Léiríonn Ciara Nic Gabhann bá áirithe le baincéirí san alt seo, baincéirí na hIodáile sa 15ú aois ní miste a rá, cionn as nár bheag an cion dá saibhreas a chothaigh na mínealaíona ag an am.
Leis an droch-chlú atá ar bhaincéirí faoi láthair, b’fhurasta beag is fiú a dhéanamh den tionchar a bhí acu ó thaobh maoiniú agus forbairt ealaíne de le linn na hAthbheochana san Iodáil sa 15ú aois. Bhí magnificentia mar sprioc lárnach in aimsir na hAthbheochana agus bhí toradh an chuspóra sin le feiceáil go mór mór sna míndana, san ailtíreacht agus sa léann. Tháinig an tacaíocht a spreag an mhórchruthaitheacht seo ó cheannaithe agus ó bhaincéirí, uasalaicme úr na linne sin, agus ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo a chaitheadh a gcuid airgid go feiceálach ar thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne. Léirigh a bhflaithiúlacht, ní hamháin a gcumhacht agus a mórshaibhreas saolta ach thaispéain sé fosta doimhneacht a spioradáltachta agus a móraigeantas chomh maith.
Is seoid de chuid na hAthbheochana í Flórans na hIodáile, agus tugann an chathair sin léargas soiléir dúinn ar an tionchar suntasach seo a bhí ag lucht rachmais an 15ú aois ar ealaín agus ar chultúr a dtíre. Bhí an tionchar le feiceáil in achan ghné den tsochaí agus go háirithe ar an dreach fhisiciúil - an dealbhóireacht, an ailtíreacht agus an phéintéireacht agus ba iad na baincéirí fosta a thug tacaíocht do bharrshamaileacha daonnachais, an fhealsúnacht a spreag an Athbheochain sa chéad dul síos.
Teaghlach Taca Lucht Ealaíne
Le linn na hAthbheochana bhí poblacht Flórans i gcroílár chóras ardchumhachtach nua baincéireachta a shín ó Londain soir go Cathair Chonstaintín (Iostambúl an lae inniu). Bhí an lámh in uachtar ag Banc na Medici, clann baincéireachta a bhí i réim ar feadh an chuid is mó den aois sin agus a thug mórthacaíocht d’aos dána na linne. Thug siad éarlamhacht go fial d’ealaiontóirí ar nós Masaccio, Brunelleschi, Donatello, Fra Angelico, Botticelli chomh maith le Leonardo da Vinci agus Michelangelo agus gan an tacaíocht sin, cá bhfios an mbeadh a leath den saothar taibhseach lonrach a d’fhág na healaíontóirí sin ina ndiaidh le feiceáil inniu againn.
De réir na hEaglaise, ba pheaca é ús a cheangal le hiasachtaí airgid agus nach raibh i ndán dóibh siúd a bhí ciontach ina leithéid ach beophianta Ifrinn. Chruthaigh sé seo fadhb mhorálta/trádála do bhaincéirí, aincheist a ndearna ealaíontóirí na haimsire sin a sáith machnamh uirthi. Chuir Dante úsairí airgid i gcuideachta lucht séanta Dé agus sodamaigh ar an léibhéal is ísle - an áit is déine pian – d’Ifreann ina leabhar La Divina Comedia.
Tugann an Pléimeannach, Marinus van Reyerswaele, léargas eile dúinn ar chruachás baincéara ina shaothar, Iasachtóir Airgid lena Bhean, ina bhfeiceann muid lanúin atá gafa lena gcuid airgid agus sa chúlra, mar chomhartha go bhfuil a n-anamacha i mbaol, tá coinneal múchta ann.
Cara sa Chúirt Thuas
Is mór an imní a chuireadh an éagsúlacht dearcaidh seo i measc an phobail ar bhaincéirí agus mar leorghníomh aithreachais, dhéanadh siad infheistíochtaí móra sna heaglaísí. Bhí siad ábalta leas a bhaint as an socrú seo ó thaobh cosaint spioradálta de agus dheimhnigh an saothar eaglaise a chruthaigh ealaíontóirí ar a son nach amháin gur éarlaimh chumhachtacha a bhí iontu ach go raibh siad fosta tábhachtach go leor le cur san áireamh i bpictiúir naofa.
Taispeánann Ghirlandaio saibhreas a phatrúin Tornabuoni tríd na meáin mórchostais, lapis lazuli nó leac neimhe, ór agus ruaim an chachtais a úsáideann sé i bhfreascó ’s aige Díbirt Joachim ón Teampall. Feictear ar thaobh na láimhe deise mac le Tornabuoni agus Piero di Lorenzo de Medici.
Chomh maith le saothar eaglaise, bhí ealaíontóirí gnóthach ag obair ar choimisiúin aonaracha d’úsairí agus do cheannaithe agus bhí an-tóir ar an saothar seo, go háirithe pictiúir aislingeacha Botticelli a bhí bunaithe ar an fhinscéalaíocht.
Bhí stádas ard ag ealaíontóirí agus ardéileamh ar a gcuid píosaí agus praghas ard margaidh dá réir orthu. Nó bhí, go dtí gur tháinig an Bráthair Girolamo Savonarola ar an saol lena chreideamh lom docht tréamanta. Ina cuid seanmóirí, dúirt sé gur chuir ealaín den sórt seo cathú ar dhaoine agus dá bhrí sin go raibh sí mímhorálta agus gur chóir í a scrios.
Ar an dea-uair, níor éirigh le Savonarola saothar ealaíne na hAthbheochana ar fad a loisceadh agus ainneoin gur chaill na Medici a ról sa tsochaí mar bhaincéirí, níorbh fhada gur tháinig siad chun tosaigh arís sa saol mar arduaisle.
Plus ça change, plus c’est la même chose.