Tharraing saothar, Django Unchained, agus an seasamh a ghlac Quentin Tarantino ar Channel News, le Pat Butler agus tá sé an-mholtach chomh maith i leith scannán Spielberg ar Abe Lincoln.
‘Django Unchained’ - le Quentin Tarantino
‘Lincoln’ – le Stephen Spielberg
‘Django Unchained’
Más suim libh timpistí traenacha teilifíse is fiú breathnú ar an agallamh le Quentin Tarantino ar Channel 4 News ar an 11ú Eanair seo d’imigh. Ba chealg é Krishnan Gura-Murthy i bhfeoil íocóin mhóir ‘cineama na fola’. An-chrosnaíl go deo eatarthu. Ego vs. Ego. Yank versus Brit. Hertford College, Oxford vs. Knoxville, Tennessee. Sugar Ray Robinson vs. Jake LaMotta. Eolaí Siabhialta Queensbury vs. Beithíoch Fiáin na nAlt Lom. Bhí an lá ag ráig na feirge an babhta seo. Rud nach minic, ná nach beag. Níor leor an aclaíocht intleachta in éadan Tarantino Unchained.
Bhuaigh Tarantino an comhrac mar go raibh an ceart aige. Ceann de théamaí ‘Django Unchained’ ná an ‘Uileloscadh’ in éadan chine gorm Mheirceá, mar a thugann Tarantino ar chinedhíothú na sclábhaíochta. B’shin an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil le Krishnan. Ach ní shásódh aon rud eile fear Oxford ach síniú aitheantais Tarantino – an doirteadh fola grafach. Bhí Krishnan tógtha leis an ‘ceangal’ idir fhoréigean an scáileáin, ‘an foréigean catairseach, aiféiseach’, mar a thugann Tarantino air, agus an ‘nasc’ idir é agus foréigean sa tsochaí. Gach seans go raibh Krishnan ag smaoineamh ar an bharbaracht a scaoileadh den éill ag Sandy Hook, seachtainí beaga roimhe sin. Argóint thraochta na bpolaiteoirí is na meán, dar le Tarantino. Cuireadh Quentin bocht go bun na foighne ag bioráin Guru-Murthy. Ní thógfainn sin air.
Cé is Ciontaí Leis?
Níorbh iad muintir Hollywood a chuir Cairbín an Bushmaster .223 M4 i lámha Adam Lanza, gunnadóir Sandy High, ná a thaispeáin dó conas raidhfil amais dá leithéid a chur i bhfearas. Níorbh iad, ach comhghuaillithe claon eite na fíordheise - fantasóirí an Ghalair Mhóir Mheirceánaigh (féach Susan Faludi, ‘The Terror Dream – what 9/11 revealed about America’, 2007). Leithéid an NRA agus a mbrústocairí sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe ar Capitol Hill, ar ndóigh.
Och, achón, is mo ghéarghoin tinnis, a chairde Ghaeil.
‘Lincoln’
Cuireann ‘Lincoln’ scian fiosrach i bputóga an Tí chéanna sin i Washington in Earrach na bliana 1865. An Tríú Leasú Déag ar bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá á mbrú chun vóta ag Abraham Lincoln. Leasú Dhíbhunaithe na Sclábhaíochta. Críoch luath an Chogaidh Chathartha curtha sa bhfiontar aige dá bharr. Ba théadchleasaí é Lincoln ar son saoirse chine iomláin. Nach ait an mac an saol. Tú ag fanacht go foighdeach le scannán sclábhaíochta; ansin tagann dhá cheann, tiúchosach le heirbeall a chéile.
Tá ainm Stephen Spielberg ar ‘Lincoln’, ar ndóigh. Ní eisean a bhaineann an chraobh, áfach. Ach Tommy Lee Jones (An Feisire radacach Thaddeus Stevens) agus Daniel Day-Lewis (Lincoln). Ní minic, ná ní beag an méid sin ach an oiread. Sally Field (Mary Todd Lincoln) ag sodar ina dteannta.
Is treise ‘Lincoln’ ina pháirteanna seachas ina iomlán. Is mó de phíosa staire é ná scannán. Ní locht sin air, dar liom. Leathuair an chloig rófhada mar scannán, ar a laghad, ach is cuma faoi sin. Tugtar deis análaithe do scéal atá an-chasta. Má bhí cathair ghríobháin Machiaveilliach riamh ann, b’í polaitíocht na Tríú Leasa Déag í!
Níl Uachtarán gan Locht
Níor sheachain Spielberg an chamastaíl ab éigean do Lincoln a chleachtadh chun an vóta a chinntiú. D’réir chosúlachta, is fíor an píosa scripte a cuirtear i mbéal an Fheisire Thaddeus Stevens (Tommy Lee Jones) – ‘the most liberating Constitutional Amendment in history was passed by corruption, aided and abetted by the purest man in America’.
Dá fheabhas ar fad é Day-Lewis, tá Tommy Lee Jones ar a ghualainn. Fathaigh aisteoirí in aon chúngach le chéile. Is fiú iad beirt an tóin thinn a théann leis an dá uair a chloig go leith féachana. Agus bainfidh an juncaí polaitíochta, geallaimse duit, an-scléip go deo as. Is bónas breise é lúbra na polaitíochta i dteannta sárthaispeántas an triúir réaltaí.
Tá sé ina laige ag script ‘Lincoln’ nár nocht sé aon locht polaitiúil, dá laghad é, in Abraham Lincoln. Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige. Ach is laigí daonna príobháideacha iadsan.
Maidir le laigí polaitiúla - cuirtear téagar le focla Thaddeus Stevens (nár ghearráin iad ag an seanrógaire aclaí céanna) gur éascaigh Lincoln camastaíl pholaitiúil. Ach ní laige pholaitiúil í sin, ach bua. Oirbheart a thug an lá don ngníomh ab uaisle i stair ghairid SAM. Cé ar domhan a thógfadh sin air? Ach is achasán an-bheag an gearrán seo agam i bhfianaise snas an iomláin. Chuir Day-Lewis, Lee Jones agus Sally Field feoil bheo dhaonna ar phearsain ró-oirmhinneacha na staire. Bhí Lincoln le fada feoite fá ualach na ró-urraime. Fuair Day-Lewis réidh leis an ngearrthóg sin. Fear a raibh an ceart ina phríomhchloch ar a phaidrín ab ea sean-Abe. Duine daonna, tíriúil, greannúr, onórach, ach solúbtha, nuair nach raibh aon dul as aige – b’shin an Lincoln a chruthaigh Day-Lewis. Ach is fíor fós ná bíonn rith maith ag an each i gcónaí. Is trua nár scríobh Spielberg an barrthuisle sin dó.
Thairis sin is capaill folaíochta iad an triúr príomhaisteoir. Cos ná crúb níor chuireadar amú thar chúrsa fada ‘Lincoln’. Ach anois, i bhfianaise uisce-faoi-thalamh pragmatach Abe Naofa Uachtaráin, caithfead athbhreithniú a dhéanamh ar nath Giulio Andreotti, a rabhas ag tabhairt amach anseo faoi le deireannas: ‘You sometimes have to do evil in order to do good’. Cad faoi ‘C.J.’ an chéad dul eile, a Spielberg oinúin?