus a hiníon Nadia, nuair a d’fhuascail fórsaí na gComhghuaillithe an campa i 1945. Cuireadh Mokryna agus a hiníon ar ais go dtí an Úcráin ach ní raibh cead ag Luigi iad a leanúint. Druideadh an Dallóg Iarainn agus leis sin, cailleadh aon dóchas a bhí acu go bhfeiceadh siad a chéile arís. D’imigh an t-am thart agus phós an bheirt acu daoine eile. D’oibrigh Luigi mar airgeadaí san Iodáil agus Mokryna mar oibrí comharfheirme san Úcráin. Ní dhearna ceachtar acu dearmad ar a chéile áfach agus choinnigh Luigi grianghraf Mokryna i gcónaí chomh maith le ribí gruaige dá cuid.

Searc nach Searcfar

I ndiaidh blianta fada agus Luigi anois ina bhaintreach, shocraigh sé scríobh chuig an chlár teilifise Rúiseach, ‘Zhdi Menya’ (‘Fan Liom’), a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís. Craoltar an clár san Úcráin chomh maith agus d’éirigh leo teacht ar Mokryna a bhí ina baintreach chomh maith agus í ina cónaí i sráidbhaile beag iargúlta i dtimpeallacht Dnipropetrovsk i lár na tíre.

Bhí deora i súile Luigi nuair a bhuail sé lena ghrá gheal beagnach seasca bliain i ndiaidh dóibh a bheith scartha óna chéile agus spreag an teacht le chéile tochtmhar seo na dealbhóirí, Oleksandr Morgatsky agus Gregory Kostjukov saothar a chruthú le comóradh a dhéanamh ar a gcaidreamh.

Rinneadh an dealbh, atá le feiceáil in aice le Droichead na Lánúineacha i bPairc Khreschatyi sa Chív mar chomóradh ar a ngrá seasmhach, agus, tráthúil go leor, is áit í sin a dtagann lánúineacha nuaphósta lena ngrá a chur in iúl dá chéile. Dúirt Luigi nuair a nochtadh an dealbh an mhí seo cháite, agus é gleasta ina éide airm, go raibh sé go mór faoi chomaoin ag muintir Chív agus na hÚcráine agus dúirt sé fosta gur mór an cúiteamh a bhí san aitheantas seo as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil.

Ní raibh sláinte Mokryna láidir go leor le bheith i láthair ar an lá ach tháinig a beirt gariníonacha ina háit ag rá gur theastaigh óna mamó a bheith i láthair go mór agus go raibh an scéal grá seo i ndiaidh brí nua a chur ina saol. In ainneoin nár ghlac Mokryna le tairscint phósta Luigi, atá anois 90 bliain d’aois, nuair a d’iarr sé a lámh uirthi, tá an bheirt acu ar ais ag suirí lena chéile mar a bhí fadó. In áit an champa san Ostair, tagann Luigi ar cuairt chuig Mokryna san Úcráin agus in áit na rudaí beaga fuaite a rinne sé mar bhronntanais di agus iad óg, tugann sé ola olóige agus cáis parmesan leis agus cuidíonn sé thart fána teach ag déanamh jabanna beaga dí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.