Chuaigh John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí thuairimí lucht saothraithe litríocht na Gaeilge leath tosaigh an chéid seo caite le treoir ó leabhar an Ollaimh Philip O Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39.
Cé nár réitigh sé beag ná mór lena mhúinteoir Gaelainne, Pádraig Mac Piarais, do thuig James Joyce gurbh í dígnit príomhchuspóir Chonradh na Gaeilge. Le linn díospóireachta cairdiúla i dtigh tábhairne éigin i Ulysses, d’éirigh le Joyce ionracas na dígnite sin a chur in iúl le híomhá chorraitheach. Déanann fear amháin comparáid idir muintir na Gaeilge agus na sean-Ghiúdaigh a cuireadh fé ghéibheann ag Pharaoh. Chuir an rí sin brú ar na Giúdaigh a dteanga dhúchais a thréigean agus nasc á dhéanamh aige freisin idir meán ársa na hEabhraise agus dramhaíol na staire. “Why will you Jews not accept our culture, our religion and our language?... you have but emerged from primitive conditions: we have a literature, a priesthood, an age long history and a polity.”
Tháinig an freagra ós na Giúdaigh: But, ladies and gentlemen, had the youthful Moses… bowed his head and bowed his will and bowed his spirit before that arrogant admonition he would never have brought the chosen people out of their house of bondage, nor followed the pillar of the cloud by day. He would never have spoken with the Eternal amid lightnings on Sinai’s mountaintop nor ever have come down with the light of inspiration shining in his countenance and bearing in his arms the tables of the law, graven in the language of the outlaw.”
Thuig Joyce go glé glinn an chumhacht a bhain le meán ársa a breacadh i dteanga na cosmhuintire, agus thuig sé freisin gur Moses nua ab ea Dúbhghlás de hÍde agus a chomhghleacaithe athbheocana. Is deacair éalú ón íomhá bhreá bhíoblach seo agus leabhar iontach an Ollaimh Philip O Leary á léamh ag duine, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39 (Cló Ollscoil Átha Cliath, 2004). D’éirigh leis insa leabhar seo fuinneamh, ionracas agus scoilteanna na glúine scríbhneoireachta fíorthábhachtaí seo a scagadh go híogair.
Dath Gallda ar Leabhar
Ní foláir nó gur léigh O Leary beagnach gach aon fhoinse Gaelach dár cruthaíodh ó ré an Chonartha go dtí teacht an Dara Chogaidh Dhomanda. Seo cúpla ceann desna seoda liteartha a thug sé fé ndeara, seoda a shoilsíonn na cathanna cultúrtha ba thábhachtaí le linn óige an tSaorstáit nua againn. Rinne Seoirse Mac Clúin iarracht ceachtanna Matthew Arnold a mhúineadh do lucht na Gaeilge ina leabhar Infhiúchadh ar Phrionnsabail, Fuirmeacha agus Léirmheastóireacht na Litríochta (1926), leabhar a mhol “the Arnoldian view of literature as a criticism of life…” Chuir léirmheastóir chantalach éigin i gcoinne an leabhair seo de dheascaibh na bhfoinsí Breatanacha, ach go háirithe Arnold agus aistí dianmhothaitheacha radacacha William Hazlitt agus rinne sé gearán mar gheall ar “dath gallda” iarracht Mhic Clúin.
Fearg, agus náire fiú, a chothaigh cáineadh den chineál sin i mbrollaigh daoine cosúil le Donn Piatt, Gaeilgeoir de leathbhunadh Meiriceánach a scríobh scéal éirimiúil searbhasach, “Na Néalladóirí”, (.i. daoine a fhéachann i dtreo na scamall de réir dealraimh). Agus aithris á dhéanamh ar shaothar H.G. Wells, shamhlaigh Piatt sa scéal seo beirt theangeolaí eachtracha speisialta. Ní cuairteoirí iad cosúil le George Derwent Thomson nó Robin “Bláithín” Flower. Tagann na daoine seo anuas go hÉirinn ó Mars! Cuireann siad ceist ar bheirt Ghaeilgeoirí mar gheall ar stair na teangan, agus sula bhfad ba léir ná “raibh siad ar aon aigne in aon cheist díobh. Do thrácht siad ar an ‘Ghaodhluinn’, is ar ‘Gaeilinn’, ar ‘Gaedhilg’, ‘Gaedhealg’ agus ‘Gaedhilge….agus bhí muintir shíothchánta Mars agus a mbéil ar leathadh acu, ag féachaint orthu.”
Liam Ó Rinn
Do chuir na scoilteanna inmheánacha i measc scríbhneoirí na Gaeilge isteach ar laoch mór an leabhair seo, Liam Ó Rinn (1886-1943) freisin. Ní raibh stad ná staonadh ón bhfear léannta seo agus é ag iarraidh iargúltacht an corpus liteartha Gaelach ón 19ú aois a dhíbirt. Ina leabhar tábhachtach mar gheall ar a dhlúthchara Stephen Mc Kenna, Mo chara Stíofáin (1939), rinne sé ionsaí ar chur chuige liteartha daingin Daniel Corkery a bhí lán go béal le rialacha casta. (Ba ghráin le Corkery “litríocht scaoilte”, ’sé sin litríocht gan structúr teibí réamhullmhaithe). Ba léir don Rinneach áfach nach gcabhródh an cur chuige docht seo leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail.
Do bhreac an tOllamh O Leary sliocht breá as Mo chara Stíofáin a bhaineann leis an bhfadhb seo: “Nuair a deirtear an focal beannaithe sin ‘litríocht”, a d’áitigh Ó Rinn, “is mó duine a chuimhníonn ar Hómér is ar Dhante, ar Shakespeare is ar Dhostoievski. Dá mbeadh ceathrar dá samhail sin againn dob’ oirearc an tabhartas ó Dhia iad, ach monuar! Is annamh a chítear a gcomhghile sin de réalta i gcuanta na spéire liteartha….[ach ní foláir a admháil freisin] nach iad na húdair mhóruaisle is mó a thaithníonn le formhór na ndaoine… Dá mbeadh Shakespeare Gaelach againn níor mhór dúinn Edgar Wallace Gaelach leis”.
Is ionann an rabhadh seo agus an rabhadh chéanna a thug Joyce cúpla bliain roimhe nuair a thug Bloom a shainmhíniú síoraí ar an ionracas: “Love, says Bloom. I mean the opposite of hatred.”
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.